
Cuireadh dearcthaí lucht féachana agus éisteachta na hÉireann atá ag teacht chun cinn i leith ábhar meán díobhálach agus colúil i dtábhacht le taighde nua agus é á thuairisciú ag beirt as triúr daoine fásta (67%) nach raibh imní orthu maidir le hábhar meán a d’fhéadfadh a bheith díobhálach nó colúil a fheiceáil nó a chloisteáil iad féin. Mar sin féin, i measc daoine fásta ar tuismitheoirí iad, bhí formhór acu (52%) buartha.
Rinne Coimisiún na Meán, Oifig Aicmithe Scannán na hÉireann (IFCO), i gcomhar le hOifig an Ombudsman do Leanaí an taighde maidir le Peirspictíochtaí an Lucht Féachana agus Éisteachta i leith Ábhar Meán Díobhálach agus Colúil, agus na grúpaí fócais do leanaí á ndearadh agus á n‑éascú ag Oifig an Ombudsman do Leanaí. Leis an taighde seo, scrúdaítear dearcthaí daoine fásta agus leanaí i leith ábhar ar sheirbhísí teilifíse, raidió, pictiúrlainne, siamsaíochta baile agus físeán ar éileamh. Breathnaítear ann freisin ar a gcuid peirspictíochtaí maidir leis an ábhar sin a rialáil. Is éard a bhí i gceist leis an taighde athbhreithniú deisce, suirbhé a bhí ionadaíoch go náisiúnta do dhaoine fásta agus pléití grúpaí fócais le daoine fásta agus leanaí.
Ag labhairt di faoi sheoladh an taighde, dúirt Aoife MacEvilly, an Coimisinéir um Chraoltóireacht agus Físeáin ar Éileamh: “Táimidne ag Coimisiún na Meán tiomanta dá chinntiú gur féidir le lucht féachana agus éisteachta, go háirithe leanaí, tairbhiú de na gnéithe dearfacha de na meáin, le linn a bheith cosanta an tráth céanna ar na díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil leo. Is éard atá lárnach san uaillmhian sin a chinntiú gur féidir le lucht féachana agus éisteachta na hÉireann, go háirithe leanaí, a bheith ag plé go sábháilte le hábhar atá aoisoiriúnach dóibh. Leis an taighde atá á sheoladh againn inniu, soláthraítear léargais ríthábhachtacha ar conas a úsáideann muintir na hÉireann na meáin – cibé acu na meáin chraolacháin, ar éileamh, sa bhaile nó i bpictiúrlanna – agus tugtar bonn fianaise láidir dúinn leis maidir lena gcuid dearcthaí i leith rialála, rud a bheidh mar bhonn faoi nuashonruithe ar Chóid agus Rialacha ár Seirbhíse Meán. Is mian liom buíochas a ghabháil le foireann taighde Choimisiún na Meán, le hOifig Aicmithe Scannán na hÉireann (IFCO), le hOifig an Ombudsman do Leanaí agus leo sin uile a ghlac páirt sa taighde agus a thug a gcuid ama, tuairimí agus saineolais chun an tuarascáil taighde seo a fhorbairt.”
Cé nach bhfuil formhór na ndaoine fásta buartha faoi theacht roimh ábhar meán a d’fhéadfadh a bheith díobhálach nó colúil, tuairiscíonn formhór na dtuismitheoirí go mothaíonn siad ‘an bhuartha’ faoi leanaí níos óige (12 bhliain d’aois agus faoina bhun) a bheith ag breathnú ar ábhar nó ag éisteacht leis lena n áirítear iompraíochtaí dainséaracha nó díobhálacha (74%), téamaí gnéasacha agus nochtacht (74%), nó foréigean (66%). Níl tuismitheoirí chomh buartha céanna faoi leanaí níos óige a bheith ag teacht roimh dhrochtheanga (44%).
