
Tá spéis as cuimse nó an-spéis ag formhór mhuintir na hÉireann sa nuacht, de réir na Tuarascála bliantúla ar an Nuacht Dhigiteach in Éirinn 2025, a d’fhoilsigh Coimisiún na Meán inniu. Déanann Institiúid Reuters um Staidéar ar an Iriseoireacht ag Ollscoil Oxford taighde don Tuarascáil ar an Nuacht Dhigiteach, agus cuireann Institiúid DCU um Meáin Todhchaí, Daonlathas agus Sochaí (FuJo) anailís ar shonraí na hÉireann ar fáil.
Léiríonn an Tuarascáil Éireannach, ina haonú bliain déag anois, go bhfuil suim ag an gcuid is mó de mhuintir na hÉireann (56%) sa nuacht, thar gach aoisghrúpa. Is ionann sin agus an leibhéal suime is airde sa nuacht ó 2022, suas 3 phointe ó anuraidh, ach síos ó bhuaicphointe 70% in 2021, le linn phaindéim COVID. Lena ndíograis i leith na nuachta, tá lucht féachana agus éisteachta na hÉireann chun tosaigh ar a macasamhlacha sa Ríocht Aontaithe (39%) agus i SAM (51%) agus chun cinn ar mheán na hEorpa (45%).
Nuair a chuirtear ceist ar dhaoine faoi fhoinsí nuachta iontaofa, tá Nuacht RTÉ (72%), nuacht an raidió áitiúil (72%) agus nuachtáin áitiúla (71%) i measc na bhfoinsí is iontaofa, rud a léiríonn an tábhacht leanúnach a bhaineann le foinsí nuachta náisiúnta agus áitiúla do lucht féachana agus éisteachta in Éirinn.
Dúirt Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán ag Coimisiún na Meán:
“Tá lúcháir ar Choimisiún na Meán tacaíocht leanúnach a chur ar fáil don Tuarascáil ar an Nuacht Dhigiteach in Éirinn, rud a léiríonn ár dtiomantas do thírdhreach meán as a bhféadfadh iontaoibh a bheith ag tomhaltóirí, trí rochtain a chothú ar fhoinsí nuachta agus eolas ardchaighdeáin.
Cé acu a bhítear ag féachaint, ag éisteacht nó ag léamh, léiríonn an Tuarascáil ar an Nuacht go bhfuil formhór mhuintir na hÉireann scafa chun na nuachta. Is údar mór misnigh é a fheiceáil go bhfuil an-suim sa nuacht in Éirinn fós, i gcomparáid le tíortha eile, fiú de réir mar a athraíonn na formáidí a úsáidtear le rochtain a fháil uirthi. Tógann sé ár gcroí an treocht leanúnach a fheiceáil maidir leis an ngaol seanbhunaithe ar leith atá ag pobal na hÉireann leis an raidió, ceann de bhunchlocha thírdhreach meán na hÉireann. Tá sé tábhachtach freisin an iontaoibh atá ag muintir na hÉireann as foinsí nuachta áitiúla a fheiceáil, agus an raidió áitiúil agus nuachtáin áitiúla i measc na bhfoinsí is iontaofa ag lucht éisteachta agus féachana na tíre.
Cé go bhfuil cúis dóchais le feiceáil sa tuarascáil maidir le hearnáil na nuachta in Éirinn, i bhfianaise dhúil mhór an phobail sa nuacht, aithnímid go n-éilíonn uaillmhian Choimisiún na Meán chun tírdhreach meán, a léiríonn cé muid féin mar shochaí, a fhorbairt agus a mhúnlú méid leanúnach agus inbhuanaithe maoinithe le go mbeidh soláthraithe meán in ann tacú le hiriseoireacht ardchaighdeáin agus le nuacht ar féidir iontaoibh a bheith ag an bpobal aisti.”
Áirítear le príomhthorthaí na Tuarascála i mbliana:
Spéis sa nuacht – Tá an spéis sa nuacht fós láidir i gcomparáid le tíortha eile. Deir 22% de mhuintir na hÉireann go bhfuil ‘spéis as cuimse’ acu sa nuacht, agus deir 34% go bhfuil ‘an-spéis’ acu inti agus 33% go bhfuil ‘beagán spéise’ acu inti. Ní deir ach 3% nach bhfuil ‘spéis ar bith’ acu sa nuacht.
Iontaoibh as an nuacht – Tríd is tríd, tá níos mó iontaoibhe ag lucht féachana agus éisteachta na hÉireann i gcomparáid le tíortha eile. Nuair a fiafraíodh díobh a mbíonn iontaoibh acu as an nuacht formhór an ama, dúirt 50% de na freagróirí gur aontaigh siad nó gur aontaigh siad go mór leis an ráiteas sin, i gcomparáid le 35% sa Ríocht Aontaithe, 30% i SAM agus 39% maidir le sonraí cónasctha na hEorpa.
