Eolas do dhaltaí
Is é ceann de phríomhthosaíochtaí Choimisiún na Meán ná páistí agus daoine óga a chosaint ar ábhar díobhálach agus mídhleathach ar líne. Tuigimid más rud é go bhfeiceann páiste rud éigin díobhálach ar líne, ní féidir leo gan é a fheiceáil agus is féidir go mbeadh tionchar buan orthu mar gheall ar seo.
Bunaíodh Coimisiún na Meán i mí Márta 2023, agus ó shin i leith, tá rialacha agus dlíthe nua ann chun leanaí a chosaint ó dhíobháil ar líne.
Breathnaigh ar ár bhfíseán faoi do chearta faoin gCreat Sábháilteachta ar Líne agus caith súil ar ár gCeisteanna Coitianta ag Scoláirí.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na rialacha nua seo agus faoin gcaoi a bhfuil siad ag iarraidh ardáin ar líne a fheabhsú, féach ar leathanach an Chreata Sábháilteachta ar Líne.
Má tá tú buartha faoi rud éigin a chonaic tú ar líne, nó má tá tú ag iarraidh ábhar a thuairisiciú ar líne, féach ar ár leathanach tuairiscithe. Is féidir freisin dul i dteagmháil le hionad teagmhála an Choimisiúin trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected].
Má tá ceisteanna eile agat faoi cé muid féin nó cad a dhéanamid, féach thíos ár gceisteanna coitianta do dhaltaí. Má tá ceisteanna fós agat, is féidir leat dul i dteagmháil linn ag [email protected] .
Ceisteanna Coitianta ag Scoláirí
Gheobhaidh tú freagraí anseo ar roinnt ceisteanna coitianta ó dhaoine óga maidir le ról Choimisiún na Meán. Díríonn na ceisteanna seo ar scoláirí Pholaitíocht agus Sochaí na hArdteistiméireachta go háirithe, ach d’fhéadfadh sé go mbeidís úsáideach do scoláirí OSSP, OSPS agus Litearthacht sna Meáin Dhigiteacha chomh maith.
Séanadh: Tá na freagraí seo beartaithe chun léargas a thabhairt ar ghnéithe éagsúla d’obair Choimisiún na Meán. Is mar eolas ginearálta a chuirtear an t-eolas seo ar fáil agus ní comhairle dlí atá ann. Déanfaimid iarracht an t-eolas seo a choinneáil chomh cabhrach agus chomh suas chun dáta agus is féidir.
Ar an iomlán, mar dhuine óg, tá sé de cheart agat cosaint a fháil ar dhíobháil ar líne. Tá sé de cheart agat ábhar mídhleathach nó díobhálach ar líne a thuairisciú. Ba cheart córais tuairiscithe a bheith so aimsithe agus so úsáidte. Nuair a chláraíonn tú le hardán, ba cheart na Téarmaí agus Coinníollacha a bheith éasca le tuiscint. Mar dhuine óg, tá sé de cheart agat gan fógraí spriocdhírithe ort a fháil agus ba cheart go mbeadh fógraí lipéadaithe go soiléir. Chomh maith leis sin, cuireann na rialacha seo dualgas ar ardáin bearta a dhéanamh ionas nach bhfeiceann tú ábhar díobhálach ar líne ar an gcéad dul síos.
Áirítear le hábhar mídhleathach ar líne ábhar sceimhlitheoireachta, foréigean as cuimse agus ábhar drochúsáide gnéasaí leanaí. Go ginearálta, má tá rud éigin mídhleathach san fhíorshaol, tá sé mídhleathach ar líne freisin. Áirítear le hábhar díobhálach ar líne ibearbhulaíocht, dúshláin chontúirteacha, ábhar a chuireann féinmharú nó féindochar chun cinn, agus ábhar a chuireann neamhoird itheacháin chun cinn.
Tá, tugadh isteach rialacha nua in Éirinn lena gcuimsítear an spás ar líne le blianta beaga anuas. Leagann Dlí Coco (nó an tAcht um Chiapadh, Cumarsáid Dhochrach agus Cionta Gaolmhara 2020) reachtaíocht síos maidir le comhroinnt íomhánna dlúthphearsanta ar líne agus cibearbhulaíocht mhailíseach.
Ní mór duit an t-ábhar seo a thuairisciú ar an ardán ina bhfaca tú den chéad uair é. Cuireann na rialacha nua iallach ar ardáin ábhar mídhleathach a bhaint anuas agus é a dhéanamh éasca duit é a thuairisciú. D’fhéadfadh próiseas atá beagán difriúil leis an bpróiseas a bhaineann le hábhar díobhálach a thuairisciú, a bheith ag teastáil chun ábhar mídhleathach a thuairisciú – is féidir go mbeidh ort na dlíthe a sháraíonn an t-ábhar i do thír a leagan amach.
