D’fhógair Coimisiún na Meán inniu (29.1.26) go mbeidh níos mó ná maoiniú €15 mhilliún ar fáil d’eagraíochtaí meán ar fud na hÉireann chun tacú le hiriseoireacht ar ardchaighdeán agus le hábhair nuachta agus cúrsaí reatha, agus chun tacú le huasoiliúint dhigiteach agus leis an nua-aoisiú suntasach ar threalamh agus ar theicneolaíocht, chun caoi a thabhairt don earnáil dul in oiriúint do dhomhan atá ag éirí níos digití agus fás ann freisin. Seachadfar an maoiniú trí chúig scéim ar leith.
Dúirt Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán le Coimisiún na Meán: “Déanann Coimisiún na Meán deimhin de go dtacaíonn ár dtírdhreach meán leis an daonlathas agus le luachanna daonlathacha, atá mar bhonn faoin dioscúrsa sibhialta agus a laghdaíonn tionchar na bréagaisnéise. Leis an méid sin a dhéanamh, ní mór dúinn tacú le hiriseoireacht inbhuanaithe ar ardchaighdeán agus is ionann fógra an lae inniu ar mhaoiniú suntasach ar fud na hearnála agus fianaise dár dtiomantas don chuspóir sin agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire Patrick O’Donovan as a chuid tacaíochta leanúnaí dár ngníomhaíochtaí forbartha meán.
“Is aidhm lenár scéimeanna iriseoireachta tacú le hiriseoirí cumasacha ábhair nuachta agus cúrsaí nuachta a chruthú, ábhair a bhíonn inrochtana, ar ardchaighdeán agus a dhéanann leas an phobail i mBéarla agus i nGaeilge. Creidimid, i gcomhar leis an Scéim um Chlaochlú Digiteach, go gcuirfidh na scéimeanna seo, atá neodrach ar ardáin, feabhas ar theacht aniar na n-eagraíochtaí meán, agus cuirfidh siad ar fáil dóibh na huirlisí agus na hacmhainní atá uathu chun go mbeidh rath orthu in earnáil atá ag éirí níos dúshlánaí. Lena chois sin, cuirfidh sin feabhas ar rochtain saoránach ar eolas ar ardchaighdeán faoi nuacht agus faoi chúrsaí reatha i gcóngar is i gcéin, rud a chinnteoidh daonra atá liteartha sna meáin agus a dhaingneoidh ár dtír i gcoinne na ndúshlán nua digiteach atá roimh ár ndaonlathas.”
Dúirt an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan, TD: “Cuirim fáilte mhór roimh an leithdháileadh seo ó Choimisiún na Meán. Cuideoidh tacaíocht a thabhairt d’iriseoireacht leasa phoiblí agus d’ábhar seirbhíse poiblí a sholáthar ag asraonta meán ar leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta lena chinntiú go leanfaidh ár meáin de bheith ag treisiú rannpháirtíochta phoiblí agus dioscúrsa daonlathaigh. Tá sé riachtanach scileanna foirne laistigh den earnáil a fheabhsú, mar aon le nuachóiriú bonneagair agus uirlisí digiteacha, chun inbhuanaitheacht na hearnála a chinntiú. Tá sé riachtanach freisin, le haghaidh daonlathais shláintiúil, cabhrú lenár meáin rath a bhaint amach i dtírdhreach atá ag athrú go tapa, agus tacú le soláthar leanúnach ábhar seirbhíse poiblí iontaofa, oibiachtúil agus inrochtana ag an am céanna.”
Cuirfidh babhta 2 de Scéim Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil agus de Scéim Tuairiscithe na gCúirteanna €5.7 milliún ar fáil chun tacú le hiriseoireacht ar son leas an phobail, ar bhonn atá neodrach ar ardán, ag tacú le 92 ról lánaimseartha agus páirtaimseartha ar leibhéal áitiúil agus náisiúnta. Tá tuairim is €1 mhilliún curtha i leataobh le haghaidh Scéimeanna Coimhdeacha, a reáchtálfar go comhthráthach, chun 41 togra fadfhoirme agus iniúchta a mhaoiniú. Seo an dara babhta maoinithe a dáileadh faoi na scéimeanna iriseoireachta seo agus leanann sé an chéad bhabhta maoinithe a raibh an-rath air anuraidh.
I mbliana, cuirfidh an Scéim Tuairiscithe Nuachta tuairim is €4 mhilliún ar fáil chun tacú le tuairisceoirí scéalta nuachta a chur i dtoll a chéile ina gclúdófar ábhair nach ndéantar clúdach suntasach orthu san earnáil nuachta faoi láthair nó a mbaineann an baol leo nach ndéanfar dóthain clúdaigh orthu. Cuireadh €3 mhilliún den mhaoiniú sin i leataobh le haghaidh earnáil an raidió tráchtála. Tacaíodh le 62 togra san iomlán faoin scéim seo.
Faoi Scéim Nuachta agus Cúrsaí Reatha na Teilifíse Tráchtála, bronnadh beagnach €3 mhilliún ar Virgin Media Television chun sruthanna ábhar a mhaoiniú a mbeidh de thoradh orthu líon suntasach clár nuachta agus cúrsaí reatha breise do lucht féachana sa bhliain amach romhainn.
Leis an Scéim um Chlaochlú Digiteach, clár nua píolótach 12 mhí, tabharfar maoiniú €2.7 milliún do 58 tionscadal chun tacú leis an uasoiliúint dhigiteach ar an bhfórsa saothair atá ann cheana féin trí oiliúint agus tríd an nua-aoisiú suntasach ar bhonneagar, uirlisí agus ar an teicneolaíocht dhigiteach. Cuideoidh an méid sin le heagraíochtaí meán treisiú agus dul san iomaíocht in earnáil náisiúnta agus dhomhanda na meán digiteach.