Clár nua Scileanna agus Forbartha Meán seolta

Speaker addressing a group of people

Inniu (14.10.2025), d’oscail Coimisiún na Meán an chéad bhabhta dá Chlár Scileanna agus Forbartha Meán, a chuirfidh suas le €550,000 i maoiniú ar fáil chun tacú le gníomhaíochtaí oiliúna, foghlama agus forbartha in earnáil na meán ar fud na hÉireann.

Glacann sé áit an Chláir Foghlama agus Forbartha Earnála, a bhíodh á fheidhmiú ag an gCoimisiún agus ag na heagraíochtaí a bhí ann roimhe ar feadh scór bliain.

Léirítear sa Chlár nua an sainchúram níos leithne atá ag an gCoimisiún agus tá sé d’aidhm aige tacú le gníomhaíochtaí a chuireann aidhmeanna Ráiteas Straitéise na heagraíochta agus a fhís chun tírdhreach meán atá inbhuanaithe, iolraíoch agus rannpháirteach, agus a léiríonn agus a mhúnlaíonn ár bhféiniúlacht mar shochaí chun cinn.

Dúirt Coimisinéir Forbartha na Meán Choimisiún na Meán Rónán Ó Domhnaill: “Tá áthas orainn ár gClár nua Scileanna agus Forbartha Meán a sheoladh. Tá sé ríthábhachtach go leanfar le scilbhisiú agus athsciliú chun an nuálaíocht riachtanach a éascú le go mbeidh earnáil na meán in ann oiriúnú do theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus freastal ar riachtanais an lucht féachana agus éisteachta. Tacaímid le hoiliúint i mBéarla agus i nGaeilge araon agus cuirfear fáilte roimh iarratais trí mheán na Gaeilge.

“Tá sé d’aidhm ag an gClár nua seo tacú le gníomhaíochtaí a mbíonn tionchar mór acu agus a spreagann comhoibriú, comhar agus comhpháirtíocht. Is cuid ríthábhachtach dár gcuid oibre tacú le gníomhaíochtaí oiliúna, foghlama agus forbartha a chothaíonn ábhar ardchaighdeáin chun leasa gach duine againn a bhíonn ag úsáid na meán. Táimid ag tnúth le tograí spreagúla a fháil ó iarratasóirí incháilithe a léiríonn agus a chuireann chun cinn aidhmeanna ár Ráitis Straitéise.”

Leis an gClár nua, leanfaidh an Coimisiún le réimse leathan gníomhaíochtaí oiliúna agus foghlama a mhaoiniú, mar shampla, gníomhaíochtaí ag tacú leis na meáin phobail, an raidió tráchtála, na meáin Ghaeilge agus tograí éagsúlachta ar fud tírdhreach na meán. D’fhéadfaí a áireamh leo sin oiliúint lena maolaítear ganntanais scileanna in earnáil na meán, nó lena soláthraítear deiseanna forbartha gairmiúla i réimsí áirithe.

I measc na mbuaiteoirí ó bhabhtaí Foghlama agus Forbartha Earnála le déanaí tá: CRAOL, Oireachtas na Gaeilge, Cultural and Creative Industries Skillsnet, GORM Media, Learning Waves agus Women in Film and Television.

Is é meán lae ar an 10 Samhain 2025 an dáta deiridh chun iarratais a chur isteach.

Treoir d’iarratasóirí

Foirm iarratais