Nochtuithe cosanta – Tuarascáil Bhliantúil 2024
Dáta Foilsithe: 31 Márta 2025
Ceanglaítear le hAlt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta Tuarascáil Bhliantúil a fhoilsiú gach bliain a bhaineann le líon na nochtaí cosanta a rinneadh sa bhliain roimhe agus na gníomhaíochtaí a rinneadh mar fhreagairt ar nochtaí den chineál sin. Níor cheart go n-aithneofaí aon duine a rinne nochtadh sa tuarascáil.
Dearbhaíonn Coimisiún na Meán go bhfuil bealaí agus nósanna imeachta tuairiscithe inmheánacha agus seachtracha araon i bhfeidhm le haghaidh nochtaí cosanta agus go bhfuil an fhaisnéis a leanas á tuairisciú aige maidir leis an nochtadh cosanta a fuarthas i gcomhréir le forálacha an Achta um Nochtadh Cosanta le haghaidh na bliana féilire ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2024.
Nochtadh Cosanta (Seachtrach)
Is é Alt 7 den Acht um Nochtadh Cosanta 2014 arna leasú (I.R. Uimh. 524/2023) an fhoráil trína bhfuil Cathaoirleach Choimisiún na Meán ina dhuine forordaithe. Is í seo tuarascáil bhliantúil Choimisiún na Meán don tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2024. Ní bhfuarthas aon nochtadh cosanta i rith na tréimhse tuairiscithe.
Nochtadh Cosanta (Inmheánach)
Is í seo tuarascáil bhliantúil Choimisiún na Meán don tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2024. Ní bhfuarthas aon nochtadh cosanta i rith na tréimhse tuairiscithe.