€4.4 milliún bronnta chun tacú le hiriseoireacht chun leas an phobail

Group of journalists

D’fhógair Coimisiún na Meán inniu (27.08.2026) maoiniú €4.4 milliún chun tacú le hiriseoireacht chun leas an phobail in Éirinn, faoin Scéim Tuairiscithe Nuachta.

Tar éis scéim phíolótach rathúil anuraidh, soláthrófar maoiniú le haghaidh 80 tionscadal fadfhoirme leis an dara babhta den Scéim lena gclúdaítear míreanna nuachta nach dtuairiscítear go minic nó a bhfuil an baol ann nach dtuairisceofar go minic iad i meáin na hÉireann. Dáilfear thart ar €2.7 milliún ar an earnáil raidió tráchtála, agus dáilfear an €1.7 milliún eile ar fhoilseacháin chló agus ar líne.

Dúirt Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán de chuid Choimisiún na Meán: “Thar ceann Choimisiún na Meán, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na hiarratasóirí ar éirigh leo sa bhabhta seo den Scéim Tuairiscithe Nuachta. Tá sé d’aidhm ag an Scéim seo, i dteannta ár Scéimeanna Iriseoireachta eile, maoiniú agus tacaíocht a thairiscint, ar bhonn ardán-neodrach, d’iriseoireacht neamhspleách, oilte agus iontaofa agus tacú le scéalta nuachta agus cúrsaí reatha a fhiosrú agus a chlúdach, ar féidir nach gclúdófar iad murach sin. Beidh mé ag súil leis na tionscadail ar éirigh leo a fheiceáil ag teacht chun críche sna míonna amach romhainn, lena n-áirítear an 12 thionscadal Gaeilge nó dhátheangacha a fuair maoiniú de nach mór €900,000.

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin leis an Aire Patrick O’Donovan as an tacaíocht leanúnach a thugann sé dár Scéimeanna Iriseoireachta lena n-áirítear leithdháileadh maoinithe ar an Scéim Tuairiscithe Nuachta, agus as maoiniú imfhálaithe sonrach faoin Scéim a bronnadh ar an earnáil raidió tráchtála, foinse luachmhar nuachta iontaofa, a sholáthraíonn seirbhís ríthábhachtach do phobail ar fud na tíre.”

Ar na tionscadail rathúla tá:

  • Sraith ilmheán sé chuid le haghaidh nuachtán náisiúnta a dhéanann imscrúdú ar ról oibrithe imirceacha i dtalmhaíocht na hÉireann. 
  • Fiosrúchán bliana de chuid nuachtán réigiúnach ar anchaoi cúramóirí gan phá i gCo. na Mí.
  • ‘The Infinite Scroll’ – sraith faisnéise fiosrúcháin le haghaidh grúpa stáisiúin raidió chun scrúdú a dhéanamh ar andúil sna meáin shóisialta in Éirinn.
  • ‘Left Behind’ – fiosrúchán de chuid grúpa nuachtáin réigiúnacha ar uaigneas agus aonrú sóisialta i bpobail thuaithe.
  • ‘In the Loop’ – seó nuachta seachtainiúil do pháistí de chuid stáisiún raidió réigiúnach chun cuidiú le daoine idir 8 mbliana d’aois agus 14 bliana d’aois an domhan thart orthu a thuiscint agus an mhífhaisnéis agus an bhréagaisnéis ar a dtagann siad trasna a chomhrac.
  • Dhá thionscadal ar leith ó theidil nuachtáin dhifriúla chun scrúdú a dhéanamh ar an stádas agus ar an mbagairt ar mharthanas, faoi seach, a bhaineann le ceantair Ghaeltachta bheaga i mBaile Chláir agus i gCo. Mhaigh Eo
  • ‘Guthanna na Cathrach’ – sraith raidió sheachtainiúil as Gaeilge atá dírithe ar chúrsaí nuachta i mBaile Átha Cliath. 
  • Sraith 12 mhí ina ndéantar scrúdú ar scéalta ag a bhfuil tionchar ar cheantair Ghaeltachta le haghaidh eagraíocht ar líne.
  • Tionscadal tuairiscithe pobal teorann tiomnaithe le haghaidh grúpa nuachtáin réigiúnacha a bhfuil nuachtáin acu ar an dá thaobh den teorainn.

I dteannta an bhabhta seo den Scéim Tuairiscithe Nuachta, amach sa bhliain, meastar go n-osclófar Babhta 3 de na Scéimeanna Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil agus Tuairiscithe Cúirteanna, rud a thacóidh le hiriseoireacht ar ardchaighdeán agus le róil iriseora, lena gclúdaítear fóraim daonlathais áitiúla agus cúirteanna áitiúla.

Osclaíodh an chéad bhabhta den Chiste um Meáin Phobail i mí Iúil freisin chun maoiniú tacaíochta a sholáthar do chraoltóirí pobail le haghaidh gníomhaíochtaí lena n-áirítear oiliúint, for-rochtain phobail agus cur chun cinn na Gaeilge, chomh maith le tionscnaimh lena dtacaítear le huileghabhálacht agus inrochtaineacht.

Dúirt an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD: “Cuirim fáilte mhór roimh fhógairt Choimisiún na Meán inniu maidir le torthaí Bhabhta 2 den Scéim Tuairiscithe Nuachta. Leis an maoiniú seo tacófar le soláthar leanúnach ábhair nuachta seirbhíse poiblí atá iontaofa, oibiachtúil agus inrochtana, dár saoránaigh i nGaeilge agus i mBéarla araon. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na hiarratasóirí rathúla, agus buíochas a ghabháil le Coimisiún na Meán as a gcuid oibre i bhforbairt agus riar na scéime seo a thugann tacaíocht d’earnáil meán bríomhar, éasúil agus inmharthana in Éirinn.”