Tá Coimisiún na Meán i mbun gairme inniu (21.05.2026) ar iarratais don chéad bhabhta maoinithe le haghaidh ‘Oileán Comhroinnte, Scéalta Comhroinnte’. Tá an babhta maoinithe, a fheidhmítear faoi Scéim Fuaim agus Fís an Choimisiúin agus mar chuid de Chiste Meán an Oileáin Chomhroinnte, á reáchtáil do chraoltóirí agus do léiritheoirí neamhspleácha agus leis an maoiniú tabharfar tacaíocht chun clársceidealú d’ardchaighdeán a chruthú i gcomhair teilifíse agus raidió ina gcuirtear chun cinn malartú cultúrtha, agus ina ndéantar iniúchadh ar chomhar oidhreachta agus trasteorann an oileáin.
Cuireann an Rialtas maoiniú €14 mhilliún ar fáil do Chiste Meán an Oileáin Chomhroinnte de chuid Choimisiún na Meán agus é mar aidhm aige tacú le torthaí i gcoitinne Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte. Cuirfear €4 mhilliún den Chiste ar fáil don bhabhta seo den tionscnamh ‘Scéalta Comhroinnte an Oileáin Chomhroinnte’.
Dúirt an Taoiseach Mícheál Martin: “Cabhraíonn na scéalta a insímid le muid féin a mhúnlú. Mairimid ar oileán comhroinnte, a bhfuil saibhreas cultúrtha, cruthaíochta, traidisiúnta agus oidhreachta air. Leis an mbabhta maoinithe nua seo de ‘Oileán Comhroinnte, Scéalta Comhroinnte’, arna thacú ag Tionscnamh Oileán Comhroinnte an Rialtais, cuirtear tacaíocht ar fáil do chraoltóirí agus léiritheoirí neamhspleácha chun iniúchadh a dhéanamh ar raidhse, éagsúlacht agus codanna roinnte oileán na hÉireann, ag cur le tuiscint idir pobail agus ag cabhrú le todhchaí roinnte a chothú.”
Dúirt Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán ag Coimisiún na Meán: “Trí bhabhta maoinithe ‘Oileán Comhroinnte, Scéalta Comhroinnte’ táimid ag iarraidh cruthú ábhair nua a spreagadh, tallann a neartú agus comhoibriú a chumasú sna meáin ar fud oileán na hÉireann. Tá spéis againn léiriúcháin a mhaoiniú lena gcuirfear beocht i gcuspóirí Chiste Meán an Oileáin Chomhroinnte, agus scéalta á n-insint lena gcuirtear malartú cultúrtha chun cinn, lena gceiliúrtar ár n oidhreacht chomhroinnte agus éagsúil agus lena gcothaítear comhar agus comhthuiscint níos doimhne idir pobail ar fud an oileáin.”
“Agus an obair sin á cur i gcrích againn, táimid tiomanta do dhul i mbun plé ar bhealach lena léirítear na féiniúlachtaí, na traidisiúin agus na comhthéacsanna gairmiúla éagsúla ar fud an oileáin, agus tacaíocht á tabhairt do chomhoibriú ionchuimsitheach Thuaidh agus Theas. Molaimid d’iarratasóirí smaoineamh go cruthaitheach, dul i gcomhar go stuama, agus tograí a chur chun cinn a mbeidh dáimh ag lucht féachana agus éisteachta leo ar fud an oileáin.”
Dúirt an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan, TD: “Is bealach cumhachtach í an scéalaíocht chun tuiscint a chruthú idir pobail, agus leis an togra ‘Oileán Comhroinnte, Scéalta Comhroinnte’, aithnítear an ról uathúil atá ag craoltóirí, léiritheoirí agus cruthaitheoirí an saibhreas beatha atá ann ar fud an oileáin seo a léiriú.
“Cuirim fáilte roimh an dúthracht atá léirithe ag Coimisiún na Meán agus an €14 milliún de Chiste Meán an Oileáin Chomhroinnte á sheachadadh acu. Mar chuid de thionscnamh níos leithne Oileán Comhroinnte an Rialtais, tá an ciste tábhachtach seo ag tacú le comhoibrithe uaillmhianacha suntasacha a chinnteoidh go mbeidh muintir an Tuaiscirt agus an Deiscirt in ann a gcuid scéalta agus a gcuid féiniúlachtaí a fheiceáil léirithe ar an scáileán agus ar an aer.
“Spreagaim an earnáil leas iomlán a bhaint as an deis seo agus táim ag súil le tograí cruthaitheacha den scoth a fheiceáil agus a chloisteáil, a bhfuilim cinnte go rachaidh siad i bhfeidhm go mór ar phobail ar fud an oileáin.”
Tacóidh trí bhabhta maoinithe speisialta de ‘Scéalta Comhroinnte an Oileáin Chomhroinnte’ idir 2026 – 2028 le clársceidealú teilifíse agus raidió a léiríonn an saol ar fud oileán na hÉireann agus a chuideoidh chun an tuiscint idir pobail a dhaingniú.
Ní mór do na hiarratais ar an mbabhta Scéalta Comhroinnte an Oileáin Chomhroinnte léiriú a thabhairt ar an gcaoi a rannchuidíonn an tionscadal beartaithe le cuspóirí Chiste Meán an Oileáin Chomhroinnte arb iad sin comhar agus tuiscint a neartú ar fud an oileáin, malartú cultúrtha agus cruthaitheach a dhoimhniú, agus léiriú a thabhairt ar eispéiris agus ar oidhreachtaí éagsúla agus comhroinnte na bpobal ar fud an oileáin. Ní mór do na tograí ar fad a bheith ag teacht le ceanglais agus cuspóirí reatha na Scéime Fuaim & Fís. Glacann an Scéim le raon seánraí amhail Na hEalaíona agus an Cultúr, Leanaí, Stair/Oidhreacht agus an tSochaí Chomhaimseartha, chomh maith le formáidí difriúla lena n-áirítear beochan, cláir faisnéise agus drámaíocht.
Tá na treoirlínte d’iarratais ábhartha agus na foirmeacha iarratais do Bhabhta 60 seo ar fáil anois ar www.cnamonline.ie . Ní mór gach iarratas a chur isteach trí ár dtairseach ar líne. Dúnfar an bhabhta ag 12 meán lae an 2 Iúil 2026. Déanfar na cinntí roimh dheireadh Mheán Fhómhair 2026.
Beidh seimineár gréasáin do dhaoine atá ag smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar siúl ag 12 meán lae, Dé Céadaoin, 27 Bealtaine 2026. Is féidir le hiarratasóirí clárú don ócáid. Tabhair faoi deara gur MS Teams atá an seiminéar gréasáin seo.