
Is é is aidhm don Scéim nua tacú le nuachóiriú an bhonneagair agus na n‑uirlisí digiteacha
D’oscail Coimisiún na Meán (26.09.2025) d’iarratais inniu ar scéim nua chun tacú le heagraíochtaí meán infheistíocht a dhéanamh sa teicneolaíocht agus san uas‑sciliú digiteach – an Scéim um Chlaochlú Digiteach.
Faoin Scéim nua um Chlaochlú Digiteach, cuirfear €3 mhilliún de mhaoiniú ar fáil do sholáthraithe ábhar seirbhíse poiblí, suim arna leithdháileadh ag an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt. Áirítear leis sin craoltóirí pobail, áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta, nuachtáin agus ardáin ar líne. Leis an Scéim, cumasófar nuachóiriú an bhonneagair agus na n‑uirlisí digiteacha, agus tacóidh sí le forbairt scileanna digiteacha, chun cuidiú le heagraíochtaí meán dul san iomaíocht in earnáil na meán digiteach atá ag éirí níos iomaíche.
Tá an Scéim um Chlaochlú Digiteach oscailte d’iarratais inniu, 26 Meán Fómhair agus is é meán lae ar an Aoine, an 24 Deireadh Fómhair 2025, an dáta deiridh le haghaidh iarratas.
Dúirt Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán ag Coimisiún na Meán: “Thar ceann Choimisiún na Meán, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire Pádraig Ó Donnabháin, TD, an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, as a leithdháileadh de €3 mhilliún chun tacú leis an Scéim nuálach nua seo.
“Tá Coimisiún na Meán tiomanta do thírdhreach na meán a chinntiú atá rathúil, éagsúil agus cruthaitheach d’Éirinn, agus do thacú le nuálaíocht in earnáil meán na hÉireann. Tá athrú ag teacht ar an gcaoi a n‑úsáideann lucht féachana na meáin agus tá dúshláin roimh eagraíochtaí meán chun coinneáil suas le patrúin tomhaltais atá ag athrú. Tá an Scéim nua um Chlaochlú Digiteach forbartha ag an gCoimisiún chun tacú le hearnáil na meán in Éirinn le linn an aistrithe thapa seo, agus béim á leagan ar dhá phríomhréimse – oiliúint agus teicneolaíocht scileanna digiteacha.”
Cuirfidh an Scéim maoiniú ar fáil chun tacú le tograí Claochlaithe Digitigh ceaptha chun infheictheacht, inrochtaineacht agus inbhuanaitheacht ábhair na meán seirbhíse poiblí a chur chun cinn.
Leis seo, áirítear maoiniú chun uas-sciliú agus athsciliú a dhéanamh le lucht saothair na meán trí oiliúint digiteach spriocdhírithe a chur ar fáil, agus tacú le tionscnaimh theicneolaíochta chun caighdeán, éifeachtúlacht agus soláthar ábhar meán digiteach do dhreamanna ilchineálacha a fheabhsú.
Dúirt an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Pádraig Ó Donnabháin TD: “Cuirfidh an Scéim um Chlaochlú Digiteach tacaíocht riachtanach ar fáil d’earnáil na meán chun oiriúnú do thírdhreach meán atá ag athrú go tapa i gcomhthéacs náisiúnta agus domhanda araon. Tá uasoiliúnt na foirne laistigh den earnáil, mar aon le nuachóiriú an bhonneagair agus na n-uirlisí digiteacha le haghaidh forbairt gnó agus inbhuanaitheacht, ríthábhachtach chun iolrachas guthanna san earnáil a chur chun cinn agus chun cabhrú leis na meáin a bheith rathúil, agus tacú ag an am céanna le hábhar seirbhíse poiblí iontaofa, oibiachtúil agus inrochtana a sholáthar dár saoránaigh”.
I measc chuspóirí na Scéime um Chlaochlú Digiteach atá leagtha amach ag Coimisiún na Meán tá suntasacht, nó ‘inaimsitheacht’ ábhair áitiúil, réigiúnaigh agus náisiúnta trí chainéil dhigiteacha; tacú le claochlú digiteach do sholáthraithe ábhair seirbhíse poiblí Gaeilge; tacú le cuir chuige dhigiteacha nua chun lucht féachana éagsúil agus níos óige a mhealladh; réitigh dhigiteacha inrochtana a bhfuil tionchar íseal acu ar an gcomhshaol a chur chun cinn; agus iolrachas níos mó sna meáin.
I mí Lúnasa, d’oscail Coimisiún na Meán d’iarratais ar mhaoiniú €10 milliún faoina Scéimeanna Iriseoireachta – Tuairisciú Daonlathais Áitiúil, Tuairisciú na gCúirteanna agus Scéim Tuairiscithe Nuachta nua. Go dtí seo, cruthaíodh 100 ról iriseoireachta nua nó feabhsaithe ar fud na hÉireann mar thoradh ar na Scéimeanna Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil agus Cúirteanna.