Treoracha & acmhainní
Ba mhaith leis an gCoimisiún cumhacht a thabhairt do dhaoine in Eirinn, cosúil le daoine óga, tuismitheoirí, múinteoirí agus daoine eile fáil amach conas is féidir leo iad féin a chosaint ar líne. Gheobhaidh tú thíos réimse treoracha do phobail éagsúla, ceisteanna coitianta, físeáin agus pleananna ceachta faoi chearta ar líne faoinár gCreat Sábháilteachta Ar Líne.
Treoir: Conas tuairisciú
Tá sé tábhachtach ábhar mídhleathach nó díobhálach a thuairisciú chuig an ardán ina bhfaca tú é i gconaí. D’fhorbraíomar treoracha mionsonraithe d’ardáin éagsúla maidir le conas ábhar mídhleathach agus díobhálach a thuairisciú, agus tá níos mó ag teacht.
Treoir Ghearr maidir le Rialáil Dhigiteach
Tugann an Treoir Ghearr maidir le Rialáil Dhigiteach forbhreathnú ardleibhéil ar obair ceithre rialtóir a bhfuil sainchúram orthu sa spás digiteach in Éirinn. Cuireann sé úsáideoirí ar líne ar an eolas faoi cé hé an rialtóir is oiriúnaí chun déileáil lena gcuid fiosrúchán maidir le gníomhaíochtaí sa spás digiteach.
Bíodh tuiscint agat ar na meáin
Tá sé mar aidhm ag litearthacht sna meáin daoine a bhfuil na scileanna agus an t-eolas acu a chumhachtú chun roghanna eolasacha a dhéanamh maidir le hábhar agus seirbhísí meán a úsáideann siad, a chruthaíonn siad agus a scaipeann siad. Féach leathanach an Choimisiúin maidir le Tuiscint ar na Meáin chun tuilleadh eolais a fháil faoinár ngníomhaíochtaí litearthachta sna meáin.