Tús curtha le babhta nua den Scéim Urraíochta

Crowd applauding

Tá babhta nua dá Scéim Urraíochta seolta inniu (10.09.25) ag Coimisiún na Meán chun tacú le himeachtaí a bhaineann leis na meáin agus a bheidh ar siúl sa bhliain 2027. Is féidir urraíocht a lorg d’imeachtaí a thagann leis an Ráiteas Stráitéise atá againn agus a thacaíonn le tírdhreach meán atá cruthaitheach, éagsúil, rannpháirteach agus iontaofa. I measc na gcineálacha imeachtaí ar tugadh tacaíocht dóibh roimhe seo, tá féilte meán, comhdhálacha, seimineáir agus searmanais bhronnta dámhachtainí.

Dúirt Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán ag Coimisiún na Meán: “Tá ríméad orainn an deis a bheith againn urraíocht a dhéanamh an bhliain seo chugainn ar imeachtaí sna meáin a aithníonn tallann agus cruthaitheacht ár n-earnála meán, a thacaíonn lena hinbhuanaitheacht, agus a chothaíonn plé ar an timpeallacht mheán atá ag athrú. Táimid ag tnúth le raon leathan iarratas a fháil le haghaidh imeachtaí ar fud na hÉireann a chothaíonn tírdhreach meán a leanann de bheith ag freastal go héifeachtach ar lucht féachana agus éisteachta na hÉireann.”

I gcomparáid leis an mbliain seo caite, ní mór d’iarratasóirí clárú chun iarratais a chur isteach trí submit.com . Agus na tograí á measúnú, cuirfear san áireamh an éagsúlacht meán, formáid agus nádúr na hócáide, a bhaint le hobair an Choimisiúin, an luach ar airgead, agus gnéithe cur chun cinn atá san áireamh san iarratas.

Is é an 8 Deireadh Fómhair 2026, ar a 12 meán lae, an spriocdháta d’iarratais.