Scéimeanna iriseoireachta

Cuireann na Scéimeanna Iriseoireachta maoiniú ar fáil chun clúdach na n-údarás áitiúil agus na n-éisteachtaí cúirte dúiche agus cuarda a fhorlíonadh agus a fheabhsú. Bunaíodh iad sin tar éis moladh a fháil ón Tuarascáil ón gCoimisiún um Thodhchaí na Meán.

Tacóidh na Scéimeanna le hearnáil na meán agus le hiriseoireacht leasa phoiblí inrochtana ar ardchaighdeán ar fud na hÉireann.

Scéim Tuairiscithe Nuachta – Comhairliúchán

Tá comhairliúchán le páirtithe leasmhara don scéim phíolótach um Thuairisciú Nuachta oscailte anois.

Chun cóipeanna den dréachtscéim a fháil, seol ríomhphost chugainn ag [email protected] (líne ábhair: Comhairliúchán NRS). Is féidir leat do fhreagra a sheoladh ar ríomhphost chuig [email protected] (líne ábhair: Comhairliúchán NRS) nó is féidir leat foirm a chlárú agus a chomhlánú ar líne ag: cnam.submit.com

Is é an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí: Dé Máirt, an 22 Iúil 2025.

Scéim Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil

Is é príomhchuspóir na Scéime seo a chinntiú go gcuimsíonn na meáin áitiúla tuairisciú ardchaighdeáin ar institiúidí agus údaráis phoiblí, áit a mbreithnítear saincheisteanna atá tábhachtach do shaoránaigh.

Scéim Tuairiscithe na gCúirteanna

Is é príomhchuspóir na Scéime seo tacú leis an ról ríthábhachtach atá ag soláthraithe seirbhíse meán i dtuairisciú ardchaighdeáin ar imeachtaí cúirte ar leibhéal áitiúil agus réigiúnach agus feabhas a chur air. 

Na babhtaí maoiniúcháin atá ann faoi láthair

Is é Babhta 1 babhta na Scéimeanna Iriseoireachta atá ann faoi láthair.

Stádas: Tá na hiarratais dúnta.

Conas iarratas a dhéanamh

Foilsítear Treoirleabhar d’Iarratais le haghaidh gach babhta maoiniúcháin.  Ní mór gach iarratas a chur isteach trínár dtairseach:

Babhtaí maoiniúcháin atá ar na bacáin

Babhta maoiniúcháin #Téama/Formáid an BhabhtaDáta OscailteDáta DeiridhTáthar ag súil le Cinntí Maoiniúcháin
Round 2TBCTBCTBCTBC

Cinntí maoinithe le déanaí

 Léigh faoi thorthaí ár mbabhtaí maoiniúcháin is déanaí: 

Measúnóirí seachtracha

Déanann foirne measúnóirí seachtracha measúnú ar na hiarratais, measúnóirí a roghnaítear bunaithe ar a dtaithí ábhartha agus ar théama nó formáid gach babhta.

Léirithe Spéise le haghaidh Measúnóirí Saineolaithe

Tá Coimisiún na Meán ag iarraidh, ar bhonn leanúnach, iarrthóirí a bhfuil an taithí chuí acu a fhostú chun gníomhú mar Mheasúnóirí Saineolaithe chun measúnú a dhéanamh ar iarratais ar dheontais don Scéim Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil (LDRS) agus don Scéim Tuairiscithe Cúirteanna (CRS), agus do na Scéimeanna Tuairiscithe um Chlaochlú Digiteach agus Nuacht atá ar na bacáin.