Níl. Tá feidhm ag an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA) maidir le VLOPanna (ardáin an-mhór ar líne m.sh. Facebook, Instagram, X, Linkedin) nó VLOSEnna (innill chuardaigh an-mhór ar líne amhail Google, Bing) atá lonnaithe in Éirinn. Tá os cionn 45 milliún usáideoir ag na VLOPanna agus VLOSEnna san Aontas Eorpach. Tá roinnt oibleagáidí faoi na rialacha seo ar ardáin agus innill chuardaigh ardáin nach bhfuil 45 milliún úsáideoir acu freisin.
Baineann an Cód Sábháilteachta Ar Líne (OSC) le hardáin comhroinnte físeán atá bunaithe in Éirinn – is iad sin YouTube, TikTok, Facebook, Instagram, Tumblr, Pinterest, LinkedIn, Udemy agus X. Tá feidhm ag an Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne (TCOR) maidir le soláthraithe seirbhíse óstála (HSPanna). Chun tuilleadh eolais a fháil ar na dlíthe éagsúla seo, féach míniú ar an reachtaíocht.
Tugann roinnt ardán deis duit bréagaisnéis a thuairisciú. Ní gá d’ardáin postálacha a bhaint mar gheall ar bhréagaisnéis. D’fhéadfadh go mbeadh ábhar ar an idirlíon nach bhfuil fíor, nach n-aontaíonn tú leis nó nach dtaitníonn leat, ach ní fhágann sé sin go mbainfear an t-ábhar seo den idirlíon má dhéanann tú é a thuairisciú. Mura bhfuil an t-ábhar mídhleathach nó muna théann sé i gcoinne Théarmaí agus Choinníollacha an ardáin, ní dócha go mbainfear é.
Tá sé tábhachtach labhairt le duine fásta iontaofa faoi cheisteanna nó faoi bhuairt atá agat faoi a bheith ar líne. Má theastaíonn cúnamh uait chun a mheas cé acu atá nó nach bhfuil an t-eolas a fheiceann tú ar líne cruinn, féach ar ár suíomh gréasáin Bíodh Tuiscint Agat ar na Meáin. Treoraíonn sé chuig d’eagraíochtaí seiceála fíricí thú.
Mura bhfuil aon bhealach ann chun an t ábhar seo a thuairisciú, nó mura fhreagraíonn an t-árdan do thuairisc i mbealach tráthúil ag míníú an fáth gur bhain nó nár bhain siad an t-ábhar ón árdán, is é do cheart é seo a thuairiciú do Choimisiún na Meán.
Má dhéanann tú tuairisc do Choimisiún na Meán, cuirfear roinnt ceisteanna ort ionas gur féidir lenár bhfoireann an tsaincheist a fhiosrú. Uaireanta, ní hé Coimisiún na Meán an eagraíocht ceart chun cabhrú leat agus d’fhéadfaí go n-atreorófar tú chuig eagraíocht eile ar féidir cabhrú leat. Tabhair faoi deara – níl sé de chumhacht ag Coimisiún na Meán ábhar mídhleathach a bhaint anuas láithreach ón idirlíon. Mar sin féin, má fhaighimid amach go bhfuil ardán ag sárú na rialacha go córasach, is féidir linn imscrúdú a thosú. Má chinneann an t-imscrúdú seo gur bhris an t-ardán na rialacha, is féidir linn fíneálacha suntasacha a ghearradh. Féach ar ár ndlíthe éagsúla ar leathanach an Chreata Sábháilteachta Ar Líne.
– Bíonn sé dúshlánach fios a bheith agat má tá píosa eolais cruinn agus iontaofa, go háirithe nuair atá an oiread sin faisnéise ar fáil ó raon leathan foinsí, lena n-áirítear ardú an ábhair a ghintear le IS agus domhainbhrionnuithe atá ag fás de shíor.
– Maoiníonn agus éascaíonn Coimisiún na Meán Litearthacht sna Meáin, Éire, a chomhordaíonn, i measc rudaí eile, an feachtas agus an suíomh gréasáin Bíodh Tuiscint Agat ar na Meáin. Is féidir le daoine óga féachaint ar ábhar atá ar an suíomh gréasáin Bíodh Tuiscint Agat ar na Meáin, chomh maith leis an bhfaisnéis seiceála fíricí, mura bhfuil siad cinnte faoin eolas a léann nó a fheiceann siad.
– Is í príomhtheachtaireacht an fheachtais agus an tsuímh gréasáin seo ná go STOPANN, SMAOINÍONN agus SEICEÁLANN daoine nuair a léann siad eolas ar bith. Tá leideanna ar an suíomh gréasáin Bíodh Tuiscint Agat ar na Meáin faoin gcaoi leis seo a dhéanamh, chomh maith le rannán ‘Cuir Ceist ar na Saineolaithe’, áit is féidir leat aon cheist atá agat a chur ar réimse saineolaithe i réimsí na hacadúlachta, na hiriseoireachta, agus na meán. Is dea-chleachtas é úsáid a bhaint as foinsí meán seanbhunaithe, ábhar a scríobhann iriseoirí oilte agus a chuirtear faoi réir seiceálacha eagarthóireachta mionchúiseacha.
