Chuir Foireann Fiosrúchán Choimisiún na Meán tús inniu (08.09.2026) leis an gcéad fhiosrúchán foirmiúil faoi Chód Sábháilteachta ar Líne na hÉireann, ar sholáthraí an ardáin ar líne X (X).
Tar éis athbhreithnithe a rinne Foireann Maoirseachta Ardáin an Choimisiúin, tháinig ábhair imní chun cinn i ndáil le cur chun feidhme neamhéifeachtach féideartha na sásraí dearbhaithe aoise ag X. Faoin gCód Sábháilteachta Ar Líne, ceanglaítear dearbhú aoise ar an ardán X chun a chinntiú nach bhfeiceann leanaí físeáin ina léirítear pornagrafaíocht nó foréigean atá as cuimse/tromchúiseach agus gan údar nó gníomhartha cruálachta ar an ardán.
Ar leithligh, ós rud é go gceadaíonn ardán X ábhar do dhaoine fásta amháin agus go gceadaíonn sé do leanaí faoi bhun 16 bliana d’aois a sheirbhís a úsáid freisin, ceanglaítear air leis an gCód Sábháilteachta ar Líne córais rialúcháin tuismitheoirí a sholáthar lena chinntiú go mbeidh smacht ag tuismitheoirí agus caomhnóirí ar an gcineál ábhair a dtagann a leanaí air. Tá imní ann go bhféadfadh sé nach mbeadh na rialúcháin tuismitheoirí atá curtha i bhfeidhm ag X éifeachtach, nach mbeadh na híosfheidhmeanna is gá acu, go mbeadh sé deacair teacht orthu agus nach dtarraingeofaí aird úsáideoirí nua orthu ag céim an chláraithe, mar a cheanglaítear leis an gCód.
Leis an bhfiosrúchán, scrúdófar an méid seo a leanas:
- An bhfuil bearta éifeachtacha dearbhaithe aoise i bhfeidhm ag X chun a chinntiú nach féidir le leanaí an t-ábhar físeáin do dhaoine fásta amháin a fheiceáil de ghnáth. Ní mheastar dearbhú aoise atá bunaithe go hiomlán ar fhéindearbhú a bheith éifeachtach – Alt 12(10) den Chód Sábháilteachta ar Líne.
- An bhfuil na córais rialúcháin tuismitheoirí atá i bhfeidhm ag X faoi rialú an úsáideora deiridh maidir le hábhar a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh d’fhorbairt fhisiciúil, mheabhrach nó mhorálta na mionaoiseach – Alt 14(1) den Chód Sábháilteachta ar Líne.
- An bhfuil na feidhmeanna íosta a cheanglaítear faoin gCód ag na córais rialúcháin tuismitheoirí atá curtha i bhfeidhm ag X – Alt 14(2) den Chód Sábháilteachta ar Líne.
- An dtarraingíonn X aird úsáideoirí go cuí ar na córais rialúcháin tuismitheoirí a chuireann sé ar fáil – Alt 14(4) den Chód Sábháilteachta ar Líne.
- An gcinntíonn X go gcuirtear na córais rialúcháin tuismitheoirí ar fáil mar rogha d’úsáideoirí nua ar chlárú cuntais – Alt 14(5) den Chód Sábháilteachta ar Líne.
Dúirt John Evans, Coimisinéir um Sheirbhísí Digiteacha Choimisiún na Meán: “Tá buncheart ag leanaí páirt a ghlacadh sa tsochaí, lena n-áirítear an saol digiteach, agus a bheith cosanta ar dhíobháil, mí-úsáid agus dúshaothrú ar líne. Agus Cód Sábháilteachta ar Líne na hÉireann á fhorbairt againn, ba é an príomhfhócas a bhí againn i gCoimisiún na Meán leanaí a chosaint ar ábhar mídhleathach agus díobhálach ar líne agus a chinntiú go mbeadh modhanna níos láidre ag tuismitheoirí agus caomhnóirí chun eispéiris a leanaí ar líne a mhúnlú.