Níl tuismitheoirí chomh buartha céanna, trí chéile, faoi dhéagóirí a bheith ag teacht roimh ábhar a d’fhéadfadh a bheith díobhálach nó colúil. Go deimhin, measann siad gur féidir go mbeidh ábhar áirithe do dhaoine fásta cuí do leanaí atá níos sine, más rud é go bhfuil sé comhthoiliúil, go bhfuil a léiriú sláintiúil agus réalaíoch agus go bhféadfadh sé a bheith ina chuidiú chun oideachas a chur ar a gcuid leanaí.
Is mór an sólás do thuismitheoirí gurb ann do spásanna rialáilte lena gcloítear le caighdeáin áirithe, agus is mór an sólás dóibh freisin na rialúcháin tuismitheoirí agus na socruithe leanaí a ghabhann le seirbhísí físeán ar éileamh áirithe ar síntiús. Chuir rannpháirtithe leanaí i dtábhacht feabhsuithe praiticiúla áirithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na gnéithe sin, lena n áirítear úsáid a bhaint as guthrialú nó rochtain mhéarloirg. Cé gur mheas rannpháirtithe sna déaga gur chuí, trí chéile, go ndéanfadh tuismitheoirí monatóireacht ar ábhar do leanaí níos óige, mheas roinnt mhaith acu gur cheart an chothromaíocht a aistriú i dtreo féinmhonatóireacht níos mó de réir mar a thagann leanaí in inmhe. Thairis sin, dheimhnigh roinnt mhaith acu gurb amhlaidh a dhéanann siad féinmhonatóireacht ar an úsáid a bhaineann siad as ábhar.
Maidir le cineálacha meán, tuairiscíonn daoine fásta gurb é an t ábhar imní is mó atá acu ábhar díobhálach agus colúil ar an Teilifís Réaltachta (49%) agus Drámaíocht/Ficsean (31%), Clársceidealú fíorasach (27%) agus siamsaíocht éadrom (25%) ina dhiaidh sin.
Dúirt an Dr. Ciarán Kissane, Stiúrthóir Aicmithe Scannán ag Oifig Aicmithe Scannán na hÉireann (IFCO): “Tríd an taighde seo, cuirtear léargais luachmhara i láthair ar thuairimí leanaí agus daoine fásta i ndáil le hábhar meán ar fud na n‑ardán meán uile tar éis ré COVID. Tugtar aghaidh ann go sonrach ar na catagóirí ábhair a úsáideann IFCO chun treoir a sholáthar do lucht féachana agus éisteachta na hÉireann. Tá an taighde cheana féin mar bhonn eolais do Threoirlínte Aicmithe athbhreithnithe IFCO, a eisíodh i mí an Mheithimh 2025, agus is pointe tagartha leanúnach é dár bhfoireann aicmithe.
Ó tharla go bhfuil aicmithe aoise ar an sásra is fabhraí dá bhfuil ann chun eolas a thabhairt do bhreathnóirí agus chun iad a chosaint, cuirtear fáilte ar leith roimhe sin ós rud é gurb éard atá ann an t aitheantas leanúnach ón bpobal d’obair IFCO sa réimse seo agus meas leanúnach an phobail air sin. Leis an taighde, cuirtear dúshláin i dtábhacht i ndáil le soiléire i dtaobh córais rátálacha dhifriúla agus tríd sin déanfar eolas do thosaíochtaí Ráiteas Straitéise nua IFCO, rud atá á dhréachtú faoi láthair. Ní bheadh sé indéanta tionscadal taighde atá chomh cuimsitheach sin a sholáthar gan an comhar den scoth le Coimisiún na Meán agus le hOifig an Ombudsman do Leanaí agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na comhghleacaithe sna heagraíochtaí sin a d’oibrigh ar an tionscadal seo.”