– Dá mhó an cleachtadh atá againn agus ár bhfoinsí á seiceáil, is amhlaidh is fearr a bheimid in ann a aithint nuair atá cuma chearr nó mhícheart ar rud éigin. Is scil fad saoil í nach mór a chur in oiriúint don teicneolaíocht athraitheach.
Bagairt don daonlathas
– Is féidir scaipeadh na mífhaisnéise agus na bréagaisnéise a bheith ina fhíorbhagairt don daonlathas. Sampla den bhréagaisnéis ar líne ab ea íomhá a cuireadh timpeall ar na meáin shóisialta le linn chíréibeacha Bhaile Átha Cliath in 2023 de thancanna airm na hÉireann ar shráideanna na cathrach. Deimhníodh gur glacadh an grianghraf seo le linn gnáthoibríocht eile den arm roimhe seo i dTír an Iúir agus nach raibh ceangal ar bith aici leis na círéibeacha. Bhréagnaigh Arm na hÉireann fírinneacht na híomhá, chomh maith le hiriseoirí a bhí i láthair ag na círéibeacha. Sampla eile den bhréagaisnéis is ea an físeán domhainbhrionnaithe de Catherine Connolly a cuireadh ar na meáin shóisialta sa tréimhse roimh Thoghchán Uachtaránachta 2025. Luadh go bréagach san fhíseán go raibh Connolly ag tarraingt amach as an toghchán. Tuairiscíodh an phostáil seo don ardán ar a raibh sé agus baineadh é toisc gur sárú ar na Téarmaí agus Coinníollacha a bhí ann.
– Tacaíonn Coimisiún na Meán le taighde agus déanann sé taighde amhail Tuarascáil na Nuachta Digití, Éire agus ár dtaighde ar eispéireas na n-iarrthóirí don toghchán chun a chinntiú go bhfuil na sonraí againn faoin gcaoi a bhfoinsíonn daoine ábhar nuachta, an chaoi a dtéann siad i ngleic leis agus a mbaineann siad úsáid as, agus tuiscint a fháil ar eispéiris iarrthóirí i dtoghcháin.
– Thacaigh Coimisiún na Meán leis an bhfeachtas litearthachta sna meáin Bí Cliste faoi na Toghcháin freisin, a d’athsheol EDMO Éire agus Litearthacht sna Meáin, Éire le déanaí roimh an Toghchán Uachtaránachta in 2025 agus atá dírithe ar leideanna praiticiúla a chomhroinnt chun cabhrú le daoine cinntí eolacha a dhéanamh bunaithe ar fhaisnéis atá cruinn agus iontaofa.
Tionchar ar iarrthóirí toghcháin
Fuair staidéar a rinne Coimisiún na Meán in 2024 amach gur fhulaing 59% d’iarrthóirí san olltoghchán agus 48% d’iarrthóirí sna toghcháin áitiúla a ndearnadh suirbhé orthu ó iompraíocht dhiúltach ar líne le linn a bhfeachtais toghchánaíochta. Is féidir le heispéireas den sórt sin daoine a dhíspreagadh ó sheasamh i dtoghchán, rud a d’fhéadfadh líon na n-iarrthóirí i dtoghchán a laghdú agus an rogha atá ar fáil do vótálaithe a laghdú ina dhiaidh sin. Ar mhaithe le cur ina choinne sin, d’fhorbraíomar dhá phacáiste eolais – ceann amháin d’iarrthóirí atá ag seasamh i dtoghchán agus ceann eile d’iriseoirí, a d’fhéadfadh a bheith ag tuairisciú faoi thoghcháin. Tugann na pacáistí seo aitheantas don obair thábhachtach a dhéanann an dá ghairm seo ar son an daonlathais agus tugann siad comhairle phraiticiúil faoin méid is féidir le hiarrthóirí toghcháin agus iriseoirí a dhéanamh má thagann siad ar ábhar díobhálach nó mídhleathach ar líne, lena n-áirítear an chaoi le héigeandáil nó coir a thuairisciú don Gharda Síochána.
