Cuireadh ar Léirithe Spéise i gConradh Craolacháin Fuaime

Microphone in a professional recording or radio studio

Chuir Coimisiún na Meán inniu (10.12.2025) fógra poiblí i nuachtán náisiúnta ag lorg léirithe spéise i gconradh craolacháin fuaime chun an tseirbhís seo a leanas a sholáthar.

  • Gar-náisiúnta – Seirbhís craolacháin fuaime chainte agus nuachta 

Tá an Conradh, atá faoi láthair ag Bauer Audio Ireland Limited, mar chomhpháirt ghinearálta ar son Bauer Audio Ireland LP agus iad ag craoladh mar Newstalk, le dul in éag an 31 Nollaig 2026.

Iarrtar ar pháirtithe leasmhara an Treoir um Léirithe Spéise a léamh go cúramach agus an Fhoirm um Léiriú Spéise a chomhlánú ina hiomláine. Tá an dá cháipéis ar fáil thíos.

Moltar dóibh freisin tagairt a dhéanamh don Treoir Tháscach maidir le Ceadúnú Iomaíoch. 

Is é an spriocdháta do léirithe spéise 12 meán lae, an Luan, 9 Feabhra 2026. ghlacfar le haighneachtaí déanacha.