Tá an aidhm atá againn soiléir: tá tírdhreach meán uainn a sheasann le cearta, folláine agus forbairt leanaí, agus a thacaíonn lena rannpháirtíocht shábháilte le hábhar. Leis an gCód Sábháilteachta Ar Líne, cuid amháin dár gCreat Sábháilteachta ar Líne, thugamar breac-chuntas ar a bhfuil coinne leis ó ardáin comhroinnte físeán a úsáideann leanaí agus atá inrochtana do chách.
Ní mór d’ardáin atá inrochtana do leanaí agus a cheadaíonn ábhar físeáin do dhaoine fásta amháin, amhail pornagrafaíocht nó foréigean atá as cuimse agus gan údar nó gníomhartha cruálachta, a chinntiú nach féidir le leanaí an t-ábhar sin a rochtain de ghnáth trí bhearta dearbhaithe aoise éifeachtacha a chur chun feidhme. Bhíomar soiléir i gcónaí nach leor aon bheart dearbhaithe aoise atá bunaithe ar fhéindearbhú amháin.
Tuigimid na hábhair imní atá ag tuismitheoirí agus caomhnóirí faoi ábhar a bhféadfaidh a leanaí é a fheiceáil ar líne agus ábhair imní faoi strainséirí a bheith ag féachaint ar ábhar a leanaí. Ní mór d’ardáin a cheadaíonn d’úsáideoirí faoi bhun 16 bliana d’aois a seirbhís a úsáid rialúcháin tuismitheoirí a bheith acu atá faoi rialú tuismitheoirí agus caomhnóirí. Ní mór dóibh a chinntiú go bhfuil na rialúcháin sin éifeachtach agus éasca le teacht orthu agus aird úsáideoirí a tharraingt orthu ag céim an chláraithe cuntais, ionas gur féidir le haon tuismitheoir nó caomhnóir ar mian leis nó léi iad a úsáid teacht orthu
Tá a fhios agam gur ábhar imní dúinn go léir í cosaint leanaí ar líne agus, dár gcuid féin, leanfaidh Coimisiún na Meán de gach deis a thapú chun timpeallacht shábháilte ar líne a chinntiú do chách, agus an gá atá le hiarracht chomhchoiteann ó rialálaithe, lucht déanta beartas, tuismitheoirí, caomhnóirí, leanaí agus a n-abhcóidí á aithint ag an am céanna, chun a chinntiú go gcoinneofar ardáin ar líne cuntasach as an méid a dhéanann siad chun ár leanaí a choinneáil sábháilte ar líne.”
Seo é an chéad fhiosrúchán de chuid Choimisiún na Meán faoin gCód Sábháilteachta Ar Líne. Mar aon leis an bhfiosrúchán seo, chuir an Coimisiún tús le cúig fhiosrúchán eile ar ardáin atá bunaithe in Éirinn, laistigh den bhliain seo caite amháin, faoi Ghníomh AE um Sheirbhísí Digiteacha. Tá baint ag an gCoimisiún freisin le ceithre fhiosrúchán chomhpháirteacha ar chuir an Coimisiún Eorpach tús leo.
An fiosrúchán ar chuir an Fhoireann Fiosrúchán tús leis inniu, déanfar é de bhun Chuid 8B den Acht Craolacháin 2009, arna leasú. Má shuitear go bhfuil ardán ag sárú an Chóid Sábháilteachta ar Líne, féadfaidh Coimisiún na Meán smachtbhanna airgeadais riaracháin a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear fíneáil suas le 10% den láimhdeachas ábhartha bliantúil, nó €20 milliún, cibé acu is mó.
Chun comhairle agus tacaíocht a fháil maidir le do chearta a thuiscint ar líne, téigh chuig ár leathanach, Treoracha & Acmhainní.