Comhairliúcháin
Féach na comhairliúcháin phoiblí reatha agus na comhairliúcháin phoiblí a rinneadh le déanaí.
Liostaítear na comhairliúcháin a fhoilsítear ó mhí na Samhna 2024 ar aghaidh. Is féidir teacht ar gach comhairliúchán eile roimh an dáta sin sa rannán Nuachta.
Dréachtrialacha Eorpacha le haghaidh seirbhísí meán closamhairc ar-éileamh
Stádas: Oscáilte
Dáta tosaigh: 29 Aibreán 2026
D’oscail Coimisiún na Meán comhairliúchán poiblí maidir lena Dhréachtrialacha Eorpacha le haghaidh seirbhísí meán closamhairc ar-éileamh. Is éard is cuspóir le Dréachtrialacha Eorpacha le haghaidh seirbhísí físeáin-ar-éileamh ná tacú le héagsúlacht chultúrtha agus le earnáil chlosamhairc na hEorpa agus iad a chur chun cinn chomh maith.
Dáta deiridh: 10 Meitheamh 2026
Tionscnamh maoinithe chun tacú le Teilifís Tráchtála Neamhspleách
Stádas: Dúnta
Dáta tosaigh: 2 Deireadh Fómhair 2025
D’oscail Coimisiún na Meán comhairliúchán poiblí ar tionscnamh maoinithe chun tacú le Teilifís Tráchtála Neamhspleách. Is é an chúis go bhfuiltear ag dul i mbun comhairliúcháin ar dhoiciméad na Scéime ná chun tuairimí na bpáirtithe leasmhara a fháil faoi chuspóirí agus paraiméadair na scéime agus faoin gcaoi a reáchtálfar í.
Dáta deiridh: 31 Deireadh Fómhair 2025
Ordú Tobhaigh 2026
Stádas: Dúnta
Dáta tosaigh: 3 Meán Fómhair
Osclaíodh comhairliúchán poiblí maidir lenár nOrdú Tobhaigh 2026. Ceadaíonn an tOrdú Tobhaigh do Choimisiún na Meán tobhaigh airgeadais a ghearradh ar sholáthraithe seirbhíse chun a gcaiteachas a thabhaítear agus a riachtanais chaipitil oibre a chlúdach.
Dáta deiridh: 1 Deireadh Fómhair 2025
Dréacht-Bheartas um Iolrachas na Meán
Stádas: Dúnta
Dáta tosaigh: 1 Meán Fómhair
Tá sé i gceist leis an mBeartas soiléireacht a thabhairt ar thuiscint Choimisiún na Meán ar iolrachas na meán, agus conas a threoróidh iolrachas na meán gníomhaíochtaí na heagraíochta.
Dáta deiridh: 24 Deireadh Fómhair 2025
Dréacht-Ráiteas Straitéise
Stádas: Dúnta
Dáta tosaigh: 6 Samhain 2024
Cuireadh tús leis an gcomhairliúchán poiblí ar ár gcéad Ráiteas Straitéise. Leagtar amach sa dréacht-Straitéis fís, misean agus torthaí straitéiseacha Choimisiún na Meán, mar aon le huirlisí seachadta agus cumasóirí straitéiseacha.
Dáta deiridh: 4 Nollaig 2024