Tá an Coimisinéir Sábháilteachta ar Líne Niamh Hodnett chun dul le ComReg

Niamh Hodnett

Ceapadh Niamh Hodnett ina Coimisinéir ar an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg), rud a fhágann go n éireoidh sí as a ról mar Choimisinéir Sábháilteachta ar Líne ag Coimisiún na Meán.

Ina cáil mar an chéad Choimisinéir Sábháilteachta ar Líne de chuid na hÉireann, rinne Niamh maoirseacht ar rolladh amach Chreat Sábháilteachta ar Líne na hÉireann i dteannta an Choimisinéara um Sheirbhísí Digiteacha, John Evans. Bhí Niamh i gceannas ar fhorbairt an Chóid Sábháilteachta ar Líne, i dteannta ainmniú seirbhísí ardáin comhroinnte físeán. Bhunaigh sí an Coiste Comhairleach don Ógra de chuid Choimisiún na Meán freisin, rud a chinntíonn go léireofar tuairimí daoine óga in obair an Choimisiúin. Bhainistigh Niamh an Rannóg Beartais, Taighde agus Straitéise ag Coimisiún na Meán freisin.

Dúirt Jeremy Godfrey, an Cathaoirleach Feidhmiúcháin ag Coimisiún na Meán: “Bhí ról lárnach ag Niamh chun Creat Sábháilteachta ar Líne na hÉireann a chur chun feidhme. Go háirithe, bhí a ceannaireacht chun ár gCód Sábháilteachta ar Líne a fhorbairt ríthábhachtach lena chinntiú go mbeidh rialacha ceangailteacha i bhfeidhm maidir le conas a choimeádann ardáin ar líne daoine in Éirinn, agus ar fud na hEorpa, sábháilte ar líne.

Ó bunaíodh Coimisiún na Meán i mí an Mhárta 2023, chuir Niamh go mór leis an eagraíocht a mhúnlú, lena cumais a fhothú, agus le bunchloch láidir a leagan síos dár gcur chuige rialála. Thar ceann mo Chomhchoimisinéirí agus ár gcomhghleacaithe ag Coimisiún na Meán, is mian liom mo bhuíochas a ghabháil léi as a díograis, as a saineolas agus a seirbhís phoiblí, agus gach rath a ghuí uirthi ina post nua ag ComReg.”

Dúirt Niamh Hodnett, an Coimisinéir Sábháilteachta ar Líne: “Is mór an onóir dom a bheith i mo chéad Choimisinéir Sábháilteachta ar Líne de chuid na hÉireann agus páirt a bheith agam i mbunú Choimisiún na Meán, lena n áirítear an eagraíocht a mhéadú ó 40 comhalta foirne nuair a bunaíodh í chuig níos mó ná 300 comhalta foirne an lae inniu. Tá bloic thógála rialála an Chreata Sábháilteachta ar Líne curtha i bhfeidhm againn, rud a chuireann deireadh le ré na féinrialála teicniúla. D’oibríomar go dian freisin chun daoine a chur ar an eolas faoina gcearta ar líne trínár gcuid feachtas agus acmhainní le haghaidh bunscoileanna agus meánscoileanna. Beidh mé ag tnúth le rath leanúnach Choimisiún na Meán a fheiceáil agus beidh mé ag tnúth lenár rannpháirteachas rialta tríd an nGrúpa Rialtóirí Digiteacha.

Reáchtálfaidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí an próiseas earcaíochta do chomharba Niamh mar Choimisinéir. Go gceapfar ionadaí, comhlíonfaidh an Cathaoirleach dualgais an Choimisinéara Sábháilteachta ar Líne.