Na heispéiris ar líne a bhí ag iarrthóirí toghcháin

Sa tuarascáil taighde I mbun feachtas digiteach: Na heispéiris a bhí ag iarrthóirí toghcháin ar líne le linn thoghcháin 2024, déantar scrúdú ar na heispéiris ar líne a bhí ag na hiarrthóirí a ghlac páirt i dToghcháin Áitiúla agus in Olltoghchán 2024 in Éirinn.

Tá an tuarascáil bunaithe ar shuirbhéanna cuimsitheacha agus ar agallaimh cháilíochtúla dhoimhne le hiarrthóirí ón dá thoghchán. Anseo tugaimid achoimre ar na príomhthorthaí.

Úsáid na meán sóisialta

Thuairiscigh 95% de na hiarrthóirí sna toghcháin áitiúla agus san olltoghchán a ndearnadh suirbhé orthu gur úsáid siad na meáin shóisialta le linn a bhfeachtas in 2024.

Bhí Facebook ar an ardán meán sóisialta is mó a úsáideadh; d’úsáid 92% de na hiarrthóirí ar a ndearnadh suirbhé an t-ardán sin, agus tháinig Instagram (80%) agus X (57%) ina dhiaidh sin.

Eispéiris Dhiúltacha ar Líne

Leis an taighde, nochtadh rátaí arda d’eispéiris dhiúltacha ar líne i measc iarrthóirí polaitiúla, a ndearnadh suirbhé orthu, a d’úsáid na meáin shóisialta. Bhain ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas do 59% d’iarrthóirí san olltoghchán agus do 48% d’iarrthóirí sna toghcháin áitiúla:

  • Iompar colúil, maslach nó gránna ar líne
  • Iompar foréigneach nó imeaglaithe ar líne
  • Iompar a bhain le hiarrthóir a phearsanú ar líne

Díriú bunaithe ar dhearcthaí beartais

Sa taighde seo rinneadh iniúchadh ar cé acu a chreid nó nár chreid iarrthóirí toghcháin, ar bhain idighníomhaíochtaí achrannacha ar líne dóibh, go rabhthas ag díriú orthu i ngeall ar a gcuid dearcthaí maidir le saincheisteanna sonracha. Ba í an inimirce an t-ábhar a spreag an t-achrann is mó a braitheadh.

Ábhar Toghcháin Áitiúla An tOlltoghchán
Inimirce 71%64%
Saincheisteanna LADTA+ 31%33%
Saincheisteanna a bhaineann do mhná 24%46%
Tithíocht 23%33%
Dearcthaí i leith an chomhshaoil 20%23%

An tionchar ar fholláine na n-iarrthóirí

Nuair a iarradh ar iarrthóirí cé acu a bhí nó nach raibh tionchar suntasach ag na heispéiris dhiúltacha ar líne ar a bhfolláine shíceolaíoch agus ar a straitéisí feachtais, tuairiscíodh rátaí arda d’imní, go háirithe i measc ban-iarrthóirí.

Grúpa Beagáinín imníoch nó eaglach An-imníoch nó an-eaglach Beagáinín imníoch nó eaglach nó an-imníoch nó an-eaglach
Toghcháin Áitiúla
Gach Iarrthóir 47%15%62%
Bean 50%22%72%
Fear45%9%54%
Olltoghchán
Gach Iarrthóir 49%18%67%
Bean 71%14%85%
Fear36%20%56%

Bacainní ar eispéiris dhiúltacha a thuairisciú

Cé gur tuairiscíodh gur ard a bhí leibhéal agus raon na drochíde spriocdhírithe ar líne, níor chomhdaigh ach mionlach de na hiarrthóirí tuairiscí leis na hardáin óstála.

Léirigh 42% de na freagróirí is iarrthóirí sna toghcháin áitiúla agus 31% de na hiarrthóirí san olltoghchán a bhí thíos le hiompair ábhartha ar líne go raibh tuairisc déanta acu, nó ag duine thar a gceann, chuig ardán amháin ar a laghad.

An tOlltoghchán: I gcás thart ar 7 as 10 n-iarrthóir ar bhain iompraíochtaí diúltacha ar líne dóibh, níor thuairiscigh siad do na hardáin iad.

Toghcháin áitiúla: I gcás thart ar 6 as 10 n-iarrthóir ar bhain iompraíochtaí diúltacha ar líne dóibh, níor thuairiscigh siad do na hardáin iad.

Cúiseanna nár tuairiscíodh?

I measc na gcúiseanna a tugadh nár tuairiscíodh na hiompair sin bhí:

  • sceipteachas go ndéanfadh ardáin beart fiúntach,
  • srianta ama le linn feachtas gnóthach,
  • dí-íogrú i leith naimhdeas ar líne agus
  • mian meon dearfach a choinneáil.

Léigh an Tuarascáil