Fuaim & Fís 4 – Babhta maoinithe fograithe

Microphone in a professional recording or radio studio

Tá sonraí fógartha ag Coimisiún na Meán maidir le babhta maoinithe atá le teacht faoin Scéim Fuaim & Fís 4.

Osclófar Babhta 62, babhta nua maoinithe ‘oscailte’, ar an Déardaoin, an 15 Deireadh Fómhair 2026, do chraoltóirí agus do léiritheoirí neamhspleácha chun tacú le hábhar craoltóireachta a bhfuil luach cultúrtha ag baint leis, chomh maith le hábhar i nGaeilge. Dúnfaidh an babhta seo ag meán lae ar an Déardaoin, an 26 Samhain 2026. Táthar ag súil go mbeidh cinntí maoinithe ar fáil faoi dheireadh mhí an Mhárta 2027.

Babhta Maoinithe Dáta Oscailte Spriocdháta Dáta na gCinntí
Babhta 62 Babhta ‘Oscailte’   15 Deireadh Fómhar 2026  26 Samhain 2026 12 meánlae Faoi deireadh Mhárta 2027

Beidh na treoirlínte agus na foirmeacha cuí don bhabhta seo ar fáil ar ár dtairseach ar líne, www.cnamonline.ie nuair a osclófar an babhta.

Reáchtálfar seimineár gréasáin dóibh siúd ar mian leo iarratas a dhéanamh ar an mbabhta seo. Cuirfear sonraí breise faoi seo ar fáil amach anseo.

Maidir le haon fhiosrúcháin a bhaineann go sonrach leis an Scéim Fuaim & Fís, déan teagmháil le [email protected]