Gach Nuacht

Tá Lá na Sábháilteachta Idirlín 2024 á chomóradh ag Coimisiún na Meán

Foilsithe ar

06,02,2024

Bíonn Lá na Sábháilteachta Idirlín ar siúl gach Feabhra chun feasacht a ardú ar idirlíon níos sábháilte agus níos fearr do chách, agus go háirithe do leanaí agus do dhaoine óga.

Is é 6 Feabhra 2024 an 21ú bliain de Lá na Sábháilteachta Idirlín, agus an chéad Lá na Sábháilteachta Idirlín ó bunaíodh Coimisiún na Meán agus ceapadh an chéad Choimisinéir um Shábháilteacht Ar Líne in Éirinn, Niamh Hodnett. I mbliana, tá Coimisiún na Meán ag tacú le feachtas Webwise ar an téama ‘Teicneolaíocht inár ndomhan’, ag fiosrú tuairimí daoine óga ar ról na teicneolaíochta ina saol, athruithe atá tagtha chun cinn le déanaí agus forbairtí teicneolaíochta agus athruithe ba mhaith le daoine óga a fheiceáil.

Dúirt an Coimisinéir Sábháilteachta Ar Líne Niamh Hodnett:

“Tá lúcháir orm tacú le Lá na Sábháilteachta Idirlín na bliana seo, ar deis iontach é machnamh a dhéanamh ar an obair atá á déanamh ar fud an domhain chun domhan ar líne níos sábháilte a chruthú, go háirithe do leanaí. Tá muidne ag Coimisiún na Meán réidh lenár bpáirt a ghlacadh trínár gCreat Sábháilteachta Ar Líne a chur i bhfeidhm, mar chuid de Líonra Domhanda na Rialtóirí Sábháilteachta Ar Líne agus lenár gcomhghleacaithe i mBallstáit eile an AE tríd an mBord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha. Ó thosaigh mé ar mo ról i mí an Mhárta anuraidh, chuala mé ó raon leathan grúpaí a dhéanann ionadaíocht ar leanaí agus daoine óga, lena n-áirítear ár gCoiste Comhairleach Óige féin, agus táimid ag tnúth le tionchar dearfach a imirt ar a son.”

Tá Coimisiún na Meán ag cur a Chreat Sábháilteachta Ar Líne i ngníomh in 2024. Cuirfidh sé seo deireadh le ré an fhéinrialaithe agus beidh ardáin ar líne cuntasach as an gcaoi a gcoimeádann siad a n-úsáideoirí, go háirithe leanaí, sábháilte ar líne. Tiocfaidh píosaí éagsúla reachtaíochta le chéile chun an creat foriomlán sábháilteachta ar líne seo a fhoirmiú:

  • An tAcht um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, 2022, an bonn do Chód Sábháilteachta Ar Líne an Choimisiúin
  • An Treoir um Sheirbhísí Meán Closamhairc ón AE
  • An tAcht um Sheirbhísí Digiteacha an AE (infheidhmithe go hiomlán ón 17 Feabhra 2024)
  • An Rialachán AE um Ábhar Sceimhlitheoireachta Ar Líne

Leanann Coimisiún na Meán de bheith ag tacú le Litearthacht sna Meáin, Éire agus leis an bhFeachtas Bíodh Tuiscint Agat Ar Na Meáin, lena chinntiú go bhfuil na scileanna agus an mhuinín ag gach duine in Éirinn chun rochtain a fháil ar fhaisnéis ar líne, chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-oibríonn seirbhísí digiteacha agus chun na rioscaí ar féidir le daoine aghaidh a thabhairt orthu ar líne a bhainistiú.

Comhordaíonn Ionad Idirlín Níos Sábháilte, Éire, Lá na Sábháilteachta Idirlín. Is comhpháirtíocht é idir Webwise, ISPCC, Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí Bunscoile agus Hotline.ie, a sholáthraíonn raon seirbhísí sábháilteachta comhlántacha ar líne, lena n-áirítear ionad oideachais agus feasachta, línte cabhrach do leanaí agus do thuismitheoirí, agus beolíne. Comhordaíonn an Roinn Dlí agus Cirt an tIonad agus cómhaoiníonn an tAontas Eorpach é.