Tá a dhoiciméad comhairliúcháin [Béarla] maidir le hOrdú Tobhaigh 2027 foilsithe ag Coimisiún na Meán.
Ceadaíonn an tOrdú Tobhaigh dúinn tobhaigh airgeadais a ghearradh ar sholáthraithe seirbhíse chun a gcaiteachas agus a riachtanais chaipitil oibre a chlúdach.
Is é Déardaoin, an 1 Deireadh Fómhair, an spriocdháta le haghaidh freagraí ar an gcomhairliúchán.
Ba cheart freagraí ar an gcomhairliúchán a sheoladh ag baint úsáide as an bhfoirm fhreagartha sin [Béarla], chuig [email protected].