Stádas mar Chomharthóir Iontaofa bronnta ar thrí eagraíocht nua

D’fhógair Coimisiún na Meán inniu (25.06.2026) an cinneadh chun stádas mar Chomharthóir Iontaofa a bhronnadh ar Irish Internet Hotline (IIH), ar Irish Music Rights Organisation (IMRO) agus ar Jewish Representative Council of Ireland (JRCI). Beidh na comhlachtaí in éineacht le Banc Ceannais na hÉireann ar bronnadh stádas mar Chomharthóir Iontaofa air faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha (GSD) i mí Aibreáin anuraidh.

Beidh na trí Chomharthóir Iontaofa a creidiúnaíodh den chéad uair freagrach as ábhar mídhleathach a leagtar amach thíos a thuairisciú d’ardáin ar líne:

  • Irish Internet Hotline (IIH) – ábhar drochúsáide gnéasaí leanaí, comhroinnt íomhánna dlúthphearsanta neamhthoiliúil, ciníochas, seineafóibe agus sceamáil agus calaois airgeadais.
  • Irish Music Rights Organisation (IMRO) – sárú cóipchirt, agus béim ar leith ar chóipcheart ceoil agus liricí.
  • Jewish Representative Council of Ireland (JRCI) – ábhar mídhleathach frithsheimíteach.

Faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, tá sé de chumhacht ag Coimisiún na Meán mar an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha in Éirinn stádas mar Chomharthóir Iontaofa a bhronnadh ar eintitis a bunaíodh in Éirinn a shásaíonn coinníollacha áirithe.

Tá sé de chumhacht ag Comharthóirí Iontaofa fógra a thabhairt faoi ábhar mídhleathach laistigh dá réimse saineolais d’ardáin ar líne a bhfuil oibleagáid dhlíthiúil ansin orthu a chinntiú go dtugtar tosaíocht do na fógraí sin agus go ndéantar cinneadh ina leith gan moill mhíchuí. Ní dhearbhaítear le stádas mar Chomharthóir Iontaofa, áfach, go mbainfear ábhar anuas. Ina ionad sin, cuireann sé modh mear ar fáil don ardán maidir le hábhar mídhleathach a thuairisciú. Aithnítear eintitis ar bronnadh an stádas mar Chomharthóir Iontaofa orthu ar fud an Aontais.

Is é a dúirt John Evans, an Coimisinéir um Sheirbhísí Digiteacha: “Trí na heagraíochtaí sin a chumhachtú le stádas mar Chomharthóir Iontaofa, déanaimid tionchar ár gcreata rialála a uasmhéadú chun díobháil ar líne don phobal a íoslaghdú. Trí oibriú i gcomhar, leanaimid d’éiceachóras a fhorbairt lena dtacaítear lenár sainordú maidir le sábháilteacht ar líne a bhaint amach. Cuideoidh an tuairisciú ó Chomharthóirí Iontaofa freisin le sainaithint treochtaí agus saincheisteanna Choimisiún na Meán trí bhíthin tuarascálacha bliantúla a bheidh lárnach chun cur chuige eolach fianaisebhunaithe a leagan síos i leith ár maoirseacht ar ardáin ar líne.”

Faoi Airteagal 22 de GSD, is féidir stádas mar Chomharthóir Iontaofa a bhronnadh ar eintitis a shásaíonn na coinníollacha a leanas:

  • Tá saineolas agus inniúlacht shonrach aige chun críocha inneachar neamhdhleathach a aimsiú, a shainaithint agus a chur in iúl;
  • Tá sé neamhspleách ar aon soláthraí ardán ar líne;
  • Tugann sé faoina ghníomhaíochtaí chun críocha fógraí a chur isteach go díograiseach, go beacht agus go hoibiachtúil.

Bronnadh stádas mar Chomharthóir Iontaofa ar IMRO, IIH agus JRCI as seo go ceann trí bliana. Féadfar an stádas sin a athbhreithniú agus a chúlghairm más gá. Ach a mbeidh an tréimhse chreidiúnaithe imithe in éag, déanfar athmheas ar stádas an Chomharthóra Iontaofa agus, i gcás inarb iomchuí, bronnfar an athuair é.

Déanann Comharthóirí Iontaofa a gcuid gníomhaíochtaí comharthóra go neamhspleách ar Choimisiún na Meán. Is féidir teacht ar níos mó eolais maidir le ról an Chomharthóra Iontaofa agus oibleagáidí na n-ardán ar líne i ndáil le fógraí arna n-eisiúint ag Comharthóirí Iontaofa ar ár leathanach Comharthóirí Iontaofa tiomanta.