An babhta is déanaí den Scéim Urraíochta seolta

Audience applauding

Sheol Coimisiún na Meán babhta nua dá Scéim Urraíochta inniu (23.09.2025), lena soláthrófar thart ar €300,000 maoiniúcháin chun tacú le raon imeachtaí agus gníomhaíochtaí a bhaineann leis na meáin as seo go ceann bliana.

Is féidir urraíocht a lorg le haghaidh imeachtaí in earnáil na meán atá ag teacht le Ráiteas Straitéise Choimisiún na Meán agus a aidhm chun tírdhreach meán sábháilte bisiúil a fhorbairt. Agus measúnú á dhéanamh ar na tograí, cuirfear san áireamh an cineál imeachta, an bhaint a bheidh aige le hobair an Choimisiúin, an luach ar airgead a bhainfidh leis, agus gnéithe promóisin a bheidh mar chuid den iarratas.

Dúirt Coimisinéir Forbartha na Meán Choimisiún na Meán Rónán Ó Domhnaill: ‘Tá ríméad orainn inniu an babhta is deireanaí dár Scéim Urraíochta a sheoladh, scéim a thabharfaidh tacaíocht d’imeachtaí agus do ghníomhaíochtaí meán do lucht féachana na hÉireann ar leibhéal náisiúnta agus i bpobail ar fud oileán na hÉireann – rud a chuirfidh i dtábhacht an éagsúlacht, an chruthaitheacht agus an nuálaíocht atá laistigh d’earnáil na meán in Éirinn.’

‘Cuideoidh na hiarratasóirí a gheobhaidh urraíocht sa bhabhta seo linn tírdhreach meán inbhuanaithe, iolraíoch agus rannpháirteach a chinntiú, agus tírdhreach a léiríonn cén sórt sochaí muid. Spreagfainn eagraíochtaí incháilithe ar fud na hÉireann smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar urraíocht má tá siad ag beartú imeacht ábhartha a chur ar bun sna meáin in 2026. Táimid ag tnúth le raon agus éagsúlacht na n-imeachtaí agus na ngníomhaíochtaí a fheiceáil de réir mar a bheidh siad ar bun as seo go ceann bliana.’

I measc na ndreamanna ó bhabhtaí roimhe den Scéim seo ar bronnadh urraíocht orthu bhí:

  • Féile Beochana an Daingin
  • Cruinniú GORM, 2025
  • Gradaim Scannán agus Teilifíse na hÉireann
  • Gradaim Chumarsáide an Oireachtais
  • Féile Scannán GAZE
  • Duais Choice Music
  • Radiodays Ireland

Is é meán lae ar an 21 Deireadh Fómhair 2025 an dáta deiridh chun iarratais a chur isteach.

Treoir d’iarratasóirí

Foirm iarratais