Soláthair
Faisnéis maidir le soláthar
Cloíonn Coimisiún na Meán le treoracha éagsúla de chuid an Aontais Eorpaigh agus le roinnt treoirlínte náisiúnta éagsúla maidir le soláthar earraí agus seirbhísí. Is féidir breathnú ar na Treoracha maidir le soláthar poiblí ar Mhapa Suímh an Aontais Eorpaigh. Is í an Oifig um Sholáthar Rialtais a fhoilsíonn Treoirlínte um Sholáthar Poiblí.
Ní mór fógraíocht a dhéanamh ar gach soláthar earraí agus seirbhísí lena mbaineann luach measta os cionn €50,000 (gan CBL san áireamh) agus faoi bhun thairseach €213,000 an Aontais Eorpaigh (AE) ar an suíomh gréasáin https://www.etenders.gov.ie/epps/home.do. Is lárshaoráid é seo do gach údarás conraitheoireachta san earnáil phoiblí ar ar féidir leo fógraíocht a dhéanamh ar dheiseanna soláthair agus bronntar conarthaí de réir Threoirlínte Náisiúnta um Sholáthar Poiblí.
Ní mór fógraíocht a dhéanamh ar gach soláthar earraí agus seirbhísí lena mbaineann luach measta os cionn €50,000 (gan CBL san áireamh) agus faoi bhun thairseach €213,000 an Aontais Eorpaigh (AE) ar an suíomh gréasáin etenders.gov.ie. Is lárshaoráid é seo do gach údarás conraitheoireachta san earnáil phoiblí ar ar féidir leo fógraíocht a dhéanamh ar dheiseanna soláthair agus bronntar conarthaí de réir Threoirlínte Náisiúnta um Sholáthar Poiblí.
Ní mór fógraíocht a dhéanamh ar gach conradh lena mbaineann luach measta os cionn thairseach €213,000 an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (IOAE). Bronntar conarthaí de réir fhorálacha Threoir an Aontaigh Eorpaigh maidir le Soláthar Poiblí 2014/24/AE. Cuireadh an treoir seo chun feidhme i ndlí na hÉireann le Rialacháin an Aontais Eorpaigh.
Tugtar aghaidh ar chonarthaí agus/nó ar chaiteachas ar earraí agus seirbhísí faoi bhun thairseach €50,000 an tsoláthair de réir threoirlínte agus chiorcláin faoi bhun tairsí.
Nuair a dhúntar comórtas tairisceana foilsithe, foilsítear fógra faoi dhámhachtain conartha ar etenders.gov.ie agus, i gcás comórtais os cionn tairsí, ar shuíomh gréasáin IOAE TED ag ted.europa.eu.
Nósanna imeachta íocaíochta praise
Táimid tiomanta do gach iarracht a dhéanamh ár soláthraithe a íoc go pras. Is féidir le soláthraithe cabhrú trína chinntiú go soláthraíonn siad:
- Sonraisc chearta
- Sonraí cruinne an chuntais bainc
- Trína chinntiú go bhfuil do stádas Imréitigh Cánach le Coimisinéirí Ioncaim na hÉireann cothrom le dáta
Tá sé mar aidhm againn soláthraithe a íoc laistigh de 15 lá ó shonrasc bailí a fháil ar earraí nó ar sheirbhísí. Mar sin féin, de réir Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Íocaíocht Dhéanach in Idirbhearta Tráchtála) 2012 (SI 508/2012) íocfaidh Coimisiún na Meán táille le soláthraí má dhéantar íocaíocht tar éis 30 lá.
Tuarascálacha íocaíochta
Foilsíonn Coimisiún na Meán tuarascálacha íocaíochta maidir le híocaíochtaí gach ráithe. Tá na tuarascálacha íocaíochta seo liostaithe thíos.
Tuarascálacha staitistiúla ráithiúla ina léirítear ár bhfeidhmíocht maidir le híocaíochtaí prasa
2025
2024
2023
Sonraí Orduithe Ceannaigh
Caithfidh Coimisiún na Meán tuarascálacha ar líne ina dtugtar sonraí Orduithe Ceannaigh a bhaineann le hearraí, seirbhísí nó oibreacha a fuarthas a raibh luach os cionn €20,000 ag baint leo. Tá na Sonraí Orduithe Ceannaigh liostáilte thíos: