Gach Nuacht

Ráiteas Choimisiún na Meán maidir le heachtraí i mBaile Átha Cliath ar an 23 Samhain

Foilsithe ar

27,11,2023

Ar an gcéad dul síos, tá smaointe Choimisiún na Meán le híospartaigh na sáite uafásacha i mBaile Átha Cliath inné, lena dteaghlaigh agus lena bpobail.

Nuair a tháinig muid ar an eolas faoin eachtra, chuamar i dteagmháil láithreach le hardáin mhóra ar líne chun iad a chur ar an eolas faoin eachtra ionas go bhféadfaidís freagra a thabhairt. Go sonrach, chuireamar imní in iúl faoi:

  • Íomhánna nó físeáin den eachtra á roinnt ar líne, as meas ar na híospartaigh agus chun cosc a chur ar leanaí agus ar dhaoine fásta radhairc glinne den fhoréigean a fheiceáil ar líne.
  • Úsáid an eachtra seo chun foréigean in aghaidh daoine aonair nó grúpaí a spreagadh.

Faoi Acht um Sheirbhísí Digiteacha an AE, tá oibleagáid ar Ardáin Mhóra Ar Líne sraith rioscaí a bhaineann le húsáid a gcuid seirbhísí a mheasúnú agus a mhaolú, lena n-áirítear éifeachtaí diúltacha ar shlándáil an phobail. Tá dualgas orthu freisin údaráis forfheidhmithe dlí a chur ar an eolas má thagann siad ar an eolas faoi chion coiriúil iarbhír nó féideartha a bhaineann le sábháilteacht an phobail.

Tar éis ár dteagmhála d’fhreagair na hardáin mhóra tráthnóna inné agus tuigimid go bhfuil a bpleananna freagartha ar theagmhais curtha i ngníomh acu. Tá tuilleadh plé á dhéanamh againn leis na hardáin inniu chun eolas breise a bhailiú faoin mbealach ar fhreagair siad an eachtra seo agus conas a dhéileálfaidh siad le haon saincheisteanna a thiocfaidh chun cinn amach anseo.

Táimid i dteagmháil leis an nGarda Síochána freisin agus iad ag leanúint ar aghaidh ag freagairt d’eachtraí an lae inné.

Leag na heachtraí foréigneacha inné na rioscaí a bhaineann le bréagaisnéis agus mífhaisnéis don daonlathas nua-aimseartha. Ba mhaith linn go mbeadh a fhios ag daoine go mbíonn borradh ar bhréagaisnéis agus ar mhífhaisnéis aon uair a bhíonn eachtra ardphróifíle.

Ag teacht leis an bhfeachtais mhúscailte feasachta poiblí atá á reáchtáil againn i gcomhar le Media Literacy Ireland, molaimid do gach duine an chomhairle Stop, Smaoinigh agus Seiceáil go bhfuil an fhaisnéis atá á fáil acu, ó cibé foinse, cruinn agus iontaofa a leanúint.

CRÍOCH

Teagmháil leis na meáin: Joanne Ahern, DHR Communications, Teil: 087-9881837

Gach ceist eile: Coimisiún na Meán, 01-6441200.

Nóta d’Eagarthóirí:

Faoi Coimisiún na Meán:

Is é Coimisiún na Meán coimisiún nua na hÉireann chun craoltóirí, seirbhísí ar éileamh, agus na meáin ar líne a rialáil, agus chun tacú le forbairt na meán. Bunaithe i mí an Mhárta 2023 faoin Acht um Shábháilteacht ar Líne agus um Rialáil Meáin 2022, tógann sé ar obair a réamhtheachtaí, Údarás Craolacháin na hÉireann. Tá sé freagrach as tírdhreach meán rathúil agus éagsúil na hÉireann a chinntiú agus a chothabháil a éascaíonn meascán de ghuthanna, tuairimí agus foinsí nuachta agus cúrsaí reatha, chomh maith le timpeallacht shábháilte ar líne.

Is iad a fhreagrachtaí ná:

  • Maoirseacht a dhéanamh ar mhaoiniú earnáil na meán níos leithne in Éirinn agus tacú lena forbairt.
  • Maoirseacht a dhéanamh ar rialáil seirbhísí craolacháin agus físeáin ar éileamh.
  • Córas rialála na hÉireann a fhorbairt agus a fhorfheidhmiú maidir le sábháilteacht ar líne.

Is féidir comhairle a fháil faoi mhífhaisnéis agus faoi bhréagaisnéis ag https://www.bemediasmart.ie/