
D’fhoilsigh Coimisiún na Meán cinneadh inniu (17.10.2025) i dtaca le dhá sholáthraí seirbhísí óstála faoin Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne. Chinn Coimisiún na Meán go bhfuil seirbhísí WhatsApp Ireland Limited (i leith na seirbhíse Channels) agus Pinterest ‘neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta’.
I ndlí an Aontais Eorpaigh (AE), déantar ábhar sceimhlitheoireachtas a shainmhíniú mar:
- ábhar lena ngríosaítear cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh, amhail trí ghníomhartha sceimhlitheoireachta a ghlóiriú;
- ábhar lena ndéantar cionta sceimhlitheoireachta a mholadh;
- ábhar lena n-iarrtar ar dhuine nó ar ghrúpa daoine cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh, nó rannchuidiú leo sin a dhéanamh;
- ábhar a ghríosaíonn, a mheallann, a bhagraíonn nó a chuireann treoir ar fáil maidir le cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh;
- ábhar lena n-iarrtar ar dhuine nó ar ghrúpa daoine páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí grúpa sceimhlitheoireachta;
- ábhar lena ndéantar teagasc a chur ar fáil maidir le pléascáin, airm thine nó armáin eile nó substaintí guaiseacha nó díobhálacha a dhéanamh agus a úsáid, nó maidir le modhanna agus teicnící sonracha eile chun críocha cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh nó rannchuidiú leo sin a dhéanamh;
- ábhar ar bagairt é chun cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh.
Is cuid amháin é an Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireacht ar Líne (RASL) de Chreat Sábháilteachta ar Líne Choimisiún na Meán. Cuireann an RASL sásra ar fáil ar fud an AE chun aghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne agus chun a chinntiú go mbaineann soláthraithe seirbhísí óstála ábhar sceimhlitheoireachta go tapa.
Faoin RASL, féadtar go ndéanfar cinneadh go bhfuil soláthraithe seirbhísí neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta má fhaigheann siad dhá ordú baint anuas nó níos mó ó údaráis inniúla de chuid an Aontais le 12 mhí anuas. Tháinig An Coiimisiún ar an gcinneadh seo tar éis gur tugadh fógra faoih dhá ordú baint anuas nó níos mó i dtaca leis na soláthraithe seo agus tar éis dul i dteagmháil leis na soláthraithe seo. Rinne An Coimisiún an cinneadh seo i gcomhréir lena Chreat um Chinntí, a foilsíodh i mí an Mheithimh 2024.
Mar thoradh leis an gcinneadh seo, beidh ar Pinterest agus WhatsApp Ireland Limited (i leith na seirbhíse Channels) bearta sonracha a dhéanamh chun a seirbhísí a chosaint óna n-úsáid chun ábhar sceimhlitheoireachta a scaipeadh, agus tuairisciú chuig Coimisiún na Meán laistigh de thrí mhí ón gcinneadh a fháil, ar na bearta sonracha atá déanta. Beidh ne bearta seo éifeachtach, spriocdhírithe agus comhréireach, agus beidh siad measúil maidir le cearta bunúsacha na n-úsáideoirí.
Déanfaidh Coimisiún na Meán na gníomhartha maolaitheacha a dhéanann na soláthraithe a mhaoirsiú agus a mheas. Má cheapann An Coimisiún nach gcomhlíonann na bearta sonracha atá déanta ceanglais reachtacha, tabharfaidh An Coimisiún cinneadh don soláthraí seirbhísí óstála á cheangal air na bearta riachtanacha a chur i gcrích d’fhonn a chinntiú go gcloítear leis na forálacha reachtacha.
Anuraidh, rinne Coimisiún na Meán ceithre chinneadh tosaigh faoin RASL, go raibh seirbhísí TikTok, X agus Meta (i dtaca le Instagram agus Facebook) ‘neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta’. Leanfaidh an Coimisiún na ceithre sheirbhís seo a mhaoirsiú. Bíonn An Coimisiún i dteagmháil rialta agus ag lorg eolais breise ó na soláthraithe seo faoi na bearta sonracha atá déanta acu chun a n-úsáideoirí a chosaint ó ábhar sceimhlitheoireachta mar a leagtar síos in Airteagal 5 (2) agus (3) den Rialachán.
Má sháraíonn soláthraithe seirbhísí óstála an Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne, féadfar fíneálacha riaracháin a ghearradh, lena n-áirítear píonóis airgeadais suas le ceathair faoin gcéad den láimhdeachas iomlán.