Corraíl nó foréigean sa saol mar atá
Is féidir le roinnt ábhar polaitíochta ar líne, lena n-áirítear scaipeadh na mífhaisnéise agus na bréagaisnéise, a bheith ina chúis le gníomhartha corraíola agus foréigin sa saol mar atá, cur i gcás círéibeacha Chathair Bhaile Átha Cliath an 23 Samhain 2023 agus agóidí foréigneacha in Iarthar na Cathrach ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2025. Mar gheall ar nádúr láithreach na meán sóisialta, is féidir eolas, lena n-áirítear eolas atá bréagach nó nach bhfuil deimhnithe, a scaipeadh go forleathan, go han-sciobtha. Is féidir leis sin a bheith ina chúis le daoine a shlógadh go tapa, nó a tharraingt isteach sna himeachtaí sin, agus d’fhéadfadh sé daoine a chur i bpriacal díobhála. Toradh straitéiseach tábhachtach do Choimisiún na Meán is ea a chinntiú go bhfuil ‘Tírdhreach meán a neartaíonn sláinte agus sábháilteacht an phobail’ againn in Éirinn. Oibrímid go dlúth leis an nGarda Síochána maidir le cúrsaí a imríonn tionchar ar shábháilteacht an phobail agus glacaimid páirt ghníomhach i meithleacha chun iarracht a dhéanamh feabhas a chur air sin.
An moratóir craolacháin
In 2024, d’fhógair Coimisiún na Meán athsholáthar an mhoratóra craoltóireachta ar chlúdach na n-imeachtaí toghcháin, a chuir cosc ar stáisiúin teilifíse agus raidió ábhar a d’fhéadfadh tionchar a imirt nó dul i gcion ar chinneadh vótálaí a chraoladh ó 2pm ar an lá roimh lá na vótála agus ar feadh lá na vótála féin go dtí go ndúnfaí stáisiúin vótála.
Ní raibh an srian seo i bhfeidhm ar na meáin shóisialta, agus bhí ábhair imní a bhí ag dul i méid maidir le mífhaisnéis agus bréagaisnéis a bheith á scaipeadh ar líne sa tréimhse roimh thoghcháin. Baineadh an moratóir agus tháinig an Ceanglas Cúraim Bhreise do chraoltóirí ina áit le linn Thréimhse Chriticiúil an Toghcháin, atá i bhfeidhm ó 7am ar an lá sula dtosaíonn an vótáil go dtí go dtagann deireadh leis an vótáil ar lá na vótála (10pm de ghnáth).
Ceanglaíonn an Ceanglas Cúraim Bhreise ar chraoltóirí leibhéal níos airde de chúram eagarthóireachta a ghlacadh ina gclúdach ar imeacht toghcháin agus, go háirithe, ar eolas nua a bhaineann le himeacht toghcháin a chreideann siad, nó ar cheart dóibh a chreidiúint le réasún, gur scaipeadh é le linn na tréimhse sin agus a bhfuil an chuma air go bhfuil sé beartaithe chun vótálaithe a chur ar míthreoir nó mearbhall a chur orthu nó go bhféadfadh sé, ar an dóigh chéanna, go gcuirfí vótálaithe ar míthreoir nó go gcuirfí mearbhall orthu mar nach bhféadfaí an fhaisnéis nua a fhíorú nó a thuairisciú go cruinn mar gheall ar easpa ama.
Dlíthe nua an Aontais Eorpaigh maidir le fógraíocht pholaitiúil
Tá sé d’aidhm ag dlíthe nua an Aontais Eorpaigh maidir le fógraíocht pholaitiúil, dlíthe a tháinig i bhfeidhm i mí Dheireadh Fómhair 2025, a chinntiú gur féidir leis an bpobal roghanna eolacha a dhéanamh, mar shampla roghanna maidir le reifrinn agus le toghcháin, lena n-áirítear trína dhéanamh níos fusa ar an bpobal an fhógraíocht pholaitiúil a aithint. Is éard atá i gceist le lipéadú na bhfógraí sin ná an pobal a chur ar an eolas faoin duine, faoin ngrúpa nó faoin eagraíocht atá ag déanamh na fógraíochta féin, agus a chinntiú go bhfuil siad ar an eolas faoi cé acu is fógra polaitiúil spriocdhírithe é an fógra a fuair siad, nó nach ea. Tá sé d’aidhm ag na dlíthe aghaidh a thabhairt ar chur isteach mídhleathach i dtoghcháin/reifrinn chomh maith, lena n-áirítear ó thríú tíortha lasmuigh den Aontas Eorpach. Foráiltear leis na dlíthe nua:
– nach mór go ndéantar lipéadú ar fhógraí polaitíochta íoctha agus/nó spriocdhírithe mar fhógraí den sórt sin agus go dtugtar roinnt eolas tábhachtach fúthu, lena n-áirítear a n-urraitheoir, an toghchán nó an reifreann lena mbaineann siad, na suimeanna a íocadh, agus aon úsáid a bhaintear as teicnící spriocdhírithe.
– go n-urramófar coinníollacha níos doichte le spriocdhíriú na bhfógraí polaitíochta ar líne. Ní féidir sonraí a bhailítear ó dhuine a úsáid ach amháin i ndiaidh dóibh toiliú soiléir ar leith a thabhairt dá n-úsáid san fhógraíocht pholaitiúil. Ní féidir catagóirí speisialta de shonraí pearsanta, ar nós’ sonraí a nochtann tuairimí polaitiúla nó bunús ciníoch nó eitneach, a úsáid chun próifíliú a dhéanamh i gcomhthéacs na fógraíochta polaitiúla.
