Osclaítear comhairliúchán ar dhréacht-Ráiteas maidir le Nós Imeachta agus Modheolaíocht le haghaidh breithmheasa ar na Meáin Seirbhíse Poiblí

Two women watch TV on the couch in their sitting room

D’oscail Coimisiún na Meán inniu (29.09.2026) comhairliúchán sé seachtaine le páirtithe leasmhara ar a dhréacht-Ráiteas maidir le Nós Imeachta agus Modheolaíocht le haghaidh an bhreithmheasa trí bliana ar sholáthraithe na Meán Seirbhíse Poiblí (MSP), RTÉ agus TG4, don tréimhse 2028–2030.

Tá meáin na seirbhíse poiblí ina mbunchloch den tsochaí dhaonlathach – lena múnlaítear an tuiscint atá againn orainn féin, ar ár bpobail agus ar ár n‑áit ar domhan. Tá córas MSP slán agus inbhuanaithe lárnach chun go soláthrófar fís Choimisiún na Meán maidir le tírdhreach meán atá bisiúil, éagsúil, cruthaitheach, sábháilte agus iontaofa – ceann lena léirítear Éire mar dhaonlathas nua‑aimseartha, iolraíoch ina nglactar le saoirse cainte, agus ina gceiliúrtar éagsúlacht shóisialta, theangeolaíoch agus chultúrtha. 

Foráiltear leis an mBille Craolacháin (Leasú) 2026 do chreat feabhsaithe chun feidhmíocht agus maoiniú cuí RTÉ agus TG4 a mheas. Tacaíonn an Bille le cur chun feidhme Airteagal 5 den Ghníomh Eorpach um Shaoirse na Meán (EMFA), lena gceanglaítear ar na Ballstáit a chinntiú go bhfuil rochtain ag soláthraithe meán seirbhíse poiblí ar acmhainní airgeadais leordhóthanacha, inbhuanaithe agus intuartha.

Le hailt bheartaithe 112A agus 112B den Bhille, éilítear ar Choimisiún na Meán dréacht-Ráiteas maidir le Nós Imeachta agus Modheolaíocht a ullmhú agus dul i gcomhairle ina leith mar chuid den phróiseas nua measúnaithe trí bliana.

Leagtar amach sa dréacht-Ráiteas an nós imeachta agus an mhodheolaíocht atá beartaithe don bhreithmheas 2028–2030, lena n-áirítear an cur chuige maidir le moltaí maoinithe a dhéanamh agus gealltanais feidhmíochta a chinneadh.

Mínítear sa doiciméad comhairliúcháin a ghabhann leis an comhthéacs reachtúil agus na príomhphrionsabail deartha atá mar bhonn leis an gcur chuige atá beartaithe. Iarrtar ann tuairimí ar ábhair lena n-áirítear an cur chuige maoinithe agus na catagóirí maoinithe atá molta, an ceangal idir maoiniú agus gealltanais feidhmíochta, agus na critéir a bhaineann leis na gealltanais sin.

Déanfaidh Coimisiún na Meán machnamh ar na haighneachtaí a gheofar agus an Ráiteas maidir le Nós Imeachta agus Modheolaíocht á thabhairt chun críche aige; tá sé beartaithe an ráiteas sin a ghlacadh faoin 31 Eanáir 2027. Beidh an comhairliúchán ar oscailt go dtí an 10 Samhain 2026.

Tá tuilleadh eolais ar fáil sa doiciméad comhairliúcháin agus sa dréacht-Ráiteas maidir le Nós Imeachta agus Modheolaíocht. Is féidir freagraí a chur isteach trí ríomhphost chuig [email protected] nó tríd an bpost, ag baint úsáide as na sonraí atá leagtha amach sa doiciméad comhairliúcháin.