Babhta nua maoinithe oscailte do Chlár Oiliúna & Forbartha sna Meán

Business seminar

D’oscail Coimisiún na Meán babhta nua maoinithe dá Chlár Oiliúna agus Forbartha sna Meáin inniu (13.10.2026) chun tacú le gníomhaíochtaí oiliúna agus forbartha san earnáil meán ar fud na hÉireann.

Tá an Clár, a seoladh anuraidh, ag lorg iarratas a thacaíonn le haidhmeanna ár Ráitis Straitéise agus a chothaíonn tírdhreach meán rathúil, éagsúil, inbhuanaithe agus rannpháirteach.

Dúirt Coimisinéir Forbartha Meán Choimisiún na Meán, Rónán Ó Domhnaill: “Tá an cumas oiriúnú, scileanna nua a fhorbairt agus freagairt do thimpeallacht meán atá ag athrú go tapaigh ríthábhachtach fós, agus cuidíonn sé lena chinntiú go leanann an earnáil de bheith ag nuáil, ag soláthar do lucht féachana na hÉireann agus ag léiriú ár sochaí. Dá bhrí sin, tá áthas orainn babhta nua den Chlár seo a oscailt agus a bheith in ann oiliúint agus forbairt a éascú do chomhlachtaí ionadaíocha meán agus d’eagraíochtaí incháilithe eile. Táimid ag tnúth le hiarratais a fháil a uasmhéadaíonn tionchar agus a spreagann comhoibriú, i gcomhréir le Beartas an Chláir, chun scileanna a fheabhsú ar fud na meán, lena n-áirítear tograí a fhéachann le tacú le hoiliúint laistigh de na meáin chumarsáide Gaeilge.”

I measc na ngníomhaíochtaí a maoiníodh roimhe seo faoin gClár tá oiliúint a thacaíonn le hionadaíocht éagsúil, oiliúint dhigiteach agus intleachta saorga d’iriseoirí, ceardlanna d’iriseoirí faoi mhíchumas agus d’abhcóidí maidir le hinrochtaineacht agus cuimsiú, agus deiseanna forbartha gairmiúla do cheannairí cuideachtaí cruthaitheacha.

Mar athrú ón mbliain seo caite, ní mór d’iarratasóirí clárú chun iarratais a chur isteach trí submit.com agus is é meán lae an 10 Samhain 2026 an dáta deiridh le haghaidh iarratais.