– ar mhaithe le cur isteach eachtrannach a chosc, ní cheadófar fógraí arna n-íoc ag urraitheoirí tríú tíre a dhéanamh sa trí mhí roimh thoghchán nó reifreann i dtír AE.
Má fheiceann tú ábhar atá ag sárú na reachtaíochta seo i do thuairim, is féidir leat é a thuairisciú don ardán ar líne.
– Is féidir le roinnt gnéithe mór-éilimh de na meáin shóisialta (i.e. fothaí a choimeádtar go halgartamach) cur le polarú polaitíochta, toisc gur féidir leo ‘bothanna macallaí’ a chruthú. Nuair a leanann nó a léann daoine cineálacha áirithe ábhar nó tuairimí ar líne, nó má fholaíonn nó má ruaigeann siad dearcthaí nach n-aontaíonn siad leo, ní fheicfidh siad ach tuairimí ‘molta’ agus daoine ar an bhfotha acu a bhfuil na tuairimí céanna acu dá bharr sin. Má léann daoine an rud céanna arís agus arís eile, gan cheistiú, plé nó bréagnú ar bith, is dócha go gcreidfidh siad ann níos mó agus is féidir polarú tuairimí a bheith mar thoradh air sin. Cé go gceanglaíonn cóid chraoltóireachta ar na meáin chraolta thraidisiúnta tuairisciú cothrom ar shaincheist pholaitiúil a chur i láthair, ní bhíonn na meáin shóisialta faoi réir na gcaighdeán céanna.
– Faoin gCreat Sábháilteachta ar Líne, ceanglaítear ar na hardáin is mó (breis agus 45 milliún úsáideoir in aghaidh na míosa) rogha a chur ar fáil d’fhothaí nach bhfuil bunaithe ar phróifíliú.
– Mar rialtóir meán, is é an ról atá ag Coimisiún na Meán ná a chinntiú go bhfuil ardáin ag cloí leis na rialacha faoin gCreat Sábháilteachta ar Líne. Chun teacht ar eolas faoi fhiosrúcháin Choimisiún na Meán, is féidir leat clárú dár nuashonruithe nuachta anseo.
Daoine óga a chosaint
– Cuspóir straitéiseach tábhachtach de chuid Choimisiún na Meán is ea ‘Tírdhreach meán a sheasann le cearta, folláine agus forbairt leanaí, agus a thacaíonn lena rannpháirtíocht shábháilte le hábhar’ a chothú agus tacú leis sin.
– Tá sraith acmhainní oideachais cruthaithe ag an bhFoireann Litearthachta sna Meáin agus Oideachais Úsáideoirí do scoláirí na Sraithe Sóisearaí agus na Sraithe Sinsearaí a dhíríonn ar a gcuid ceart ar líne faoin gCreat Sábháilteachta ar Líne nua. Áirítear orthu sin an ceart chun cosaint a fháil ar ábhar mídhleathach agus díobhálach ar líne agus an ceart chun ábhar mídhleathach agus díobhálach a thuairisciú, mar aon leis an gceart chun príobháideachais.
– Idir mí na Samhna 2025 agus mí an Mhárta 2026, ritheamar feachtas feasachta do dhaoine óga agus do thuismitheoirí daoine óga chun iad a chur ar an eolas faoin gceart atá acu chun ábhar díobhálach agus mídhleathach ar líne a thuairisciú. Is í an teachtaireacht atá againn ná nach bhfuil sé inghlactha riamh go bhfeicfeadh nó go léifeadh daoine óga ábhar díobhálach nó mídhleathach ar líne.
– Faoin gCreat Sábháilteachta ar Líne, tá na hardáin freagrach as bearta tuairiscithe a bheith ann atá éasca le haimsiú agus le húsáid, chun fáil tuarascálacha a dheimhniú agus an cinneadh a dhéantar a chur in iúl don duine a thuairiscigh gan moill mhíchuí. Chun gabháil lenár bhfeachtas, tá treoracha agus físeáin ar ár suíomh gréasáin chomh maith chun cabhrú le daoine ábhar díobhálach agus mídhleathach ar líne a thuairisciú.
Aghaidh a thabhairt ar mhífhaisnéis
– Toradh straitéiseach tábhachtach eile de chuid Choimisiún na Meán is ea ‘Tírdhreach meán a bheith ann a thacaíonn leis an daonlathas agus le luachanna daonlathacha, atá mar bhonn faoin dioscúrsa sibhialta agus a laghdaíonn tionchar na bréagaisnéise’ a chinntiú. Tá sé ríthábhachtach rochtain ar fhaisnéis iontaofa ó réimse foinsí a chinntiú agus daoine a réiteach le scileanna chun cinntí eolacha a dhéanamh faoi ábhar meán chun aghaidh a thabhairt ar bhréagaisnéis.
