Gach Nuacht

Fuaim & Fís 4 – Babhtaí Maoinithe le Teacht Fógartha 

Foilsithe ar

29,09,2023

Tá sonraí na mbabhtaí maoinithe atá le teacht faoin Scéim Sound & Vision 4 fógartha ag Coimisiún na Meán.

Babhta 51 – Babhta ‘Oscailte’ Fuaim & Fís 

Tá suas le €6.9m de mhaoiniú ar fáil faoi Bhabhta 51 a osclófar ar an 31 Deireadh Fómhair do chraoltóirí agus léiritheoirí neamhspleácha chun tacú le táirgeadh ábhar craolta atá luachmhar ó thaobh an chultúir de, lena n-áirítear ábhar i nGaeilge. Beidh fócas freisin i mBabhta 51 ar ábhar a thacaíonn le comhionannas, éagsúlacht agus cuimsiú, le béim ar leith ar chomhtháthú agus ar ghuth na bpobal Éireannach nua. Dúnfar an babhta seo ag 12 meán lae Déardaoin, 14 Nollaig 2023. 

Babhta 52 – Babhta Sochair Shóisialaigh 

Beidh suas le €750,000 ar fáil faoi Bhabhta 52 den Scéim do Chraoltóirí Pobail chun tacú le tionscadail Sochair Shóisialta ar aon dul leis an bPolasaí Meán Pobail. Osclóidh an babhta seo ar an 3 Eanáir 2024, dúnfaidh an babhta seo ag 12 meán lae ar an Déardaoin 8 Feabhra 2024

Tá sé i gceist go mbeadh na cinntí don dá bhabhta ar fáil i mí an Mhárta 2024. Foilseofar Treoirlínte agus Foirmeacha Iarratais Ábhartha ar shuíomh gréasáin Choimisiún na Meán nuair a osclaítear gach babhta. 

CRÍOCH