Comhairliúchán poiblí ar oscailt maidir le Dréachtrialacha Eorpacha le haghaidh seirbhísí meán closamhairc ar-éileamh

Back view of relaxed woman watching TV at home

Inniu (29 Aibreán 2026), d’oscail Coimisiún na Meán comhairliúchán poiblí maidir lena Dhréachtrialacha Eorpacha le haghaidh seirbhísí meán closamhairc ar-éileamh. Is éard is cuspóir le Dréachtrialacha Eorpacha le haghaidh seirbhísí físeáin-ar-éileamh ná tacú le héagsúlacht chultúrtha agus le earnáil chlosamhairc na hEorpa agus iad a chur chun cinn chomh maith.

Tá sé i gceist leis na dréachtrialacha go gcuirfear eolas agus soiléire ar fáil do sholáthraithe seirbhísí meán closamhairc ar-éileamh ar fud dhá réimse: an oibleagáid chun ar a laghad 30% de Shaothair Eorpacha a chur ar fáil i ngach catalóg, agus suntasacht na saothar Eorpach sin.

Beidh feidhm ag na Rialacha sin le gach soláthraí seirbhísí meán closamhairc ar-éileamh faoi dhlínse an Stáit. Cuirfidh na rialacha sin tús le modheolaíocht theidealbhunaithe chun an sciar 30% de Shaothair Eorpacha a ríomh i ngach catalóg náisiúnta chomh maith le sonrú a dhéanamh ar chreat faoinar féidir suntasacht Saothar Eorpach a thomhas.

Leagfar amach critéir shoiléire le haghaidh díolúintí maidir leis na rialacha sin ar bhonn láimhdeachas íseal, lucht féachana íseal agus ábhar cúng, i gcomhréir leis an Acht. Sna dréachtrialacha déantar foráil maidir le socruithe tuairiscithe, faireacháin agus fíoraithe atá i gcomhréir le feidhmeanna reachtúla an Choimisiúin.

Beidh an comhairliúchán ar oscailt go dtí 5pm ar an 10 Meitheamh. Tá tuilleadh eolais ar fáil sa Cháipéis Chomhairliúcháin.