– Tá líon Scéimeanna Iriseoireachta ag Coimisiún na Meán, ag cuimsiú Scéim Tuairiscithe Nuachta, Scéim Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil agus Scéim Tuairiscithe na gCúirteanna. Tá sé d’aidhm leis na scéimeanna seo maoiniú a chur ar fáil chun cur leis an gclúdach a dhéantar ar údaráis áitiúla agus ar éisteachtaí na Cúirte Dúiche agus Cuarda agus an clúdach sin a fheabhsú, mar aon le tuairisciú nuachta nach ndéantar foráil chuí dó nó atá i mbaol a leithéide. Tuigimid go bhfuil sé tábhachtach eolas atá áitiúil, cruinn agus seiceáilte i gcomhair fíricí a chur ar fáil mar fhreagra ar mhífhaisnéis agus ar bhréagaisnéis.
– Ritheann Coimisiún na Meán an scéim mhaoinithe Fuaim agus Fís chomh maith, scéim a sholáthraíonn maoiniú do chraoltóirí agus léiritheoirí neamhspleácha chun cruthú clársceidealaithe atá ar ardchaighdeán lena léirítear cultúr, stair, teanga agus éagsúlacht na hÉireann a chumasú. Faoin scéim seo, is féidir le léiritheoirí maoiniú a fháil faoi chritéir éagsúla, cur chun cinn na litearthachta sna meáin ina measc. Cuireann scileanna litearthachta sna meáin ar ár gcumas na meáin a thuiscint agus a mheasúnú go criticiúil, scil atá cabhrach le dul i ngleic leis an mífhaisnéis.
– Tá sé tábhachtach go bhfeicfeadh agus go gcloisfeadh daoine óga guthanna éagsúla sna meáin agus go mothaíonn siad go ndéantar ionadaíocht orthu. Bealach eile le cur i gcoinne na mífhaisnéise agus le daoine óga a chosaint ná meáin chumarsáide a bheith againn atá ionchuimsitheach agus éagsúil agus a chuimsíonn raon guthanna agus eispéiris éagsúla. In 2024, d’fhoilsigh Coimisiún na Meán an Straitéis Inscne, Comhionannais, Éagsúlachta agus Ionchuimsitheachta atá aige d’earnáil na meán. Is í seo an chéad straitéis den sórt sin do thionscal na hÉireann agus tá sé d’aidhm aici tacú le tírdhreach meán a thugann léiriú ar éagsúlacht shochaí na hÉireann, agus a thugann rochtain ar an tsochaí sin, agus an cineál tírdhreacha sin a chothú.
Ní bhaineann treoir na Seirbhísí Meán Closamhairc le hábhar fuaime lena n-áirítear podchraoltaí. Tá an Treoir faoi athbhreithniú, áfach, agus déanfaidh Coimisiún na Meán monatóireacht ar athrú ar bith sa réimse sin.
Faoi dhlí an Aontais Eorpaigh, táimid freagrach as ardáin a bhfuil a gceanncheathrú AE acu in Éirinn a rialú. Oibrímid le rialálaithe a rialaíonn ardáin atá lonnaithe i dtíortha AE eile chomh maith. Má athraítear nó má nuashonraítear dlí ar leith, d’fhéadfadh sé go n-athrófaí ár ndualgais. Ach mura dtarlaíonn sé sin, leanfaimid orainn ag rialú agus ag déanamh monatóireachta ar na hardáin a bhfuilimid freagrach astu faoi láthair.
Baineann Coimisiún na Meán úsáid as modhanna éagsúla chun litearthacht sna meáin a thomhas. Ós rud é nach ionann gach tionscnamh, tá sé tábhachtach go nglactar an cur chuige is oiriúnaí, ag brath ar an tionscnamh.
Mar shampla, d’fhéadfadh sé gur tionscnamh litearthachta sna meáin é ceann díobh seo a leanas:
– Plean ceachta ar scoil
– Ceardlann do mhúinteoirí nó do thuismitheoirí
– Feachtas feasachta poiblí
Tá miondealú ar thionscnaimh éifeachtacha um litearthacht sna meáin le fáil i dtreoirlínte EDMO.
Ar mhaithe leo siúd a mheasúnú, d’fhéadfaimis na bearta seo a leanas a dhéanamh:
– Suirbhé a dhéanamh le scoláirí a rinne an plean ceachta
– Agallamh a chur ar mhúinteoirí nó ar thuismitheoirí a d’fhreastail ar an gceardlann
– Grúpaí fócais a chur ar bun chun feachtas feasachta poiblí a mheasúnú
Is féidir an Teoiric um Athrú a úsáid chun aon tionscadal, gníomhaíocht nó clár oideachais um litearthacht sna meáin a mheasúnú. Nuair a bhíonn tionscnamh um litearthacht sna meáin á chruthú, smaoinigh ar an méid seo a leanas:
1. Leag amach an fhadhb: Mar shampla, an bhfuil fonn ort meonta maidir le húsáid na meán sóisialta a athrú, nó an bhfuil fonn ort daoine níos sine a chur ar an eolas faoin IS?
