Síníonn Coimisiún na Meán agus eSafety Commissioner na hAstráile Meabhrán Tuisceana

MoU signing between Coimisiún na Meán and eSafety Commissioner, Australia

Shínigh Coimisiún na Meán Meabhrán Tuisceana (MT) an tseachtain seo le eSafety Commissioner na hAstráile. Niamh Hodnett, an Coimisinéir um Shábháilteacht ar Líne i gCoimisiún na Meán, agus Julie Inman Grant, eSafety Commissioner na hAstráile, a shínigh an MT, a dheimhníonn go bhfuil sé de rún ag an dá eagraíocht obair lena chéile ar shábháilteacht ar líne.

Tá sé mar chuspóir ag an gcomhoibriú idir Coimisiún na Meán, rialtóir ar líne na hÉireann, agus a mhacasamhail san Astráil, saineolas a mhéadú i réimse an rialacháin digitigh agus na sábháilteachta ar líne trí eolas, sonraí, dea-chleachtas, modheolaíochtaí agus eolas faoi chórais agus uirlisí teicniúla a mhalartú.

Dúirt an Coimisinéir um Shábháilteacht ar Líne, Niamh Hodnett: “Tá Coimisiún na Meán tiomanta do thírdhreach meán a chinntiú ar féidir leis an bpobal muinín a bheith acu as, agus ina gcuirtear dualgais ar ardáin ar líne sábháilteacht agus slándáil úsáideoirí, go háirithe daoine óga, a chosaint. Táimid ag tnúth le leanúint ar aghaidh ag obair i gcomhar le eSafety Commissioner na hAstráile ar réimsí faoinár sainchúram roinnte lena n-áirítear dea-chleachtais sábháilteachta ar líne a roinnt. Cabhróidh an Meabhrán Tuisceana seo linn obair i dtreo timpeallacht ar líne atá níos sábháilte agus níos dearfaí a chinntiú dár saoránaigh ar fad, agus tacóidh sé le comhoibriú rialála níos leithne chomh maith.”

Agus í ag labhairt ag an síniú inniu, dúirt eSafety Commissioner Julie Inman Grant: “Roinnimid go léir an fhreagracht as cinntiú go gcuirtear sábháilteacht san áireamh sa timpeallacht digiteach ó bhun go barr agus go n-úsáidtear dea-dhearadh lena bheith ag súil le díobhálacha tubaisteacha agus chun cosc a chur leo. Trí obair a dhéanamh lenár gcomheagraíochtaí idirnáisiúnta, cuirtear ar ár gcumas an bonn sin a neartú go domhanda agus ag an am céanna meas a bheith againn ar chreat rialála gach náisiúin.

“Léiríonn an comhaontú seo tiomantas roinnte na hAstráile agus na hÉireann sábháilteacht a leabú in ailtireacht táirgí agus seirbhísí digiteacha, ag feabhsú freagrachta na n-ardán, agus ag cruthú taithí ar líne do chách atá níos slándála agus níos airí ar chearta.

“Leis an MT seo, táimid ag seasamh ar son an rialacháin réamhghníomhaigh, tógtha ar bhonn an tsaineolais agus deachleachtais idirnáisiúnta. Le chéile, is féidir linn leanúint ar aghaidh le domhan digiteach a thógáil ina dtugtar tús-áite do dhaoine agus freagracht seachas do bhrabús agus bladhmann. Tá Éire agus an Astráil ar aon fhocal maidir le daoine óga a chosaint agus cur i bhfeidhm rathúil teichneolaíochtaí dearbhaithe aoise.” 

Sainaithníonn an MT réimsí faoi shainchúram roinnte Choimisiúin na Meán agus eSafety maidir lena rólanna creata rialála um shábháilteacht ar líne a chur i bhfeidhm in Éirinn agus san Astráil faoi seach. Chomh maith leis sin, aibhsíonn an MT an fhéidearthacht atá ann comhoibriú chun polasaithe a fhorbairt agus chun gníomhaíochtaí maidir le hoideachas sábháilteachta ar líne a reáchtáil.