Ráiteas maidir le ceapadh Sinéad McSweeney mar Choimisinéir Sábháilteachta ar Líne

Sinéad McSweeney landscape

Cuireann Coimisiún na Meán fáilte roimh cheapadh Sinéad McSweeney mar Choimisinéir Sábháilteachta ar Líne. Is iontach an taithí a thugann Sinéad isteach léi ón earnáil phoiblí agus ón domhan ar líne araon chuig rialtóir meán na hÉireann. Tá gach uile dhuine againn i gCoimisiún na Meán ag tnúth le bheith ag obair le Sinéad chun tírdhreach meán atá rathúil, éagsúil, cruthaitheach, sábháilte agus iontaofa a fhorbairt agus a rialú in Éirinn agus ar fud an hEorpa.

Ina cáil mar Choimisinéir Sábháilteachta ar Líne, beidh Sinéad ag obair i gcomhpháirt leis an gCoimisinéir um Sheirbhísí Digiteacha, John Evans maidir le Creat Sábháilteachta ar Líne na hÉireann a chur chun feidhme. Déanfaidh Sinéad maoirseacht ar obair na Rannóige Beartais, Taighde agus Straitéise, a thugann aghaidh ar raon uileghabhálach na saincheisteanna a bhaineann le sábháilteacht ar líne ar fud thírdhreach na meán. Tugann an Rannóg chéanna faoi thaighde chun bonn eolais a chur faoi fheidhmeanna uile na heagraíochta freisin.

Tá taithí ceannaireachta sinsearaí ag Sinéad san earnáil phoiblí agus phríobháideach araon le breis is 20 bliain. Tar éis di leathscór bliain a chaitheamh ag obair le Twitter, tá tuiscint go smior aici ar an gcaoi a n-oibríonn ardáin ar líne agus ar chineál síorathraitheach na ndúshlán a bhaineann do shábháilteacht daoine ar líne. Chaith sí ocht mbliana i róil ceannaireachta sinsearaí sa Gharda Síochána agus i Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann. Bhí ról aici mar chomhairleoir speisialta sa Roinn Dlí agus Cirt agus in Oifig an Ard-Aighne freisin, agus thosaigh sí a gairmréim amach san earnáil phoiblí mar thras-scríobhaí parlaiminteach i dTithe an Oireachtais. Bhí sí ag obair le Women for Election sa phost is déanaí a bhí aici, ar thionscadal Eorpach go príomha ina scrúdaítear leibhéil foréigin inscnebhunaithe a dhírítear ar pholaiteoirí ar mná iad.