Nuacht & Cúrsaí Reatha na Teilifíse Tráchtála

Group of journalists

D’oscail Coimisiún na Meán iarratais don scéim nua Scéim Nuachta agus Cúrsaí Reatha na Teilifíse Tráchtála Neamhspleáiche inniu

Tacóidh an Scéim le hábhar seirbhíse poiblí i bhformáid chláir closamhairc a chuireann lucht féachana agus éisteachta ar an eolas agus a thugann cumhacht do shochaí dhaonlathach.

Rinneadh €3 mhilliún a leithdháileadh don Scéim Nuachta agus Cúrsaí Reatha na Teilifíse Tráchtála Neamhspleáiche in 2025 a bhuíochas le maoiniú arna chur ar fáil ag an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan, T.D.

Fáiltímid roimh iarratais mhaoinithe ó conraitheoir seirbhíse clár teilifíse incháilithe.

Is féidir na treoirlínte agus na foirmeacha iarratais cuí a fháil agus iarratas a dhéanamh trí www.cnamonline.ie.

Beidh seimineár gréasáin d’iarratasóirí incháilithe atá ag smaoineamh ar iarratas a dhéanamh. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chlárú trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected].

Dúnfar iarratais ag meán lae (12:00) Dé Máirt, an 09 Nollaig 2025.