Beartas athbhreithnithe um Iolrachas na Meán foilsithe

A group of colleagues in a meeting

D’fhoilsigh Coimisiún na Meán a Bheartas athbhreithnithe um Iolrachas na Meán inniu (06.08.2026). Tá roinnt cumhachtaí, feidhmeanna agus freagrachtaí ag Coimisiún na Meán chun an tsaoirse cainte a chosaint agus iolrachas na meán a chinntiú.

Is coincheap seanbhunaithe i réimse chearta an duine é iolrachas na meán agus tá sé nasctha leis an gceart chun saoirse cainte. Aithnítear meáin shaora agus iolraíocha mar cholúin den daonlathas nua-aimseartha, rud a fhágann gur féidir faisnéis a scaipeadh agus an chumhacht a thabhairt chun cuntais. Mínítear inár mBeartas um Iolrachas na Meán an tuiscint atá againn ar iolrachas na meán agus an chaoi a dtreoraíonn iolrachas na meán an obair a dhéanaimid.

Dúirt Aoife MacEvilly, an Coimisinéir um Chraolachán agus Físeán ar Éileamh: “I dtírdhreach meán slán agus iolraíoch, tá éagsúlacht úinéireachta, seirbhísí, ábhair agus nochtadh meán. Tá áthas orainn ár mBeartas athbhreithnithe um Iolrachas na Meán a fhoilsiú, in a léirítear na bogtha atá tagtha ar nósanna an lucht éisteachta agus féachana, agus timpeallacht rialuithe atá ag athrú. Sa Bheartas athbhreithnithe, tugtar forléargas ar ár bhfís do thírdhreach meán atá faoi bhláth, éagsúil, cruthaitheach agus a bhfuil muinín ag daoine as.

Leagtar amach sa Bheartas:

  • ár ról maidir le hiolrachas na meán a chur chun cinn agus a chosaint;
  • Ár bhfís, ár gcuspóirí agus na torthaí inmhianaithe maidir le hiolrachas na meán; agus
  • Sraith táscairí atá mar bhonn le hiolrachas na meán a thomhas agus lenár gcuid oibre amach anseo a threorú. Áirítear an méid seo a leanas leis sin:
    1. inmharthanacht seirbhísí meán,
    2. comhchruinniú i margaí na meán, agus
    3. ionadaíocht in ábhar na meán.

Chun iolrachas na meán a chosaint agus a chur chun cinn, leagtar amach sa Bheartas freisin tábhacht na nithe seo a leanas:

  • meáin seirbhíse poiblí,
  • iriseoireacht atá ar ardchaighdeán agus neamhspleách,
  • rogha eolasach agus rochtain ar na meáin, agus
  • nuálaíocht agus cuimsiú i dtírdhreach na meán.

Foilsíodh an Beartas tar éis próiseas comhairliúcháin phoiblí, agus gabhaimid buíochas leo siúd a chuir leis.