2. Cad atá á dhéanamh agat faoin bhfadhb agus cé lena bhfuil sé á dhéanamh agat? Mar shampla, an bhfuil plean ceachta á scríobh agat nó an bhfuil ceardlann ghrúpa á déanamh agat?
3. Cén difear a dhéanfaidh an rud atá á dhéanamh agatsa? An bhfuil tú ag súil le tuilleadh feasachta a chruthú ar dhíobhálacha ar líne, nó cabhrú le daoine ábhar níos eiticiúla a chruthú ar líne?
4. Conas a d’fhéadfadh na difríochtaí seo cur le hathrú níos leithne sa tsochaí? An bhféadfaí an tionscnamh seo a chur in oiriúint do ghrúpaí eile nó a fhorbairt do ghrúpaí níos mó?
Is féidir leat tuilleadh a léamh faoin Teoiric um Athrú ag na naisc thíos:
– www.ofcom.org.uk/siteassets/resources/documents/research-and-data/media-literacy-research/making-sense-of-media/evaluate/toolkit/evaluation-toolkit.pdf?v=412905
– iris.who.int/server/api/core/bitstreams/7b434899-19fb-4806-bbf5-4d6db72aa0cd/content
– www.bournemouth.ac.uk/sites/default/files/asset/document/ToC-Guide-updated.pdf
– Aithníonn Coimisiún na Meán an díobháil ar féidir a dhéanamh do leanaí agus daoine óga mar gheall ar ‘phoill choiníní’ ar líne ar féidir leo a bheith mar thoradh ar na córais moltóirí a bhíonn in úsáid ag ardáin.
– Ceanglaíonn Airteagal 27 den Acht um Sheirbhísí Digiteacha (ASD) ar sholáthraithe ardán ar líne a úsáideann córais moltóirí an chaoi a bhfeidhmíonn na córais seo a leagan amach i dteanga shimplí ina gcuid téarmaí agus coinníollacha, lena n-áirítear na príomhpharaiméadair a úsáidtear agus na roghanna atá ag úsáideoirí chun iad a athrú nó tionchar a imirt orthu
– Ceanglaíonn Airteagal 28 den Acht um Sheirbhísí Digiteacha ar ardáin ar líne bearta a chur i bhfeidhm chun ardleibhéal príobháideachais, sábháilteachta agus slándála do mhionaoisigh a chinntiú. D’fhéadfaí go mbeadh san áireamh leis sin cinntiú nach ndéanann a gcórais moltóirí díobháil do leanaí.
– Déanann an Coimisiún Eorpach maoirseacht ar Airteagal 34 den Acht um Sheirbhísí Digiteacha agus ceanglaíonn sé ar sholáthraithe ardán agus inneall cuardaigh an-mhór ar líne aon riosca córasach a bhaineann lena gcórais a eascraíonn as dearadh nó feidhmiú a gcuid córas moltóirí a aithint, a anailísiú agus a mheasúnú.
– Má tá roinnt córais moltóirí ag ardán ar líne atá in ann ord an ábhair a thaispeántar a chinneadh, ní mór dó a chinntiú go dtugtar feidhmiúlacht d’úsáideoirí chun an rogha is fearr leo a roghnú agus a athrú am ar bith. Is féidir linn aghaidh a thabhairt ar chontúirtí féideartha na gcóras moltóirí tríd an maoirseacht a dhéanaimid ar an Acht um Sheirbhísí Digiteacha.
– Tá cúpla ceann de na fiosrúcháin atá oscailte ag an gCoimisiún Eorpach faoin Acht um Sheirbhísí Digiteacha ag breathnú go sonrach ar thionchar na gcóras moltóirí ar leanaí.
Tuarascálacha Choimisiún na Meán
– An Tuarascáil ar Nuacht Dhigiteach na hÉireann 2026
Cuireann an tuarascáil seo sonraí inchomparáide idirnáisiúnta ar fáil faoi léamh nuachta, chomh maith le roinnt léargais ar nósanna agus ar dhearcthaí phobal na hÉireann.
– I mbun Feachtas Digiteach
Tugann tuarascáil Choimisiún na Meán breac-chuntas ar eispéireas na n-iarrthóirí toghcháin sa tréimhse roimh na toghcháin in 2024.
– Dearcthaí an Lucht Féachana agus Éisteachta i leith Ábhar Meán atá Díobhálach agus Colúil
Déanann an tuarascáil ‘Dearcthaí an Lucht Féachana agus Éisteachta i leith Ábhar Meán atá Díobhálach agus Colúil’ measúnú ar dhearcthaí daoine fásta agus leanaí i leith ábhar teilifíse, raidió, pictiúrlainne, siamsaíochta baile agus seirbhísí físeán ar éileamh a d’fhéadfadh a bheith díobhálach nó colúil.
