Gach Nuacht

Litir chuig an eagarthóir maidir le bearta fíoraithe aoise agus tráchtaireacht na meán maidir le dréacht Chód Sábháilteachta ar Líne

Foilsithe ar

26,01,2024

Cóip de litir a sheol an Cathaoirleach Feidhmiúcháin Jeremy Godfrey chuig eagarthóir an Irish Times ar 25 Eanáir.

Tugann colún teicneolaíochta Karlin Lillington ón 25 Eanáir drochléiriú ar mholtaí Choimisiún na Meán maidir leis na bearta fíoraithe aoise atá in úsáid ag ardáin chomhroinnte físeán.

Cuireann sí ina leith go bhfuilimid ag moladh clár d’úsáideoirí pornagrafaíochta a chruthú agus ag maíomh ar líne, gan bhunús, go mbeadh ar dhaoine a ndoiciméid aitheantais agus scanadh aghaidhe a uaslódáil, agus go gcoimeádfadh suíomhanna pornagrafaíochta an fhaisnéis seo ar feadh sé bliana. Maíonn sí go fiú go bhféadfadh go mbeadh ar dhaoine nach bhfuil ach ag iarraidh féachaint ar fhíseáin de chait seo a dhéanamh freisin.

Deir sí go mbeadh a leithéid de mholadh ar mire glan. Aontaímid. Agus sin an chúis nach ndearnamar breith air ná a mholadh.

Tá neart fianaise ann den dochar a dhéanann rochtain éasca ar phornagrafaíocht ar líne do pháistí, ach níor mhór do bhearta a laghdaíonn an rochtain seo meas a léiriú ar phríobháideachas úsáideoirí agus ba chóir dóibh a laghad cur isteach agus is féidir a dhéanamh ar chumas daoine fásta breathnú ar ábhar atá dleathach.

Tá comhairliúchán ar bun ag Coimisiún na Meán maidir le dréacht de Chód Sábháilteachta ar Líne le haghaidh ardáin chomhroinnte físeán, lena n-áirítear bearta fíoraithe aoise. An moladh atá againn ná nár chóir d’ardáin chomhroinnte físeán lonnaithe in Éirinn ábhar pornagrafaíochta a thaispeáint d’úsáideoirí d’aon turas, ach amháin sa chás go bhfuil sé deimhnithe acu go bhfuil an t-úsáideoir ina dhuine fásta.

Ní cheadaíonn an chuid is mó d’ardáin in Éirinn pornagrafaíocht, agus ní bheidh impleachtaí ag an moladh seo dóibh nó dá n-úsáideoirí. Ní bheadh ach ar ardáin a cheadaíonn pornagrafaíocht aois a n-úsáideoirí atá ag iarraidh breathnú uirthi a fhíorú. Ní bheadh ar úsáideoirí nach bhfuil suim acu ach i bhfíseáin de chait a n-aois a fhíorú.

Nílimid ag moladh go mbeimid forordaitheach maidir leis an modh fíoraithe aoise a bheidh in úsáid ag ardáin sula dtaispeántar ábhar pornagrafaíochta d’úsáideoirí. Is iad na hardáin a roghnóidh modh a chinntíonn nach bhfuil rochtain ag páistí ar phornagrafaíocht, agus is iad na hardáin a chuirfidh seo i bhfeidhm ar bhealach a chloíonn le RGCS. Modh amháin atá i ndoiciméid agus/nó féinín beo a uaslódáil, nuair atá cosaintí príobháideachais cuí ag gabháil leo.

Ach ní leor iarraidh ar úsáideoir a dhearbhú go bhfuil siad thar 18 mbliana d’aois le stop a chur le páistí rochtain a fháil ar phornagrafaíocht. Is cúis imní forleathan é seo ar fud na hEorpa, agus baineann sé le suíomhanna do dhaoine fásta i mBallstáit eile. Mar sin de, táimid ag obair leis an gCoimisiún Eorpach agus lenár gcomheagraíochtaí ar fud na hEorpa lena chinntiú go bhfuil cur chuige uile-Eorpach i bhfeidhm le tabhairt faoin saincheist seo.

Táimid tiomanta do shábháilteacht ar líne a fheabhsú, mar chuid de thírdhreach rathúil, éagsúil agus sábháilte meán. Cé go bhfuil difear ann idir craoltóir ceadúnaithe a rialú agus ardáin ar líne a rialú, tá an sprioc céanna ann, agus is é sin go bhfuil rochtain ag luchtanna féachana ar ábhar iolraíoch atá ábhartha ó thaobh cultúir de, ó thaobh na teangeolaíochta de agus go sóisialta, agus iad cosanta ó dhíobháil. Táimid dírithe ar ár misean a bhaint amach ar mhaithe le gach duine in Éirinn agus leo siúd ar fud na hEorpa.