Ceapann formhór na leanaí in Éirinn go mbeadh sé níos fearr iad a mhúineadh faoi fhanacht sábháilte ar líne seachas cosc a chur orthu na meáin shóisialta a úsáid. San am céanna, tá beagnach leath de thuismitheoirí/chúramóirí i bhfabhar oideachais sábháilteachta ar líne seachas cosc ar na meáin shóisialta. Níl iontu sin ach roinnt de na torthaí atá i dtuarascáil taighde [Bearla] (PDF) atá á foilsiú inniu (10 Meán Fómhair 2026) ag Coimisiún na Meán.
Fuarthas amach sa tuarascáil freisin gur mó seans go n-aontódh tuismitheoirí agus cúramóirí (43%) ná go n-easaontóidís (23%) nach mbeadh cosc éifeachtach toisc go rachadh leanaí timpeall air. Nuair a cuireadh an cheist chéanna ar leanaí, d’aontaigh formhór acu nach n-oibreodh cosc ar na meáin shóisialta toisc go n-aimseodh leanaí bealach chun dul timpeall air.
Is éard atá in ‘Sábháilteacht Ar Líne & Saol Digiteach Leanaí’ tuarascáil taighde tíre na hÉireann a chuir Coimisiún na Meán i dtoll a chéile lena scrúdaítear dhá shuirbhé náisiúnta, ceann amháin ar leanaí agus an ceann eile ar a dtuismitheoirí/gcúramóirí agus is cuid í de shuirbhé níos leithne EU Kids Online. Foilseofar an tuarascáil chomparáideach ar na torthaí ó gach tír rannpháirteach EU Kids Online níos déanaí an tseachtain seo. Is cuid é an staidéar EU Kids Online den “Global Kids Online Study” lena gcuimsítear staidéar domhanda agus líonra idirnáisiúnta acadóirí, taighdeoirí sóisialta agus saineolaithe atá tiomanta do staidéar a dhéanamh ar chearta, rioscaí agus deiseanna leanaí sa ré dhigiteach.
Ag labhairt dó faoin tuarascáil inniu, dúirt Jeremy Godfrey, an Cathaoirleach Feidhmiúcháin ag Coimisiún na Meán: “Soláthraítear fianaise thábhachtach leis an tuarascáil seo ar an gcaoi a mothaíonn leanaí agus daoine óga in Éirinn faoina n-eispéiris ar an idirlíon. Is rud ríthábhachtach é go rabhamar in ann eispéiris agus dearcthaí leanaí agus daoine óga agus a dtuismitheoirí/gcúramóirí a fháil amach go díreach uathu leis an staidéar seo. Leis na torthaí sa taighde seo, tacófar le forbairt beartais fianaisebhunaithe, dearadh cláir agus cinnteoireacht lena mbainfear amach torthaí dearfacha do leanaí agus daoine óga.
Is údar mór bróid é do Choimisiún na Meán a bheith páirteach sa staidéar EU Kids Online, a fhágann gur féidir comparáid a dhéanamh idir eispéiris ar líne leanaí agus daoine óga in Éirinn agus eispéiris ar líne leanaí agus daoine óga i mbreis agus 20 tír ar fud na hEorpa.
Aontaímid uile go bhfuil timpeallacht shábháilte ar líne tuillte ag leanaí, timpeallacht a thacaíonn lena bhforbairt ar bhealaí éagsúla, i gcomhréir lena n-aois agus lena n-inniúlachtaí atá ag forbairt. Is léiriú soiléir é ár rannpháirtíocht sa staidéar ar ár dtiomantas chun a chinntiú gur féidir le lucht féachana agus éisteachta, go háirithe leanaí, tairbhe a bhaint as gnéithe dearfacha na meán, fad a chosnaítear iad ar dhíobhálacha féideartha.”
I measc na bpríomhthorthaí inár dtuarascáil Sábháilteacht Ar Líne agus Saol Digiteach Leanaí, tá:
Dearcthaí i leith sábháilteachta ar líne
- D’aontaigh 69% de leanaí a rinne an suirbhé go mbeadh sé níos fearr leanaí a mhúineadh faoi fhanacht sábháilte ar líne seachas cosc a chur ar na meáin shóisialta.
- Cheap formhór na leanaí a rinne an suirbhé (67%) nach mbeadh cosc ar na meáin shóisialta éifeachtach toisc go n-aimseodh leanaí bealach chun dul timpeall air.
- D’aontaigh leath de thuismitheoirí/chúramóirí go mbeadh sé níos fearr leanaí a mhúineadh faoi fhanacht sábháilte ar líne seachas rochtain ar na meáin shóisialta a chosc (d’aontaigh 49%; d’easaontaigh 21%).
- Bhí beagnach dhá oiread seans go n-aontódh tuismitheoirí/cúramóirí ná go n-easaontóidís nach mbeadh cosc éifeachtach toisc go rachadh leanaí timpeall air (d’aontaigh 43%; d’easaontaigh 23%).