Thairis sin, leis an taighde sainaithnítear castacht mhéadaitheach thírdhreach meán na hÉireann agus patrúin úsáide na meán atá ag teacht chun cinn i measc lucht féachana agus éisteachta na hÉireann. Is mó seans go ndéarfaidh déagóirí seachas leanaí níos óige go mbreathnaíonn siad ar ábhar, nó go n éisteann siad leis, ina n aonar. I measc daoine fásta, tá an teilifís (86%) tagtha chun cinn mar an fhoinse is dóchúla chun rochtain a fháil ar ábhar meán (86%), agus físeán ar éileamh ag teacht díreach ina dhiaidh sin (82%), ansin raidió (66%) agus an phictiúrlann (63%). D’ainneoin cheannas na teilifíse mar an rogha meán, go ginearálta, léiríonn daoine fásta faoi bhun 55 bliana d’aois agus leanaí go bhfuil siad i bhfabhar seirbhísí físeán ar éileamh.
Go háirithe, níl daoine fásta chomh feasach céanna ar sheirbhísí físeán ar éileamh (38%) a rialáil i gcomparáid leis an teilifís (79%). Is lú seans freisin go measfaidh siad go ndéantar seirbhísí físeán ar éileamh a rialú ‘an méid ceart’ (46%), i gcomparáid le formáidí níos traidisiúnta cosúil leis an teilifís (63%).
Dúirt an Dr. Niall Muldoon, an tOmbudsman do Leanaí: “Rud thar a bheith dearfach ba ea é a bheith ag obair le hOifig Aicmithe Scannán na hÉireann agus Coimisiún na Meán ar an tionscadal uathúil seo. Bhíomar ar bior chun a chinntiú gur áiríodh tuairimí leanaí sa tionscnamh seo toisc go bhfuil sé de cheart ag gach leanbh tairbhiú de réimse leathan meán ar bhealach atá sábháilte, ionchuimsitheach agus oiriúnach dá n‑aois. Labhraíomar le leanaí faoina mbíonn siad ag breathnú air agus ag éisteacht leis in 2025 agus a d’fhéadfadh a bheith díobhálach agus bhí na torthaí an‑léirsteanach.
“Inár gcuid grúpaí fócais fuaireamar amach go mbreathnaíonn roinnt mhaith daoine óga ar ábhar meán ina n aonar – ar tháibléid nó ar ghutháin. Dúirt siad linn gur maith leo sin a dhéanamh toisc gur féidir leo a bheith ag díriú air ar bhealach níos fearr, nach gcuireann aon duine isteach orthu agus gur féidir leo a rogha rud a roghnú, agus is ábhar nach bhfuil oiriúnach do shiblíní níos óige a bhíonn i gceist leis sin in amanna.
“Bhí na leanaí ar labhraíomar leo an fheasach ar na baoil a bhaineann le daoine óga a bheith ag breathnú ar ábhar díobhálach. Luaigh siad go bhféadfadh go mbeadh tionchar aige sin ar a meabhairshláinte, nó go bhféadfadh sé go ndéanfadh leanaí óga iarracht cuid de na rudaí a fheiceann siad a athdhéanamh san fhíorshaol.
“Mheas daoine óga freisin go raibh rabhaidh maidir le hábhar i dtaobh nithe ar nós foréigin, úsáid drugaí nó saincheisteanna meabhairshláinte ina gcuidiú. D’fhág sin go raibh siad ar an eolas faoi radhairc a d’fhéadfadh a bheith coscrach sular thosaigh siad ag breathnú ar rud éigin. Mar sin féin, dúirt na daoine óga gur cheart do na rabhaidh maidir le hábhar a bheith níos mionsonraithe, uaireanta, agus gur cheart é a bheith níos éasca iad a fheiceáil freisin.
“Mar is gnách, sholáthair leanaí léargas an úsáideach ar an topaic seo atá thar a bheith tromchúiseach agus tábhachtach. Tá ríméad orm go ndéanfar eolas do rialacháin agus d’obair eile amach anseo do Choimisiún na Meán agus IFCO tríd an obair seo agus trína gcuid tuairimí.”