Iontaoibh as cineálacha foinsí – Éiríonn le soláthraithe traidisiúnta nuachta go fóill nuair a chuirtear ceist ar lucht féachana agus éisteachta na hÉireann faoin iontaoibh atá acu as foinsí éagsúla. Is iad Nuacht RTÉ (72%), raidió áitiúil nó réigiúnach (72%), agus nuachtáin áitiúla nó réigiúnacha (71%) na foinsí is iontaofa. Chuir 70% d’fhreagróirí in Éirinn síos ar an Irish Times mar iontaofa, agus an méid céanna i gcás Nuacht BBC, 68% i gcás an Irish Independent agus 66% i gcás Newstalk, Today FM agus Sky News faoi seach.
Foinsí Nuachta – Nuair a fiafraíodh de dhaoine cad iad na hardáin ar bhain siad úsáid astu mar fhoinse nuachta le seachtain anuas, dúirt 58% d’fhreagróirí in Éirinn an teilifís, agus luaigh an méid céanna (58%) meáin ar líne (seachas na meáin shóisialta agus blaganna). Dúirt 47% gur bhain siad úsáid as na meáin shóisialta mar fhoinse nuachta le seachtain anuas, agus dúirt 36% an raidió, 22% nuachtáin i gcló, 12% podchraoltaí agus luaigh 5% botaí comhrá IS.
Íoc as an Nuacht – Léiríonn an Tuarascáil go n-íocann 20% de mhuintir na hÉireann as an nuacht anois, suas ó 7% in 2015 agus suas 3 phointe ó anuraidh. Nuair fiafraíodh díobh a raibh síntiús/ballraíocht íoctha acu le seirbhís nuachta dhigiteach le bliain anuas, ba iad na seirbhísí is coitianta i measc phobal na hÉireann an Irish Independent (36%) agus an Irish Times (33%).
Raidió agus Podchraoltaí – In 2015, dúirt 11% d’fhreagróirí in Éirinn gur bhain siad leas as an raidió mar phríomhfhoinse nuachta, méid atá sách mór i gcomparáid leis an Ríocht Aontaithe (8%), SAM (3%) nó meán na hEorpa (7%). Nuair a chuirtear ceist ar dhaoine maidir le húsáid an raidió mar fhoinse aon nuacht a fhaigheann siad, méadaíonn an figiúir sin go 36%. Is maith le lucht éisteachta na hÉireann podchraoltaí chomh maith, agus 12% acu ag éisteacht le podchraoltaí mar fhoinse nuachta le seachtain anuas, níos mó ná sa Ríocht Aontaithe (7%) agus meán na hEorpa (9%) ach níos ísle ná i SAM (15%).
Intleacht Shaorga – Tagann athrú ar dhearcthaí an phobail maidir le húsáid IS le haghaidh na nuachta. Anuraidh dúirt 15% go raibh siad ‘an-chompordach’ nó ‘réasúnta compordach’ le nuacht a gineadh go príomha le IS ach le leibhéal áirithe maoirseachta daonna. Méadaíodh air sin go 19% i mbliana, agus daoine faoi 35 bliain d’aois beagnach dhá oiread níos compordaí ná daoine níos sine ná 35 i dtaca leis an táscaire céanna.
Bréagfhaisnéis agus Mífhaisnéis – Nuair a iarradh a smaointe faoin nuacht ar líne, dúirt 68% d’fhreagróirí in Éirinn go bhfuil imní orthu maidir le cad atá fíor agus cad atá bréagach ar líne. Léiríonn gach aoisghrúpa imní faoin mbréagfhaisnéis ar líne, agus an méid is mó acu (72%) i measc na ndaoine atá 65+ agus an méid is ísle (62%) i measc daoine 18-24 bliain d’aois.
Agus í ag labhairt faoin Tuarascáil ar an Nuacht Dhigiteach in Éirinn 2025, dúirt an Dr. Eileen Culloty, Leas-Stiúrthóir Institiúid DCU um Meáin Todhchaí, Daonlathas agus Sochaí (FuJo): “Tá iontaoibh láidir ag an bpobal as na meáin áitiúla, agus léiríonn sin go bhfuil siad seanbhunaithe go daingean i stíl mhaireachtála na hÉireann. Ach ní íoctar as tuarastail ná ní choimeádtar seomraí nuachta ag gabháil le hiontaoibh. Is é an dúshlán mór ná an iontaoibh sin a thiontú i ngairmí inmharthana san iriseoireacht áitiúil ionas gur féidir leis na meáin áitiúla leanúint ar aghaidh ag cur eolais ar fáil don phobal.”
Níos luaithe i mbliana, bhronn Coimisiún na Meán €5.7 milliún trí Scéimeanna Iriseoireachta, arna maoiniú ag an Roinn Ealaíon, Cultúir, Cumarsáide, Meán agus Spóirt agus a chlúdaigh an Tuairisceoireacht ar an Daonlathas Áitiúil agus Cúirteanna. Go dtí inniu, tá níos mó ná 100 ról nua nó feabhsaithe san iriseoireacht in Éirinn éascaithe ag na Scéimeanna sin. Roimh dheireadh na bliana seo, beidh an dara babhta de na Scéimeanna sin reáchtáilte ag an gCoimisiún, chomh maith le dhá Scéim Iriseoireachta nua, lena gclúdófar an tAistriú Digiteach agus Tuairisceoireacht Nuachta.