Stádas mar Chomharthóir Iontaofa bronnta ar Bhanc Ceannais na hÉireann

Central Bank of Ireland and Coimisiún na Meán

D’fhógair Coimisiún na Meán inniu (09.05.2025) an cinneadh chun stádas mar Chomharthóir Iontaofa a bhronnadh ar Bhanc Ceannais na hÉireann. Faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA), tá sé de chumhacht ag Coimisiún na Meán mar Chomhordaitheoir na Seirbhísí Digiteacha in Éirinn stádas mar Chomharthóir Iontaofa a bhronnadh ar eintitis atá lonnaithe in Éirinn a shásaíonn coinníollacha áirithe.

Tá sé de chumhacht ag Comharthóirí Iontaofa ábhar mídhleathach a shainaithint, a bhrath agus fógra a thabhairt ina leith laistigh dá réimse saineolais d’ardáin ar líne. Tá sé d’oibleagáid dhlíthiúil ar sholáthraithe ardán ar líne a chinntiú go dtugtar tosaíocht d’fhógraí maidir le hábhar mídhleathach a bheith ann, arna thuairisciú ag Comharthóirí Iontaofa agus go ndéantar cinneadh ina leith gan moill mhíchuí.

Ag labhairt faoin bhfógra inniu, dúirt John Evans, an Coimisinéir um Sheirbhísí Digiteacha: “Tá Coimisiún na Meán tiomanta do chinntiú go bhfuil tírdhreach meán ann ar féidir le tomhaltóirí muinín a bheith acu as, agus ina bhfuil cosaint acu ar dhúshaothrú agus ar chalaois. Aithnímid go bhfuil camscéimeanna airgeadais agus calaois ina n-ábhair imní do mhuintir na hÉireann, agus fáiltímid roimh shaineolas Bhanc Ceannais na hÉireann sa réimse sin. Trí Stádas mar Chomharthóir Iontaofa a bhronnadh ar Bhanc Ceannais na hÉireann, táimid ag cur oibleagáid dhlíthiúil ar ardáin ar líne lena chinntiú go ndéanann siad tosaíocht d’aon ábhar mídhleathach ar líne a thuairiscíonn Banc Ceannais na hÉireann agus go ndéileáiltear leo ar bhonn tráthúil”.

“Sásra reachtúil nua is ea stádas an Chomharthóra Iontaofa trína dtugtar cumhacht d’eagraíochtaí ach oibleagáidí a chur ar na hardáin chun tosaíocht a thabhairt d’fhógraí ó Chomharthóirí Iontaofa. Aithnítear eintitis ar bronnadh stádas mar Chomharthóir Iontaofa orthu ar fud an Aontais Eorpaigh (AE). Cuideoidh Comharthóirí Iontaofa freisin le sainaithint treochtaí agus saincheisteanna Choimisiún na Meán trí bhíthin tuarascálacha bliantúla a bheidh lárnach chun cur chuige eolach fianaisebhunaithe a leagan síos i leith ár ngníomhaíochtaí maoirseachta ardáin.”

Dúirt Gabriel Makhlouf, Gobharnóir Bhanc Ceannais na hÉireann, an méid seo a leanas: “Is mór ag Banc Ceannais na hÉireann a bheith ar an gcéad eagraíocht sa tír ar bronnadh Stádas Comharthóra Iontaofa uirthi ag Coimisiún na Meán. Is ionann an creidiúnú seo agus cloch mhíle eile i dtiomantas an Bhainc don chosaint tomhaltóirí, agus neartaíonn sé ár gcuid iarrachtaí cur isteach ar ghníomhaíochtaí sholáthraithe neamhúdaraithe seirbhísí rialáilte airgeadais. Leanfaimid dár gcuid oibre chun an creat um chosaint tomhaltóirí in Éirinn a neartú trí bhíthin an stádais nua seo.”

Faoi Airteagal 22 den DSA, is féidir stádas mar Chomharthóir Iontaofa a bhronnadh ar eintitis a shásaíonn na coinníollacha a leanas:

  • Tá saineolas agus inniúlacht shonrach aige chun ábhar mídhleathach a aimsiú, a shainaithint agus a chur in iúl;
  • Tá sé neamhspleách ar aon soláthraí ardán ar líne;
  • Tugann sé faoina ghníomhaíochtaí chun fógraí a chur isteach go dícheallach, go cruinn agus go hoibiachtúil.

Bronnadh stádas mar Chomharthóir Iontaofa ar Bhanc Ceannais na hÉireann ar feadh trí bliana, ón 2 Aibreán 2025 go dtí an 2 Aibreán 2028. Is iad camscéimeanna airgeadais agus calaois a réimse ainmnithe saineolais, lena n-áirítear soláthar agus/nó tairiscint seirbhísí airgeadais gan údarú. Ach a mbeidh an tréimhse chreidiúnaithe imithe in éag, déanfar athmheas ar stádas an Chomharthóra Iontaofa agus, i gcás inarb iomchuí, bronnfar an athuair é.

Is féidir teacht ar níos mó faisnéise maidir le ról an Chomharthóra Iontaofa agus oibleagáidí na n-ardán ar líne maidir le fógraí arna n-eisiúint ag Comharthóirí Iontaofa ar ár leathanach Comharthóir Iontaofa tiomanta ar ár suíomh gréasáin.