Mionchistí um Lithearthacht sna Meáin agus Dul i gCoinne na Bréagaisnéise

Older couple using laptop at home

D’eisigh Coimisiún na Meán glao inniu (03.09.2026) ar iarratais ar mhaoiniú chun tacú le tionscadail litearthachta sna meáin agus tionscadail le cur i gcoinne na bréagaisnéise in 2026.

Sa Straitéis Náisiúnta Frith-Bhréagaisnéise, a foilsíodh i mí Aibreáin 2025, leagadh béim ar ‘litearthacht sna meáin agus bunscileanna criticiúla a chur chun cinn mar shásra tábhachtach chun cur i gcoinne na bréagaisnéise’. Sainmhínítear litearthacht sna meáin mar ‘na scileanna agus an t-eolas chun roghanna eolasacha a dhéanamh maidir leis an ábhar meán agus na seirbhísí meán a úsáideann, a chruthaíonn agus a scaipeann úsáideoirí’. 

Mar chuid de Bhuiséad 2026, leithdháileadh €1.1 milliún chun tacú le cur chun feidhme na Straitéise trí thionscnaimh lena n-áirítear taighde, litearthacht sna meáin agus seiceáil fíricí.

Is é seo an dara ceann de dhá ghlao a eisíodh in 2026. Tá Coimisiún na Meán ag lorg iarratas ar mhaoiniú deontais le haghaidh tionscnaimh litearthachta sna meáin faoina Mhicri-Chiste um Litearthacht sna Meáin le Cur i gCoinne na Bréagaisnéise agus faoina Chiste Nuálaíochta um Litearthacht sna Meáin le Cur i gCoinne na Bréagaisnéise

Tá €100,000 san iomlán ar fáil d’eagraíochtaí lenar féidir leo gníomhaíochtaí litearthachta sna meáin a chur ar fáil i gcomhréir leis an Straitéis Náisiúnta Frith-Bhréagaisnéise (NCDS). Tá Snáithe A agus Snáithe B i gceist leis an nglao seo ar iarratais: 

Snáithe A: An Micri-Chiste um Litearthacht sna Meáin le Cur i gCoinne na Bréagaisnéise 

Féachfar i Snáithe A le micridheontais a chur ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí pobalbhunaithe litearthachta sna meáin, agus luach na ndeontas idir €500 agus uasmhéid €3,000 in aghaidh an iarratais.

Cuirtear fáilte faoi Shnáithe A roimh iarratais ó eagraíochtaí agus comhlachtaí atá fréamhaithe i bpobail (grúpaí pobail agus deonacha, lena n-áirítear Comhordaitheoirí Leathanbhanda in Údaráis Áitiúla, Grúpaí Gníomhaíochta Áitiúla agus cláir oiliúna pobail). Ba cheart an maoiniú a fhaightear a úsáid chun gníomhaíochtaí litearthachta sna meáin a fhorbairt, a éascú, a fheabhsú nó a chur ar fáil ar an leibhéal áitiúil nó pobail.

Snáithe B: An Ciste Nuálaíochta um Litearthacht sna Meáin le Cur i gCoinne na Bréagaisnéise 

Féachfar i Snáithe B le deontais suas le huasmhéid €25,000 in aghaidh an iarratais a chur ar fáil do thionscadail nuálaíochta chomhoibríocha.

Tá sé dírithe ar iarratais ó chuibhreannas ar bith ina bhfuil dhá chomhlacht nó níos mó. Ba cheart an maoiniú a fhaightear a úsáid chun cur i gcoinne na bréagaisnéise trí ghníomhaíochtaí litearthachta sna meáin ar an leibhéal réigiúnach nó náisiúnta.

Dúirt Rónán Ó Domhnaill, an Coimisinéir um Fhorbairt na Meán ag Coimisiún na Meán: Trínár Mionchistí um Lithearthacht sna Meáin agus Dul i gCoinne na Bréagaisnéise, tá Coimisiún na Meán ag iarraidh cur ar chumas daoine roghanna feasacha meán a dhéanamh. Cuirimid fáilte roimh iarratais ó eagraíochtaí pobalbhunaithe a bheidh in ann ard-thograí litearthachta sna meáin a chur ar fáil chun tacú leis an bpobal a bheith sábháilte agus muiníneach agus iad ag glacadh páirte i dtimpeallachtaí ar líne; nó ó chuibhreannais de níos nó ná dhá eagraíocht le haghaidh tograí nuálacha litearthachta sna meáin ag díriú ar phobail réigiúnacha nó náisiúnta.

Is é 12 meán lae an 9 Deireadh Fómhair 2026 an dáta deiridh le haghaidh iarratas.

Reáchtálfar seimineár gréasáin d’iarratasóirí ionchasacha ar MS Teams ag 12 meán lae Dé Céadaoin, an 16 Meán Fómhair 2026.Tugtar cuireadh d’iarratasóirí clárú don imeacht.