Gach Nuacht

Fuaim & Fís 4 – Babhtaí Maoinithe le Teacht Fógartha

Foilsithe ar

08,02,2024

Tá sonraí na mbabhtaí maoinithe atá le teacht faoin Scéim Fuaim & Fís 4 fógartha ag Coimisiún na Meán.

Babhta 53 – Babhta ‘Oscailte’ Fuaim & Fís
Osclófar Babhta 53 ar 9 Aibreán do chraoltóirí agus léiritheoirí neamhspleácha chun tacú le táirgeadh ábhar craolta atá luachmhar ó thaobh an chultúir de, lena n-áirítear ábhar i nGaeilge. Dúnfar an babhta seo ag meán lae Déardaoin, 30 Bealtaine 2024. Tá sé beartaithe go mbeidh cinntí maoinithe ar fáil i Lúnasa 2024.

Babhta 54 – Babhta ‘Oscailte’ Fuaim & Fís
Osclófar Babhta 54 ar an 15 Deireadh Fómhair do chraoltóirí agus léiritheoirí neamhspleácha chun tacú le táirgeadh ábhar craolta atá luachmhar ó thaobh an chultúir de, lena n-áirítear ábhar i nGaeilge. Dúnfar an babhta seo ag meán lae Déardaoin, 28 Samhain 2024. Tá sé beartaithe go mbeidh cinntí maoinithe ar fáil faoi dheireadh Feabhra 2025.

Foilseofar Treoirlínte agus Foirmeacha Iarratais ábhartha do gach babhta ar shuíomh Gréasáin Choimisiún na Meán ar dháta oscailte an bhabhta. Reáchtálfar seimineáir gréasáin d’iarratasóirí ionchasacha freisin. Ní mór gach iarratas a chur isteach trí www.cnamonline.ie

Fuaim & Fís 4Dáta OscailteSeimineár Gréasád d’IarratasóiríSpriocdhátaTorthaí a bhfuiltear ag súil leo
Babhta 53Máírt
9 Aibreán 2024
Máirt 16 Aibreán 2024Déardaoin
30 Bealtaine
12 meánlae
Lúnasa 2024
Babhta 54Máirt
15 Deireadh Fómhair 2024
Máirt
22 Deireadh Fómhair 2024
Déardaoin
28th Samhain
12 meánlae
Deireadh Feabhra 2025

Le haghaidh aon fhiosrúcháin a bhaineann go sonrach le Fuaim & Fís déan teagmháil le: info@cnam.ie