Comhairliúchán Poiblí ar ár ndréach-Bheartas um Iolrachas na Meán ar oscailt anois

A group of colleagues in a meeting

Inniu (01.09.2025) d’oscail Coimisiún na Meán comhairliúchán poiblí ar a dhréacht-Bheartas um Iolrachas na Meán. Tá sé i gceist leis an mBeartas soiléireacht a thabhairt ar thuiscint Choimisiún na Meán ar iolrachas na meán, agus conas a threoróidh iolrachas na meán gníomhaíochtaí na heagraíochta.

Tá roinnt cumhachtaí, feidhmeanna agus freagrachtaí ag an gCoimisiún chun seasamh leis an tsaoirse cainte agus chun iolrachas na meán a chinntiú.

Faoin dréacht-Bheartas, ciallaíonn iolrachas na meán éagsúlacht in úinéireacht na meán, i seirbhísí na meán, in ábhar na meán, agus i nochtadh do na meáin.

Chun iolrachas na meán a chosaint agus a chur chun cinn, míníonn an dréacht-Bheartas an tábhacht atá leis na meáin seirbhíse poiblí, le hiriseoireacht neamhspleách ardchaighdeáin, le feasacht an phobail, le rochtain ar na meán, agus le nuálaíocht agus ionchuimsiú sa tírdhreach meán.

Cuireann an dréacht-Bheartas síos ar na sonraí a d’fhéadfadh an Coimisiún a úsáid chun iolrachas na meán a thomhas, lena n-áirítear inmharthanacht na seirbhísí meán, comhchruinniú sna margaí meán agus ionadaíocht in ábhar na meán.

Dúnfar an comhairliúchán ag 5 i.n. ar an 24 Deireadh Fómhair 2025.

Tá tuilleadh eolais ar fáil sa Cháipéis Chomhairliúcháin.