Tacaíonn Coimisiún na Meán le Safer Internet Day 2026

mother and daughter on couch

I mbliana, ceiliúrfar Safer Internet Day an 10 Feabhra agus díreofar ar na buntáistí, na rioscaí agus na dúshláin a bhaineann leis an Intleacht Shaorga (IA). Is deis é freisin chun ár dtiomantas a léiriú maidir le comhoibriú le scoileanna ar fud na hÉireann agus tacú leo chun na scileanna agus an t-eolas thabhairt do dhaoine óga le bheith níos sábháilte ar líne.

Tá sé mar aidhm ag an ócáid, a tharlaíonn ar fud na hEorpa, idirlíon níos sábháilte a chur chun cinn le haghaidh gach úsáideoir, go háirithe daoine óga, agus seo an 23ú bliain dó ar an bhfód. Oide Teicneolaíocht in Oideachas agus Webwise a reáchtálann é in Éirinn.

Mar thacú le Safer Internet Day, roinn Niamh Hodnett, Coimisinéir Sábháilteachta ar Líne na hÉireann i gCoimisiún na Meán le daltaí i ngach scoil ar fud na tíre sraith acmhainní oideachais atá ceaptha chun tacú le foghlaim faoi chearta leanaí ar líne, agus chun cur chuige smaointeoireachta criticiúla maidir le faisnéis ar líne a spreagadh.

I measc na n-acmhainní bhí:

  • Póstaer ar chearta leanaí ar líne agus ról Choimisiún na Meán chun seasamh leis na cearta sin.
  • Póstaer de chuid Bíodh Tuiscint Agat ar na Meáin leis an teachtaireacht ‘Stop, Smaoinigh, Seiceáil’, a chuireann smaointeoireacht chriticiúil chun cinn agus a thugann leideanna praiticiúla chun iontaofacht faisnéise ar líne a mheas.

Forbraíodh na hábhair seo i gcomhairle le Webwise agus comhaltaí de Choiste Comhairleach don Ógra Choimisiún na Meán ar mhaithe lena chinntiú go mbeidh na hábhair sin éasca le tuiscint, aoisoiriúnach agus ábhartha.

Is féidir acmhainní úsáideacha eile a fháil, lena n-áirítear físeáin chabhracha, pleananna ceachta agus bileoga is féidir a phriontáil san alt ‘Treoracha & Acmhainní‘ ar ár suíomh gréasáin.

I gcás acmhainní atá sainiúil don intleacht shaorga, tá cuir i láthair agus ceachtanna maidir le Safer Internet Day forbartha ag Webwise ar théama na hintleachta saorga do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna atá ar fáil ag webwise.ie/aiaware.

Chomh maith leis sin, chun Safer Internet Day a mharcáil foilseoidh Coimisiún na Meán agus an Coimisiún um Chosaint Sonraí leideanna do dhéagóirí ar úsáid fhreagrach IS.