Gach Nuacht

Coimisiún na Meán tar éis fáiltiú roimh chur i bhfeidhm Acht um Sheirbhísí Digiteacha an AE

Foilsithe ar

16,02,2024

Bainfidh rialacha nua de chuid an AE le seirbhísí ar líne ón 17ú Feabhra, 2024, i leith.

Tá Coimisiún na Meán, an foras atá ag Éirinn chun craoltóirí, seirbhísí ar éileamh agus na meáin ar líne a rialáil, agus chun tacú le forbairt na meán, tar éis fáilte a chur inniu (16.02.2024) roimh Acht an AE um Sheirbhísí Digiteacha (ASD) a bhfuiltear ar tí a fhorfheidhmithe agus a thiocfaidh i bhfeidhm ina iomláine in Éirinn agus ar fud an AE ón lá amárach (17.02.2024). Soláthrófar, leis an ASD, rialacha nua maidir leis an tslí a bpléifidh seirbhísí ar líne le hábhar mídhleathach nó conas a chuireann siad a gcuid rialacha féin i bhfeidhm.

Is iad an ASD, an tAcht um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, 2022, agus Rialachán an AE um Ábhar Sceimhlitheoireachta ar Líne, le chéile, is bunús le Creat Sábháilteachta Ar Líne foriomlán Choimisiún na Meán. Leis an gCreat seo, beidh seirbhísí digiteacha cuntasach as an gcaoi a gcosnaíonn siad daoine, go háirithe páistí, ó dhochar ar líne agus bainfear leas as chun rialacha a chur i bhfeidhm maidir leis an tslí a bpléann seirbhísí ar líne le hábhar mídhleathach nó díobhálach.

Osclóidh Coimisiún na Meán a ionad teagmhála úsáideora ar an 19ú Feabhra 2024. Cuirfidh an t-ionad teagmhála comhairle ar fáil d’úsáideoirí maidir lena gcearta faoin Acht um Sheirbhísí Digiteacha agus baileoidh sé faisnéis a bheidh ina bhonn eolais do ghníomhaíochtaí maoirseachta agus forfheidhmithe an Choimisiúin. Nuair a thugann úsáideoirí ábhar mídhleathach ar líne faoi deara, ba cheart dóibh aird an ardáin a dhíriú air agus beidh sé de dhualgas ar an ardán stop a chur leis.

Ag labhairt dó ar an ábhar seo, dúirt Cathaoirleach Feidhmiúcháin Choimisiún na Meán, Jeremy Godfrey: “Beidh an ASD ina chuid lárnach de Chreat Sábháilteachta Ar Líne Choimisiún na Meán. Déanfaidh muid an ASD a chur i bhfeidhm le go mbeidh ardáin cuntasach as úsáideoirí a chosaint ar líne, chun íoslaghdú a dhéanamh ar an teagmháil a bhíonn ag páistí le hábhar díobhálach agus chun bunchearta, lena n-áirítear saoirse cainte, a chosaint.” 

Ar a bharr sin, is ionann an ASD agus creat le haghaidh comhoibriú idir Coimisiún an AE agus údaráis náisiúnta rialála ar fud na hEorpa. Tá Coimisiún na Meán freagrach as seirbhísí a bhfuil a gceanncheathrú AE lonnaithe acu in Éirinn a rialáil, agus tá ról ag an gCoimisiún Eorpach maidir le maoirsiú a dhéanamh ar na hardáin agus na hinnill chuardaigh is mó.

Is é a dúirt John Evans, an Coimisinéir um Sheirbhísí Digiteacha: “Déanfaidh an ASD daoine agus grúpaí sochaí sibhialta a chumhachtú chun ardáin a choinneáil cuntasach maidir le bheith ag plé le hábhar mídhleathach. Ba cheart go gcuimhneodh daoine, nuair a thugann siad ábhar mídhleathach faoi deara, é a chur ar a súile d’ardáin le go bhféadfaidh an t-ardán stop a chur leis. Beidh muidne ag plé le hardáin idir mhór agus bheag lena chinntiú go gcomhlíonann siad a gcuid oibleagáidí dlíthiúla. Mar Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha na hÉireann, táimid ag dúil le bheith ag obair go dlúth leis an gCoimisiún Eorpach agus lenár gcomhpháirtithe rialála ar fud na hEorpa lena chinntiú, leis na rialacha nua seo, go gcuirfear chun cinn feabhsúcháin sa tsábháilteacht ar líne agus go gcinnteofar go bhféadfaidh daoine leanúint de bheith ag baint tairbhe as buntáistí na nascachta ar líne.”