Eolas d’oideoirí

Tá raon acmhainní bunscoile agus iar-bhunscoile againn ar thopaicí a bhaineann le litearthacht sna meáin, IS, cearta ar líne agus saoránacht dhigiteach.

Tá na hacmhainní seo oiriúnach d’ábhair amhail Folláine, OSSP, OSPS, Litearthacht sna Meáin Dhigiteacha agus an Pholaitíocht agus an tSochaí. D’oirfidís chomh maith d’am tacaíochta le múinteoir (‘Tutor Time’), nó do mhodúil na hIdirbhliana. Tá ár n-acmhainní go léir ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge. 

Acmhainní iar-bhunscoile

Cearta, Rialacha agus Tuairisciú ar Líne

Ceapadh ár bpleananna ceachta chun cabhrú leat ról Choimisiún na Meán a chur i láthair do ranga agus chun iniúchadh a dhéanamh ar chearta faoinár gCreat Sábháilteachta ar Líne.

Seo breac-chuntas ar a bhfuil i ngach plean ceachta:

Tá an méid a leanas le gach Plean Ceachta le haghaidh na Sraithe Sóisearaí agus na Sraithe Sinsearaí:

Is féidir le scoileanna ríomhphost a chur chuig [email protected] más mian leo cóipeanna crua de na póstaeir a fháil.

Tá an físeán thíos ina chuid den phlean ceachta. Tugtar breac-chuntas ann ar na cearta a thugann ár gCreat Sábháilteachta ar Líne do dhaoine óga.

Bíodh Tuiscint Agat ar na Meáin

Leis na leideanna seo don seomra ranga, baintear úsáid as an gcur chuige STOP, SMAOINIGH, SEICEÁIL chun déanamh amach an bhfuil píosa eolais cruinn nó nach bhfuil.

Tá an acmhainn seo ar fáil lena híoslódáil, agus tá sí ina túsphointe úsáideach don phlé maidir le fíricí a sheiceáil agus bréagfhaisnéis a aithint.

Bí Feasach ar an IS

Tá cúig leid riachtanacha curtha i dtoll a chéile againne i gcomhar leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí chun cabhrú le déagóirí plé le IS ar bhealach sábháilte agus freagrach.

Tá an acmhainn seo ar fáil lena híoslódáil, agus tá sí ina túsphointe úsáideach don phlé maidir le húsáid IS sa seomra ranga.

Acmhainní bunscoile

An Clár um Oideachas Saoránach Digiteach

Tá clár náisiúnta nua um shaoránacht dhigiteach forbartha ag Webwise, i gcomhar linn agus lenár gcuid tacaíochta, do dhaltaí i Rang 5 agus Rang 6.

Switched On

Cruthaíodh an clár Switched On le cuidiú agus tacú le hoideoirí agus iad ag múineadh do dhaltaí conas a ghníomhú mar shaoránaigh dhigiteacha shábháilte, fhreagracha agus chumasacha de réir mar a fhaigheann siad faoi réir le haistriú go hoideachas iar-bhunscoile.

Mealladh na Meán

Agus iad scríofa i gcomhar le News Mag Media, beidh na modúil Mealladh na Meán le feiceáil i ndeich n-eagrán den iris Primary Planet idir Feabhra 2026 agus Eanáir 2027. Sna modúil Mealladh na Meán clúdaítear na topaicí seo a leanas:

  1. Cad iad na meáin? (Feabhra)
  2. Cé leis na meáin? (Márta)
  3. Fíric nó Bréag? (Aibreán)
  4. STOP. SMAOINIGH. SEICEÁIL. (Bealtaine)
  5. Fógraíocht agus áitiú (Meitheamh)
  6. Cuir aithne ar an gCoimisinéir Sábháilteachta ar Líne (Meán Fómhair)
  7. Rialacha agus cearta (Deireadh Fómhair)
  8. Sábháilteacht agus príobháideachas (Samhain)
  9. Ról IS (Nollaig)
  10. Príomhleideanna sábháilteachta ar líne (Eanáir)

Tá na modúil dhá leathanach seo oiriúnach do dhaltaí idir Rang 3 agus Rang 6 agus d’fhéadfadh sé go n-oirfidís do roinnt scoláirí sa Chéad Bhliain chomh maith. Tá gníomhaíochtaí seomra ranga sna modúil lena gcuirtear leis an bhfoghlaim, agus tá siad ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge.

Ceisteanna Coitianta do Mhúinteoirí

An Plean Ceachta Cearta, Rialacha agus Tuairisciú ar Líne a Theagasc

Ábhar díobhálach agus mídhleathach ar líne

IS