
Tá Reddit dí-ainmnithe ag Coimisiún na Meán mar Sheirbhís Ardáin Comhroinnte Físeáin. Soláthraíonn eintiteas de chuid na hÍsiltíre seirbhís Reddit d’úsáideoirí san Aontas anois. Faoi phrionsabal thír thionscnaimh an Aontais, tá Coimisiún na Meán freagrach as Seirbhísí Ardáin Comhroinnte Físeáin atá faoi dhlínse an Stáit a rialáil. Oibríonn Coimisiún na Meán go dlúth leis an gCoimisiún Eorpach agus le rialtóirí ar fud an Aontais chun a chinntiú go gcosnaítear daoine, go háirithe leanaí, ar an dochar a d’fhéadfadh an t-ábhar nó an t-iompar a dtagann siad trasna orthu ar líne a dhéanamh dóibh.