- D’aontaigh formhór na dtuismitheoirí/gcúramóirí go mbeadh tionchar dearfach ag cosc ar na meáin shóisialta ar dhíriú a linbh ar obair scoile (d’aontaigh 64%; d’easaontaigh 18%), ar a shábháilteacht ar líne (d’aontaigh 63%; d’easaontaigh 12%) agus ar a mheabhairshláinte (d’aontaigh 67%; d’easaontaigh 12%).
Cleachtais
- Dúirt 60% de leanaí agus daoine óga 9-17 mbliana d’aois go bhfuil cuntas meáin shóisialta acu. Ardaíonn sé sin ó aon cheathrú de leanaí 9-11 bhliain d’aois go 90% de leanaí 16-17 mbliana d’aois.
Litearthacht sna meáin – eolas agus scileanna digiteacha san áireamh
- Thuairiscigh leanaí níos mó muiníne as inniúlachtaí áirithe feasachta slándála agus iontaoibhe ná as cinn eile, agus chuaigh an mhuinín as na hinniúlachtaí sin i méid le haois.
- Dúirt thart ar thrí cheathrú acu (73%) gurb eol dóibh conas gléas a chosaint.
- Dúirt níos lú ná leath acu (46%) gurb eol dóibh conas a dhéanamh amach más féidir iontaoibh a bheith acu as suíomh gréasáin, agus dúirt thart ar aon trian acu (33%) gurb eol dóibh conas brabhsáil phríobháideach a úsáid. Léirítear leis na torthaí go bhfuil roinnt mhaith leanaí fós éiginnte faoin gcaoi a gcuirtear eolas agus ábhar ar líne in ord tosaíochta, agus chuaigh an mhuinín as inniúlachtaí nascleanúna eolais i méid go seasta le haois. Ba mheasartha iad na difríochtaí de réir inscne, stádas socheacnamaíoch agus míchumais go ginearálta.
- D’aithin thart ar dhá thrian acu (67%) i gceart go bhféadfadh sé drochthionchar a imirt ar dhaoine eile má thaitníonn postáil le duine nó má chomhroinneann duine í.
- Shainaithin thart ar leath acu i gceart nach bhfaigheann gach duine na torthaí cuardaigh céanna ar líne (48%) agus go méadaítear infheictheacht postála trí haischlibeanna a úsáid (51%).
- D’aithin líon níos lú leanaí i gceart nach é an chéad toradh cuardaigh an fhoinse eolais is fearr i gcónaí (39%), nó nach gá gurb í an chéad phostáil a thaispeántar ar na meáin shóisialta an phostáil is déanaí a chomhroinn duine dá dteagmhálaithe (32%).
Rioscaí agus gníomhaíochtaí ar líne
- Thuairiscigh cion mór leanaí go raibh eispéiris dhiúltacha acu ar líne le bliain anuas. I gcás 33% de leanaí san iomlán, agus beagnach leath (46%) de leanaí 16–17 mbliana d’aois, mhothaigh siad trí chéile faoi rud éigin a tharla dóibh ar líne uair amháin ar a laghad le bliain anuas, agus thuairiscigh 3% acu go raibh taithí acu go minic ar rud éigin ar líne a chuir trí chéile iad (uair sa tseachtain ar a laghad nó níos minice le bliain anuas).
- Ba í aois an toisc ba láidre a bhain le bheith trí chéile mar gheall ar eispéireas ar líne. Ní raibh éagsúlacht mhór de réir aicmí sóisialta. Mar sin féin, ba mhó seans go dtuairisceodh leanaí faoi mhíchumas eispéiris dhiúltacha ar líne. Dúirt leath acu (50%) gur mhothaigh siad trí chéile faoi rud éigin ar líne, i gcomparáid le 33% de leanaí san iomlán. Bhí níos mó ná trí oiread seans ann freisin go dtuairisceoidís go mbíodh siad trí chéile go minic mar gheall ar rud éigin a chonaic siad ar líne (7% i gcomparáid le 2% díobh siúd nach bhfuil faoi míchumas).
- Chuaigh ionsaitheacht ar líne agus an chibearbhulaíocht i bhfeidhm ar mhionlach na leanaí le bliain anuas. Tuairiscíodh ionsaitheacht aghaidh ar aghaidh níos minice ná ionsaitheacht ar líne. Dúirt 20% de leanaí gur caitheadh leo ar bhealach goilliúnach nó gránna aghaidh ar aghaidh agus dúirt 12% acu gur tharla sé ar líne.
- Ba rud measartha neamhchoitianta i measc leanaí é teachtaireachtaí gnéis a fháil (thuairiscigh 9% go bhfuair siad teachtaireacht ghnéis uair amháin ar a laghad), go háirithe i measc leanaí níos óige (dúirt 90% de leanaí 9–13 bliana d’aois nach bhfuair siad teachtaireacht ghnéis riamh). Mar sin féin, d’éirigh tuairisciú ar theachtaireachtaí gnéis a fháil ní ba choitianta le linn ógántachta, agus ba mhó go mór an seans go dtuairisceodh leanaí 16-17 mbliana d’aois (20%) ná grúpaí níos óige (2% de leanaí 9-11 bhliain d’aois agus 6% de leanaí 12-13 bliana d’aois) go bhfuair siad teachtaireacht ghnéis.