Glao ar aighneachtaí, Litearthacht sna Meáin le dul i gCoinne na Bréagaisnéise

Older couple using laptop

Inniu (10.03.2026), d’eisigh Coimisiún na Meán glao ar aighneachtaí do mhaoiniú le haghaidh tionscadail faoi Litearthacht sna Meáin agus Dul i gCoinne na Bréagaisnéise in 2026.

Sa Straitéis Náisiúnta Frith-Bhréagaisnéise, a foilsíodh in Aibreán 2025, tarraingíodh aird ar ‘Tuiscint ar na meáin agus lárscileanna critice a chur chun cinn mar mhodh tábhachtach oibre in aghaidh na bréagaisnéise’. Sainmhínítear litearthacht sna meáin mar ‘na scileanna agus an t-eolas is gá chun rogha lán eolais a dhéanamh faoin ábhar meán cumarsáide agus na seirbhísí a úsáideann daoine, a chruthaíonn siad agus a scaipeann siad’.

Mar chuid de Bhuiséad 2026, leithdháileadh €1.1 milliún chun tacú le cur i bhfeidhm na Straitéise trí thionscnaimh lena n-áirítear taighde, litearthacht sna meáin agus seiceáil fíricí. Mar chuid den mhaoiniú sin, tá sé beartaithe ag Coimisiún na Meán suim thosaigh €200,000 a thabhairt amach in 2026 chun tacú le heagraíochtaí a sholáthraíonn gníomhaíochtaí a bhaineann le litearthacht sna meáin.

Seo an chéad cheann de dhá ghlao a eiseofar in 2026. Beidh sé chuspóir ag an dara glao ar aighneachtaí miondeontais a sholáthar do ghníomhaíochtaí pobal-lárnacha litearthachta sna meáin.

Beidh eagraíochtaí incháilithe in ann iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú le haghaidh tionscadail a sholáthraíonn ceann amháin ar a laghad de na cuspóirí seo a leanas:

  • Eolas eimpíreach faoi straitéisí éifeachtacha litearthachta sna meáin a chur chun cinn chun gníomhú in aghaidh na bréagaisnéise chomh maith le léargas ar riachtanais agus ar inniúlachtaí na n-earnálacha difriúla a chuireann litearthacht sna meáin ar fáil ar feadh na saolré a chur chun cinn.
  • Cur chun feidhme Straitéis Náisiúnta na Leabharlann Poiblí 2023-2027 ‘Is í an Leabharlann an Áit’.
  • Obair i gcomhar le príomh-chomhpháirtithe agus le líonraí bunaithe chun ábhar oideachais a fhorbairt a chumhachtaíonn muintir na hÉireann le scileanna agus le heolas chun roghanna feasacha a dhéanamh maidir leis an ábhar meáin agus leis na seirbhísí meán a thomhlaíonn siad, a chruthaíonn siad agus a scaipeann siad.
  • Measúnú a dhéanamh ar thionchar agus dea-chleachtas a ghabháil do sholáthar amach anseo.

Dúirt Rónán Ó Domhnaill, ár gCoimisinéir Forbartha na Meán: “Creideann Coimisiún na Meán i bhforbairt tírdhreacha meán a thacaíonn leis an daonlathas agus le luachanna daonlathacha, atá mar bhonn faoin dioscúrsa sibhialta agus a laghdaíonn tionchar na bréagaisnéise. Is mian linn aitheantas a thabhairt do thacaíocht na Roinne Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt le soláthar an mhaoinithe seo, agus mholfaimis d’eagraíochtaí incháilithe tionscadail a chur isteach roimh an spriocdháta 13 Aibreán 2026. Bíonn an litearthacht sna meáin i mbarr a héifeachta agus acmhainneacht agus muinín á gcothú ag leibhéal an duine aonair agus na sochaí, agus trí chuidiú le daoine gach rud a fheiceann agus a chloiseann siad ar fud na meán craolta, cló agus ar líne a mheas go criticiúil.”

Dúirt an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan, TD: “Is mór an dúshlán an bhaineann leis an mbréagaisnéis don díospóireacht dhaonlathach agus do chumas daoine dul i muinín an mhéid a fheiceann siad agus a léann siad ar líne. Trí Bhuiséad 2026, tá €1.1 milliún leithdháilte ag an Rialtas chun tacú le cur i bhfeidhm na Straitéise Náisiúnta Frith-Bhréagaisnéise, agus cuimsíonn sé sin tionscnaimh a neartaíonn litearthacht sna meáin agus seiceáil fíricí.

“Is céim thábhachtach é an glao seo ar mhaoiniú ó Choimisiún na Meán lena chinntiú gur féidir le heagraíochtaí ar fud na hÉireann tionscadail a fhorbairt a chuidíonn le daoine an fhaisnéis a dtagann siad uirthi gach uile lá a thuiscint níos fearr agus a mheas go criticiúil. Agus muid ag cur borradh faoin litearthacht sna meáin ar fud ár bpobal, táimid ag cuidiú chun sochaí níos acmhainní agus níos feasaí a chothú.”

Déanfaidh painéal ar a mbeidh foireann Choimisiún na Meán, ionadaí ón Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, agus beirt mheasúnóirí neamhspleácha ag a bhfuil saineolas ábhartha measúnú orthu.