Taighde críochnaithe
Tuarascáil ar an Nuacht Dhigiteach in Éirinn 2025

Ina haonú bliain déag anois, is í an Tuarascáil bhliantúil ar an Nuacht Dhigiteach, déanta ag Institiúid Reuters um Staidéar ar an Iriseoireacht, an staidéar comparáideach leanúnach faoi thomhaltas nuachta is mó ar domhan. Tá an Tuarascáil Éireannach urraithe ag Coimisiún na Meán agus curtha le chéile ag Institiúid DCU um Meáin Todhchaí, Daonlathas agus Sochaí (FuJo). Tá an Tuarascáil dhomhanda ó Reuters ar an Nuacht Dhigiteach coimisiúnaithe ag Institiúid Reuters um Staidéar ar an Iriseoireacht ag Ollscoil Oxford. Anseo in Éirinn, déanann taighdeoirí Institiúid FuJo ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath anailís ar na sonraí a bhaineann go sonrach le hÉirinn agus lenár margaí comparáideacha roghnaithe (an Ríocht Aontaithe, SAM agus an Eoraip).
Ceol na mBan: Women and Music in Sound Broadcasting, 2025

Déanann an tuarascáil Ceol na mBan: Women and Music in Sound Broadcasting torthaí ar thaighde ar mhná agus ar an gceol ar an raidió a chur i láthair. Glacadh le cur chuige modhanna measctha lena n-áirítear athbhreithniú deascbhunaithe ar an litríocht agus ar an mbeartas, agallaimh rannpháirtithe, agus monatóireacht a dhéanamh ar ábhar na gclár ar fud sampla de stáisiúin raidió. Cuimsíonn an tuarascáil, a seoladh an 23 Aibreán 2025, achoimre fheidhmeach ghearr agus caibidlí ar leith ar thorthaí gach ceann de na modhanna taighde.
Torthaí an tSuirbhé ar an nGaeilge sna Meáin, 2024

Cuireann Coimisiún na Meán torthaí an tSuirbhé ar an nGaeilge sna Meáin i láthair. Rinneadh an suirbhé seo mar bhonn eolais d’athbhreithniú níos leithne, atá ar siúl faoi láthair, ar sholáthar seirbhísí agus ábhair Ghaeilge ar fud na meán. Rinneadh an suirbhé idir Meitheamh agus Iúil 2024 agus lorg sé peirspictíochtaí thart ar 1,200 duine ó lucht féachana/éisteachta náisiúnta agus Gaeltachta, 18+ bliain d’aois, agus scrúdaíodh rannpháirtíocht, roghanna agus braistintí an phobail maidir le hábharthacht agus éifeachtacht na meán Gaeilge lena n-áirítear an teilifís, an raidió, na meáin chlóite agus na meáin ar líne.
Tuarascáil ar Nuacht Dhigiteach na hÉireann, 2024

Déanann Institiúid Reuters um Staidéar ar an Iriseoireacht in Ollscoil Oxford taighde don Tuarascáil ar an Nuacht Dhigiteach agus is é an staidéar comparáideach leanúnach is mó ar thomhaltas nuachta ar domhan é. Tá sonraí na hÉireann mar chuid den suirbhé níos mó, a rinneadh in 2024 i 47 margadh. Éascaíonn Coimisiún na Meán rannpháirtíocht na hÉireann agus chuir taighdeoirí ó Institiúid DCU um Thodhchaí na Meán, an Daonlathais agus an tSochaí (FuJo) anailís ar shonraí na hÉireann ar fáil in 2024.