Tuarascálacha Rialtais
– An Straitéis Náisiúnta Frith-Bhréagaisnéise
Déanann an Straitéis iniúchadh ar dhúshlán na bréagaisnéise in Éirinn, na héifeachtaí díobhálacha a bhíonn aici ar an tsochaí agus cé chomh casta atá sí mar shaincheist bheartais.
– Tascfhórsa Sláinte ar Líne
Foilsíonn an tAire Sláinte an Tuarascáil Deiridh den Tascfhórsa Sláinte ar Líne
Bunaíodh an Tascfhórsa Sláinte ar Líne i Meán Fómhair 2024 mar aitheantas ar chorpas méadaitheach fianaise, in Éirinn agus ar go hidirnáisiúnta, a léiríonn an nasc atá idir cineálacha áirithe gníomhaíochta ar líne agus díobhálacha sláinte fisicí agus meabhairshláinte do leanaí agus daoine óga.
– Tascfhórsa um Rannpháirtíocht Shábháilte sa Saol Polaitíochta
Tuarascáil ón Tascfhórsa um Rannpháirtíocht Shábháilte sa Saol Polaitíochta – An Tuarascáil arna tíolacadh don Cheann Comhairle agus do Chléireach na Dála – Bealtaine 2024
Chuir an Ceann Comhairle, an Teachta Seán Ó Fearghaíl, agus an Cathaoirleach, an Seanadóir Jerry Buttimer, Tascfhórsa um Rannpháirtíocht Shábháilte sa Saol Polaitíochta ar bun mar fhreagra ar thuarascálacha go bhfuil leibhéal méadaitheach mí-úsáide, lena n-áirítear drochíde, ciapadh agus imeaglú ar líne, rompu siúd a ghlacann páirt sa saol polaitíochta. Tá iarmhairtí na mí-úsáide, mar a léirítear i staidéir náisiúnta agus idirnáisiúnta, forleathan do na daoine aonair a bhíonn thíos léi agus is féidir léi a bheith ina bacainn fhéideartha ar rannpháirtíocht sa saol polaitíochta agus baint den phróiseas daonlathach
– Tuarascáil ar Mhí-Úsáid agus Ciapadh Chomhaltaí Thithe an Oireachtais agus a bhFoirne Polaitiúla
Tá torthaí suirbhé a rinneadh ar chomhaltaí an Oireachtais agus na foirne polaitiúla i mí Feabhra 2024 sa tuarascáil seo. Is é seo an chéad suirbhé riamh a rinneadh in Éirinn le comhaltaí reatha an Oireachtais agus a mbaill foirne. Is é an cuspóir a bhí ag an suirbhé ná scrúdú a dhéanamh ar an oiread mí-úsáide agus ciaptha atá ann (lena n-áirítear drochíde ar líne), ar eispéiris ar mhí-úsáid/ciapadh, agus ar thionchar na mí-úsáide agus an chiaptha orthu siúd a ghlacann páirt sa saol polaitíochta.
Séanadh: Ní hionann comhroinnt na hacmhainne seo a leanas agus léiriú go n-aontaíonn nó go molann Coimisiún na Meán moladh nó dearcadh ar bith a chuirtear in iúl san acmhainn, nó i dtuarascálacha nó ráitis eile ó na húdair nó na heagraíochtaí foilsitheoireachta. Cuireadh san áireamh í chun críocha faisnéise amháin chun cabhrú leis an bpobal a chur ar an eolas faoin gcaoi a gcomhlíonann ardáin Acht um Sheirbhísí Digiteacha an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear an chaoi a dtugann siad aghaidh ar shláine toghcháin.
Taighde acadúil
– Ardáin a dTeipeann orthu maidir le Sláine Toghcháin: Torthaí Tosaigh EDMO Éire
Mar chuid d’athbhreithniú leanúnach EDMO Éire ar chomhlíonadh na n-ardán le forálacha an Achta um Sheirbhísí Digiteacha an Aontais Eorpaigh (ASD) le linn Thoghchán Uachtaránachta na hÉireann 2025, chomhroinn siad a gcuid barúlacha tosaigh ar roinnt treochtaí imníocha sa chaoi a bhfuil aghaidh tugtha ag ardáin ar líne ar shláine toghcháin.
Sa chuid seo:
- Leanaí & daoine óga
- Tuairisc & gearán a dhéanamh
- Rud a chonaic mé ar an teilifís, ar fhíseán ar éileamh nó a chuala mé ar an raidió
- Rud a chonaic mé nó a tharla dom ar líne
- Deacracht maidir le rochtain a fháil ar sheirbhís meán closamhairc
- Treoracha & acmhainní
- Sábháilteacht ar líne
- Teilifís, raidió & físeán ar éileamh
- Forbairt na meán