Mo chearta ar líne
Tá ról tábhachtach ag Coimisiún na Meán maidir le do chearta a chosaint ar líne. Chun tuiscint a fháil ar na cearta atá agat, breathnaigh ar an bhfíseán thíos.
Creat Sábháilteachta Ar Líne
A bhuí len Creat Sábháilteachta Ar Líne an Choimisiúin, tá rialacha ann anois chun a chinntiú go gcosnaítear leanaí agus daoine fásta ar ábhar díobhálach nó mídhleathach ar líne. De réir an dlí, ní mór d’ardáin na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- É a dhéanamh éasca ábhar díobhálach agus mídhleathach a thuairisciú ar líne
- Ligean duit achomharc a dhéanamh in aghaidh cinnidh mura bhfuil tú sásta leis an toradh
- Gnéithe sábháilteachta do leanaí agus do dhaoine óga a chur chun cinn m.sh. rialúcháin tuismitheoirí
Mura bhfuil na rudaí seo i bhfeidhm ag ardán, is féidir leat tuairisc a thabhairt don Choimisiún.
An ceart chun saoirse tuairimí a nochtadh
Cé go gcaithfimid a bheith aireach faoin méid a deirimid ar líne agus gan díobháil a dhéanamh do dhaoine eile, tá sé ríthábhachtach i sochaí daonlathach an tsaoirse a bheith agat tuairimí a nochtadh agus cloisteáil ó ghuthanna éagsúla. Tá an ceart agat chun saoirse tuairimí a nochtadh agus má thógann ardán rialaithe do phostáil nó d’fhíseán anuas agus mura míníonn sé cén fáth, níl sé sin ceart go leor. Má tharlaíonn a leithéid, tá sé de cheart agat achomharc a dhéanamh ar chinneadh an ardáin. Mura dtarlaíonn aon rud nó mura bhfaigheann tú freagra, is féidir leat tuairisc a thabhairt don Choimisiún.
An ceart a bheith cosanta ar dhíobháil
Tá sé de cheart agat a bheith sábháilte agus cosanta ar dhíobháil, agus cuirtear an spás ar líne san áireamh leis sin. Ní fhágann sé seo nach bhfeicfeá rudaí riamh ar líne nach n-aontaíonn tú leo nó a d’fhéadfadh cur isteach ort. Cuireann an Creat Sábháilteachta Ar Líne oibleagáid ar ardáin an riosca don phobal, agus go háirithe do leanaí, a laghdú i dtaobh ábhar díobhálach nó mídhleathach a fheiceáil ar líne. Anois, ní mór d’ardáin mhóra áirithe measúnuithe riosca a dhéanamh dá seirbhís. Mar riail ghinearálta, ní mór d’ardáin ar líne a chinntiú go bhfuil siad níos trédhearcaí maidir leis an gcaoi a n-oibríonn na halgartaim. Ba cheart dóibh roghanna a thabhairt i dtaobh córais moltaí (fothaí ‘duitse’) agus ba cheart go mbeadh eolas acu ina gcuid Téarmaí agus Coinníollacha maidir leis an gcaoi a n-oibríonn na halgartaim.
An ceart chun faisnéise
Agus tú ag clárú le hardán nua a úsáideann daoine óga den chuid is mó, mar dhuine óg, tá sé de cheart agat ‘faisnéis’ (nó ‘eolas’) faoi Théarmaí agus Coinníollacha a fháil ar bhealaí a thuigeann tú. Ba cheart go mbeadh sé éasca teacht orthu seo agus ba cheart iad a bheith scríofa ar bhealach atá soiléir duit.
Cosaintí speisialta do leanaí
Cuireann na dlíthe atá mar chuid den Chreat Sábháilteachta Ar Líne tábhacht ar leith ar a chinntiú go gcosnaítear tusa, mar dhuine óg, ar ábhar díobhálach ar líne. Ar ndóigh, má fheiceann tú rud éigin uafásach nó mí-oiriúnach, níl aon dul as agus d’fhéadfadh tionchar diúltach buan a bheith aige seo ort. Cuireann na rialacha seo oibleagáidí ar ardáin mhóra áirithe (a gceadaíonn a dtéarmaí seirbhíse d’úsáideoirí faoi 16 bliana d’aois an tseirbhís a úsáid) a chinntiú go bhfuil rialúcháin tuismitheoirí ar fáil ionas go mbeidh níos mó smachta ag tuismitheoirí ar a bhfeiceann a leanbh ar an ardán. Ní mór go mbeadh beartais shoiléire ag ardáin áirithe ar líne maidir le dearbhú aoise, chun a chinntiú nach bhfaigheann na daoine faoi 18 mbliana d’aois rochtain ar ábhar atá míchuí ó thaobh aoise de.
B’fhéidir go gceapann tú go bhfuil go leor de na meicníochtaí sábháilteachta seo ann cheana féin ar na hardáin éagsúla ar líne. Is é an difríocht atá ann anois go bhfuil siad ann de réir dlí agus nach mór d’ardáin iad a úsáid. Mura n-úsáideann, is féidir leat é seo a thuairisciú don Choimisiún agus déanfaidh foireann an Choimisiúin an scéal a fhiosrú leis na hardáin éagsúla. Iarrfaidh siad eolas agus tuairiscí uathu agus féadfaidh siad a chinneadh imscrúdú a dhéanamh fiú má fhaigheann siad go bhfuil ardáin ag briseadh na rialacha sin. Fágann sé seo go léir go bhfuil ardáin cuntasach anois, agus oibríonn an Coimisiún chun a chinntiú gur áit níos fearr do chách é an t-idirlíon.
Sa chuid seo:
- Leanaí & daoine óga
- Tuairisc & gearán a dhéanamh
- Rud a chonaic mé ar an teilifís, i bhfíseán ar éileamh nó a chuala mé ar an raidió
- Rud a chonaic mé nó a tharla dom ar líne
- Deacracht maidir le rochtain a fháil ar sheirbhís meán closamhairc
- Treoracha & acmhainní
- Sábháilteacht ar líne
- Teilifís, raidió & físeán ar éileamh
- Forbairt na meán