D’fhógair Coimisiún na Meán inniu (16 Meán Fómhair 2026) seoladh Thacar Uirlisí Albert den Chéad Ghlúin Eile d’úsáideoirí na hÉireann.
Ardán nua gréasánbhunaithe chun astaíochtaí carbóin a rianú is ea Tacar Uirlisí BAFTA Albert den Chéad Ghlúin Eile, lena soláthraítear réamhaisnéisiú, tomhas agus tuairisciú cuimsitheach, léargais inghníomhaithe maidir le dícharbónú agus deimhniú le haghaidh léiriúcháin inbhuanaithe.
Rinneadh feabhsuithe móra chun an Tacar Uirlisí den Chéad Ghlúin Eile a fhorbairt, lena n-áirítear Áireamhán Carbóin nua, Treoir maidir le Léiriúchán Inbhuanaithe agus Clár Deimhniúcháin nuashonraithe.
Seolfar an Tacar Uirlisí den Chéad Ghlúin Eile an 16 Meán Fómhair 2026, agus dúnfar an Tacar Uirlisí atá ann faoi láthair an 17 Nollaig 2026.
Dúirt Rónán Ó Domhnaill, an Coimisinéir um Fhorbairt na Meán ag Coimisiún na Meán: Tá an t-athrú aeráide ar na dúshláin is mó atá romhainn, agus ní mór dúinn uile gníomhú chun dul i ngleic leis. Tar éis moladh ón gCoimisiún um Thodhchaí na Meán, sheol Coimisiún na Meán an chomhpháirtíocht Albert Éireann i mí Aibreáin 2025.
Bhaineamar garsprioc thábhachtach eile amach mar chuid dár dtiomantas do thionscal na meán atá freagrach ó thaobh an chomhshaoil agus na sochaí de a chothú. Mar chomhpháirtí oifigiúil Albert in Éirinn, leanfaimid de chuidiú le hearnáil meán na hÉireann a tionchar comhshaoil a laghdú trí rochtain a sholáthar ar oiliúint agus ar thacaíocht atá saincheaptha ar bhonn réigiúnach ar feadh an phróisis deimhniúcháin.
Óstálann foireann Albert Éireann seimineár gréasáin míosúil saor in aisce ar MS Teams ag 2pm ar an dara Máirt den mhí. Is féidir clárú do sheisiún mhí Dheireadh Fómhair.
Féach ar an réimse acmhainní atá foilsithe ar líne ag BAFTA Albert agus atá ar fáil d’úsáideoirí na hÉireann.
Faigh breis eolais faoin gcaoi a dtacaímid le cleachtas inbhuanaithe i dtionscal meán na hÉireann.