Foghlaim & forbairt

Aithníonn Coimisiún na Meán an tábhacht a bhaineann le hoiliúint, foghlaim agus uas-sciliú dóibh siúd atá ag obair sna meáin, agus luach na rannpháirtíochta leis an earnáil chun riachtanais shonracha a thuiscint agus a réiteach.

Mar rialtóir ní sholáthraímid oiliúint féin, ach táimid tiomanta do thacú le gníomhaíochtaí den sórt sin a ailíníonn lenár Ráiteas Stráitéise agus a chothaíonn cruthaitheacht, nuálaíocht agus inbhuanaitheacht san earnáil meán.

Clár Oiliúna agus Forbartha na Meán

Tacaíonn ár gClár Oiliúna agus Forbartha na Meán, a seoladh i mí Dheireadh Fómhair 2025, le gníomhaíochtaí oiliúna, foghlama agus forbartha a chuireann aidhmeanna ár Ráitis Straitéise chun cinn chun tírdhreach meán atá inbhuanaithe, ilchineálach agus rannpháirteach a chinntiú, agus a léiríonn agus a mhúnlaíonn cé muid féin mar shochaí.

I gcomhréir lenár mBeartas um Chláir Oiliúna agus Forbartha na Meán oibrímid babhta maoinithe gach bliain agus cuirimid maoiniú ar fáil d’iarratasóirí rathúla chun réimse tionscnamh agus gníomhaíochtaí a sheachadadh chun tacú lena riachtanais oiliúna agus forbartha. 

Babhta reatha

Táimid ag glacadh le hiarratais faoi láthair le haghaidh maoiniú do Scileanna agus Forbairt sna Meáin, i gcomhair gníomhaíochtaí a bheidh ar siúl sa bhliain 2027. 

Conas iarratas a dhéanamh

Ní mór gach iarratas a chur isteach trí cnam.submit.com faoin 10 Samhain 2026.

Babhtaí roimhe seo

Éascaíonn ár mBeartas Clár um Scileanna agus Forbairt sna Meáin oibriú snáitheanna tiomnaithe lena n-áirítear babhta le déanaí chun tacú le fás saineolais seiceála fíricí in Éirinn i gcomhréir leis an Straitéis Náisiúnta Frith-Bhréagfhaisnéise (NCDS). 

Is é is aidhm don oiliúint sin tacú le fás an tsaineolais seiceála fíricí in Éirinn i gcomhréir leis an Straitéis Náisiúnta Frith-Bhréagaisnéise. Tá an snáilthe tiomnaithe Frith-Bhréagaisnéise dúnta. Foghlaim tuilleadh faoin snáithe tiomnaithe seo anseo. 

    Cláraigh le haghaidh nuashonraithe nuachta nua chun cloisteáil faoi bhabhtaí maoinithe amach anseo. 

    Faighteoirí maoinithe rathúla le haghaidh 2026

    IarratasóirDámhachtain Maoinithe i bPrionsabal €
    Catalyst International Film Festival€13,000
    Cultural & Creative Industries Skillnet€40,000
    CPC Creative Services€7,000
    CRAOL€99,845
    Creative Europe Dublin€5,000
    Creative Europe Galway€13,000
    Community Television Association€23,258
    Disability Participation news Hub€10,000
    DV4 Training & Event Services€14,000
    Emerging Limerick Filmmakers€8,000
    EurAV€20,000
    Film Ireland€12,000
    Harp Media€5,000
    Immersive Ireland Training & Productions Limited€17,000
    Learning Waves Journalism Graduate Programme€52,000
    Learning Waves Training Activities€31,000
    Local Ireland€22,000
    Near TV€8,000
    Screen Producers Ireland€8000
    Storyhouse€15,000
    University College Cork€7,000
    University of Limerick€7,000
    Writers Guild of Ireland€8,000
    Women In Film & Television€38,000
    Women On Air€20,000
    X -Pollinator€15,000
    Gorm Media€20,000
    IFTA€10,000
    Foriomlán€548,103