Gach Nuacht

Iarratais do Scéim Urraíochta á Lorg ag Coimisiún na Meán

Foilsithe ar

14,11,2023

Maoiniú suas le €150,000 ar fáil d’imeachtaí agus gníomhaíochtaí atá bainteach leis na meáin

Inniu, d’oscail Coimisiún na Meán, gníomhaireacht rialála agus forbartha mheáin na hÉireann, gairm d’iarratais faoina Scéim Urraíochta chun tacú le réimse imeachtaí agus gníomhaíochtaí atá bainteach leis na meáin le linn 2024.

Beidh maoiniú suas le €150,000 ar fáil. Is féidir le hiarrthóirí urraíocht a lorg le haghaidh imeachtaí/gníomhaíochtaí aon uaire, gnéithe laistigh d’imeacht níos mó nó laistigh de chlár gníomhaíochtaí nó sraith de imeachtaí/gníomhaíochtaí atá nasctha lena chéile. 

Is é cuspóir Choimisiún na Meán tírdhreach rathúil, éagsúil agus sábháilte a chothú ar líne agus ar na meáin agus tá sé ag lorg iarratais chun urraíocht a thabhairt d’imeachtaí agus do ghníomhaíochtaí atá ag teacht lena Chlár Oibre , chun tacú le hearnáil na meán i gcoitinne agus chun feasacht a chruthú ar obair an Choimisiúin.

I ráiteas, dúirt Coimisinéir um Fhorbairt na Meán, Rónán Ó Domhnaill: “Is deis iontach d’iarratasóirí í an Scéim Urraíochta tacaíocht a lorg le haghaidh a ngníomhaíochtaí atá bainteach leis na meáin, agus iad ag pleanáil don bhliain atá romhainn. Tá an Coimisiún ag tnúth le tograí maoinithe a thacaíonn le forbairt, cruthaitheacht agus ilghnéitheacht earnáil na meán, a léiríonn agus a chuireann ár gClár Oibre chun cinn.”

Is é an dáta deireanach d’iarratais ar an Scéim Urraíochta ná meán lae ar an Máirt, 12ú Nollaig 2023. Is féidir teacht ar eolas faoi cháilitheacht agus conas is féidir iarratas a dhéanamh i dtreoir agus i bhfoirm iarratais.

CRÍOCH

Sonraí teagmhála do na meáin: Joanne Ahern DHR Communications, Fón: 087-9881837

Ceisteanna eile: Údarás Craolacháin na hÉireann, 01-6441200.

Nótaí d’Eagarthóirí

Maidir le Coimisiún na Meán:

Coimisiún nua na hÉireann chun craoltóirí, seirbhísí ar éileamh agus na meáin ar líne a rialáil, agus chun tacú le forbairt na meán is ea Coimisiún na Meán. Bunaíodh é i mí an Mhárta 2023 faoin Acht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán Ar Líne 2022, agus tógann sé ar obair a réamhtheachtaí, Údarás Craolacháin na hÉireann. Tá sé freagrach as tírdhreach rathúil agus éagsúil meán a chinntiú agus a choinneáil ar bun in Éirinn a éascaíonn meascán guthanna, tuairimí agus foinsí nuachta agus cúrsaí reatha, chomh maith le timpeallacht shábháilte ar líne.

Is iad seo a leanas a chuid freagrachtaí:

  • Maoirseacht a dhéanamh ar mhaoiniú earnáil na meán i gcoitinne in Éirinn agus tacú le forbairt na hearnála sin.
  • Maoirseacht a dhéanamh ar rialáil seirbhísí craolacháin agus físeáin ar éileamh.
  • Córas rialála na hÉireann maidir le sábháilteacht ar líne a fhorbairt agus a fhorfheidhmiú.