Gach Nuacht

Imeachtaí an Choimisiúin Eorpaigh i gcoinne TikTok mar gheall ar sháruithe féideartha ar an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha de chuid an Aontais Eorpaigh

Foilsithe ar

19,02,2024

Is eol do Choimisiún na Meán gur thionscain an Coimisiún Eorpach imeachtaí foirmiúla i gcoinne TikTok mar gheall ar sháruithe féideartha ar an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA). Béarfaidh Coimisiún na Meán cúnamh don Choimisiún Eorpach san imscrúdú seo.

Comhlacht na hÉireann chun craoltóirí, seirbhísí ar éileamh agus na meáin ar líne a rialáil, agus chun tacú le forbairt na meán, is ea Coimisiún na Meán. Chuir an Coimisiún fáilte roimh chur i bhfeidhm an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha de chuid an Aontais Eorpaigh Dé Sathairn seo a chuaigh thart (17.02.2024). Tá an Gníomh i bhfeidhm go hiomlán in Éirinn anois. Soláthrófar, le DSA, rialacha nua maidir leis an tslí a bpléifidh seirbhísí ar líne le hábhar mídhleathach nó an tslí a gcuirfidh siad a rialacha féin i bhfeidhm.

De réir DSA, is iad atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar Ardáin An-Mhór ar Líne agus Innill Chuardaigh An-Mhór ar Líne an Coimisiún Eorpach agus rialtóir Bhallstát an Aontais Eorpaigh ina bhfuil ceanncheathrú AE ag an tseirbhís. As fiche a dó Ardán An-Mhór ar Líne agus Inneall Cuardaigh An-Mhór ar Líne atá ainmnithe go dtí seo, lena n-áirítear TikTok, tá ceanncheathrú AE trí cinn déag díobh in Éirinn.

Tá Coimisiún na Meán ag obair go dlúth leis an gCoimisiún Eorpach agus le rialtóirí Eorpacha eile agus d’fhreastail sé ar an gcéad chruinniú den Bhord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha inniu (19.02.2024). Grúpa comhairleach neamhspleách is ea an Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha. Chuir an Coimisiún Eorpach agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha na mBallstát an Bord ar bun chun cinnte a dhéanamh de go gcuirtear DSA i bhfeidhm go comhsheasmhach agus go bhfuil na cearta céanna ag úsáideoirí ar fud an Aontais Eorpaigh, beag beann ar an áit a bhfuil na hardáin ar líne bunaithe.

Rachfar i gcomhairle leis an mBord i ndáil le forfheidhmiú DSA agus tabharfaidh sé comhairle faoi shaincheisteanna a thagann chun cinn a bhaineann le DSA. Tig leis cur le treoirlínte agus le hanailís fosta. Ina theannta sin, cuideoidh sé le maoirseacht a dhéanamh ar Ardáin An-Mhór ar Líne agus Innill Chuardaigh An-Mhór ar Líne agus eiseoidh sé tuarascálacha bliantúla faoi na mór-rioscaí sistéamacha agus na dea-chleachtais chun iad a mhaolú.